‘Lucht séanta ghéarchéim na Gaeilge ag seachaint na fírinne’ – Seán Ó Cuirreáin

Dúirt an t-iarchoimisinéir teanga inné nár léiríodh aon phráinn ná aon tuiscint gurb é seo tráth na géarchéime nuair a foilsíodh figiúirí Dhaonáireamh 2016

‘Lucht séanta ghéarchéim na Gaeilge ag seachaint na fírinne’ – Seán Ó Cuirreáin

Tá ráite ag an iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin nach raibh de fhreagra ag lucht ceannais ar an drochscéala faoin nGaeilge i nDaonáireamh 2016 ach glacadh go “patuar” leis nó an fhianaise “a shéanadh ar fad”.

Bhí Ó Cuirreáin ag labhairt ag comhdháil Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga in Caerdydd sa Bhreatain Bheag, mar ar thug sé óráid uaidh ag ócáid a eagraíodh in ómós don Dr Peadar Ó Flatharta, an fear léinn as Conamara a bhásaigh anuraidh.

Dúirt Ó Cuirreáin gur cinnte gur mhór an díomá a bheadh ar Pheadar Ó Flatharta, a thug cuid mhór dá shaol ag saothrú ar son na Gaeilge agus cearta teanga, an easpa práinne a bhí le brath i bhfreagra na n-údarás ar an scéal gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa Ghaeltacht le cúig bliana anuas.

“Seachas aon rud eile, thabharfadh Peadar suntas don scéal nár lean aon suaitheadh mór foilsiú na fianaise eolaíche seo agus gur ar éigean go raibh gíog ná míog as éinne fúithi.

“Ní raibh aon chaint faoi athbhreithniú radacach a dhéanamh ar an bpolasaí atá faoi láthair ann, níor tionóladh aon mheitheal speisialta smaointe; ní raibh aon phráinn i gceist ná aon tuiscint gurb é seo tráth na géarchéime.

“Seachas sin, glacadh go patuar leis an scéal nó séanadh ar fad an fhianaise. In áit dul i ngleic le fírinne an scéil, ba é an dearcadh a bhí ag lucht ceannais ná ‘níl tada le feiceáil anseo, tá sé in am bogadh ar aghaidh’ agus leanadh leis an insint chúng ar an scéal agus leis an lagdhóchas go dtiocfadh feabhas ar chúrsaí sa chéad daonáireamh eile!”

Dúirt Ó Cuirreáin go raibh údar maith ag Peadar Ó Flatharta imní a bheith air faoina raibh i ndán don Ghaeilge agus dúirt an t-iarchoimisinéir teanga gur boichte go mór sinn d’uireasa “géire intleachta” an Fhlathartaigh agus “a fhíorchumas i mbun anailíse”.

Mhaígh Ó Cuirreáin gur géire ná riamh a theastaigh a leithéid “tráth seo na géarchéime do theanga náisiúnta na hÉireann”.

Tagann ráiteas an iarchoimisinéara faoin bhfreagra “patuar” a tugadh ar thorthaí an daonáirimh sna sála ar dhiúltú Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne Dé Máirt glacadh leis go bhfuil a leithéid de “géarchéim” ann maidir le cás na Gaeilge.

Ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Dé Máirt, dhiúltaigh an tAire Stáit scun scan a rá go raibh “géarchéim” ann.

Ag cruinniú sin an Mháirt, d’iarr Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, trí huaire ar an Aire an nglacfadh sé leis go raibh “géarchéim” ann maidir le cás na teanga.

Dúirt an tAire Stáit nár aontaigh sé go raibh géarchéim ann, ach ghéill sé go raibh sé “soiléir” go raibh “deacrachtaí” roimh an teanga. Bhíothas ag dul i ngleic leis na deacrachtaí sin, a dúirt sé.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin in Caerdydd inné gur chreid Peadar Ó Flatharta nár cheart riamh an fhírinne faoi staid na teanga a sheachaint “taitníodh sí leat nó ná taitníodh”.

“Chreid sé [Peadar Ó Flatharta] gur chóir go mbeadh an phleanáil teanga, ach an oiread le pleanáil de chineál ar bith eile, fréamhaithe go domhain sa taighde eolasbhunaithe seachas i mbaothchaint nó anailís leisciúil. Ghlac sé col i gcónaí le hiarracht ar bith an dóchas gan údar a scaipeadh,” a dúirt Ó Cuirreáin.