Lucht rugbaí ag éirí fiosrach faoi phleananna Schmidt

Tá bunchloch iontach ann do shárchluiche rugbaí idir Éire agus an Afraic Theas an Satharn seo

Lucht rugbaí ag éirí fiosrach faoi phleananna Schmidt

Joe Schmidt. Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Is iondúil go mbaineann foireann bhainistíochta rugbaí na hÉireann leas as cluichí idirnáisiúnta na Samhna le réiteach a dhéanamh don chomórtas Sé Náisiún a bhíonn á imirt sa mbliain nua. Ach an babhta seo, léiríonn cinneadh Joe Schmidt gan imreoir chomh maith le Simon Zebo a roghnú do phainéal an Fhómhair gurb é an comórtas domhanda a bheas á imirt sa tSeapáin in 2019 an sprioc atá aige agus gur sa dara háit atá an comórtas Sé Náisiún aige faoi láthair.

Dúirt Schmidt nach bhfuil polasaí ag an IRFU a chuireann cosc air imreoirí atá ag imirt thar lear a roghnú, mar sin is deacair an cinneadh i leith Zebo a thuiscint. Beidh an cúlaí a bhfuil cáil dhomhanda air fós ag imirt leis an Muimhnigh go dtí deireadh an tséasúir rugbaí seo, agus ansin a aistreoidh sé go dtí club éigin sa bhFrainc. Go deimhin ní rófhada as Baile Átha Cliath atá Páras ná ceann ar bith d’ionaid rugbaí na Fraince.  Ní raibh deacrachtaí ag Johnny Sexton an dá thrá a fhreastal nuair a bhí seisean ag imirt do Racing. Ach sin é cinneadh Joe Schmidt faoi láthair ar aon chaoi, rud a fhágann muid ar fad fiosrach faoina chuid pleananna fadtéarmacha.

Spreag cinneadh Schmidt faoi Zebo agus cúpla imreoir eile, Tiernan O’Halloran mar shampla, go leor plé i measc lucht leanta rugbaí na hÉireann maidir le roghanna an bhainisteora amach anseo.  Is deacair a shamhlú gurb é Rob Kearney a bheas ag imirt mar lánchúlaí faoi 2019 ach is léir go bhfuil sé san áireamh ag Schmidt, faoi láthair ar aon chaoi. 

Is féidir an cheist chéanna a chur maidir le cúpla ionad eile. Ní dóigh go mbeidh Rory Best ná Devon Toner i mbarr a réime i measc na dtosaithe faoi cheann dhá bliain eile. Tá ráfla freisin ann go bhfuil rás Jamie Heaslip rite de bharr gortú droma. Cé a bheas mar chéad rogha prapaireachta lár páirce faoi 2019, Henshaw, agus cé eile? Aki a bheidh ag dul chun páirce leis an babhta seo, in áit Keith Earls, atá gortaithe.

Seans nach mbeidh freagraí na gceisteanna sin ar fáil againn roimh dheireadh Chomórtas na Sé Náisiún 2019 ach beidh neart leidí á bhfáil againn ó chluiche an tSathairn seo i gcoinne na hAfraice Theas ar aghaidh.

Níl an Rugby Championship, comórtas rugbaí an limistéir theas, an ceann ina n-imríonn an Afraic Theas ach críochnaithe, rud a thugann buntáiste maidir le réamhullmhúchán dóibh agus iad ag cur tús le cuairt cheithre chluiche ar an limistéar seo.

Bhí an lá leis na Gaeil (29-15) an uair dheiridh ar imir siad an Afraic Theas san Aviva trí bliana ó shin. Thug Éire cuairt trí chluiche ar an Afraic Theas i Samhradh na bliana 2016 ach níor éirigh leo foireann an bhaile a chloí ach i gcluiche amháin. Má chuireann tú sin agus an brú atá ar imreoirí na hÉireann a bheas ag iarraidh chuile leas a bhaint as an deis seo agus iad ar thóir áit ar phainéal an Choirn Dhomhanda san áireamh, tá bunchloch iontach ann do shárchluiche rugbaí an Satharn seo.

Fág freagra ar 'Lucht rugbaí ag éirí fiosrach faoi phleananna Schmidt'