Lucht féachana níos mó ag TG4 do na cluichí idirchúige ná mar a bhí ag Sky agus BBC

Bhí lucht féachana breis agus 100,000 ag TG4 do na cluichí rugbaí idirchúige a craoladh ar an stáisiún le linn na Nollag, níos mó ná mar a bhí ag Sky Sports agus an BBC agus iad ag craoladh na gcluichí céanna

Máire Treasa Ní Cheallaigh 31/10/2014

Bhreathnaigh beagnach ceithre oiread an méid daoine ar bheochraoladh TG4 ar an gcluiche rugbaí idir Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar an 27 Nollaig agus a bhreathnaigh ar an gcraoladh Béarla ar Sky Sports an oíche chéanna.

De réir na bhfigiúirí féachana is déanaí don lucht féachana i bPoblacht na hÉireann, d’fhéach 127,000 duine, ar an meán, ar an gcluiche ar TG4. Meánlucht féachana de 35,000 a bhí ag Sky Sports 4 don chluiche céanna.

Cé go bhfuil sé de buntáiste ag TG4 nach bhfuil síntiús ag teastáil chun breathnú air, mar atá ag teastáil i gcás Sky, fuair an stáisiún Gaeilge an ceann is fearr freisin ar an BBC, agus an dá stáisiún ag craoladh an chluiche idir Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh ar Lá Fhéile Stiofáin.

Bhí meánlucht féachana de 74,000 ag TG4 don choimhlint, beagnach 20,000 duine níos mó ná mar a mheall BBC2 don chluiche céanna.

RaboDirect PRO12 26/10/2012 Munster vs Zebre General view of the TG4 presenters Mandatory Credit ©INPHO/Dan Sheridan
©INPHO/Dan Sheridan

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí ó TG4 go dtacaíonn na figiúirí seo le dearcadh an stáisiúin gur cheart go mbeadh ócáidí móra spóirt á gcraoladh saor in aisce ar an teilifís.

“’Séard a thaispeánann na figiúirí seo dúinn ná go bhfuil teilifís shaorchraolta ag gach duine, go bhfuil éileamh mór ar na cluichí móra spóirt seo agus nach bhfuil sé ceart dá mbeadh ar an bpobal táille a íoc chun na hócáidí seo a fheiceáil ar an teilifís.

“Rud eile a dheimhníonn na figiúirí ná nach bac ar an lucht féachana í an Ghaeilge. Nuair atá muid i mbun cumarsáide leis na heagraíochtaí a bhíonn ag díol na gcearta, is féidir linn a thaispeáint dóibh nach gcuireann sé as do dhaoine nuair atá an craoladh á dhéanamh trí mheán na Gaeilge.”

Dúirt an t-urlabhraí gur tháinig ardú ar líon na ndaoine a bhí ag breathnú ar an stáisiún le linn thréimhse na Nollag le hais na bliana seo caite.

“Tá muid sásta le líon na ndaoine a bhí ag féachaint ar an stáisiún. Bhí na figiúirí níos airde ná mar a bhí siad anuraidh don deich lá thar an Nollaig. Tá an margadh teilifíse fós an-dian ach ní fhéadfá ach a bheith sásta nuair a thagann ardú ar an lucht féachana.”

Fág freagra ar 'Lucht féachana níos mó ag TG4 do na cluichí idirchúige ná mar a bhí ag Sky agus BBC'