Lucht Chultúrlann Bhéal Feirste san iomaíocht chun an foirgneamh a cheannach

Agus é tagtha chun solais go bhfuil an foirgneamh ina bhfuil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich le díol, deir lucht na Cultúrlainne féin go bhfuil siad chun iarracht a dhéanamh é a cheannach

Lucht Chultúrlann Bhéal Feirste san iomaíocht chun an foirgneamh a cheannach

Tá iarratas á chur le chéile ag bord Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an lárionad cultúrtha iomráiteach i mBéal Feirste a cheannach agus é tagtha chun solais go bhfuil an foirgneamh á chur ar díol ar an mhargadh oscailte.

Meastar go bhfuil luach £625,000 á chur ar an fhoirgneamh agus go bhfuil cuibhreannas ón earnáil pobail, dream atá ag plé leis an bhfiontraíocht shóisialta agus infheisteoir príobháideach amháin i measc na ndreamanna a bhfuil suim léirithe acu san fhoirgneamh a cheannach.

Is iad Springfield Charitable Association (SCA) úinéirí an fhoirgnimh, seaneaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathain ar Bhóthar na bhFál, agus tá cinneadh déanta ag bord na heagraíochta sin foirgneamh na Cultúrlainne a dhíol chun ionad nua den scoth do sheandaoine a thógáil ar Shráid Cupar, gar don bhalla síochána idir Bóthar na Seanchille agus Bóthar na bhFál.

Bheadh an t-ionad go mór ar leas an phobail sa cheantar agus tá an Chultúrlann ag tacú go hiomlán leis an phlean a leithéid a fhorbairt.

Thug lucht na Cultúrlainne le fios do Tuairisc.ie inniu, áfach, go bhfuil suim acu féin an foirgneamh a cheannach.

“Tá an-áthas orainn an deis seo a bheith againn an foirgneamh iomlán a cheannach agus tá na céimeanna éagsúla i dtreo na sprice sin á dtógáil againn faoi láthair,” arsa Aisling Ní Labhraí, Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Cultúrlainne.

“Bheadh sé ina acmhainn iontach dá mbeadh an foirgneamh i seilbh phobal na Gaeilge. Tá muid cinnte go mbeidh pobal na Cultúrlainne agus pobal na Gaeilge araon ag tabhairt lán tacaíochta dúinn inár n-iarrachtaí an foirgneamh a cheannach,” arsa Ní Labhraí.

Tá an Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál ina ionad cultúrtha ó 1991 nuair a ghlac meitheal faoi stiúir Shéamuis Mhic Sheáin agus Ghearóid Uí Chairealláin an léas ar an fhoirgneamh ó Springfield Charitable Association.

Mar sin, tá an Chultúrlann ag feidhmiú le 25 bliain anuas ag 216 Bóthar na bhFál agus le linn na tréimhse sin cuireadh spás agus tacaíocht ar fáil ann do Mheánscoil Feirste (Coláiste Feirste), don nuachtán , d’Aisling Ghéar, d’Aisteoirí Aon Dráma, do Raidió Fáilte agus do go leor fiontar Gaeilge eile.

Tá Meánscoil Feirste anois bogtha go suíomh nua thart ar 200 slat ón Chultúrlann agus í i bhfoirgneamh nua-aimseartha.

Tá foirgneamh nua á thógáil le haghaidh Raidió Fáilte gar do lár na cathrach agus tá comhlachtaí eile a bhíodh sa Chultúrlann tar éis fás agus áitribh nua faighte acu.

In 2011, d’oscail Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, síneadh nua leis an ionad, athchóiriú a chosain breis is £1 milliún agus a chuir dánlann nua leis an ionad mar aon le háiseanna eile a athchóiriú.

Faoi láthair tá an siopa leabhar, An Ceathrú Póilí, an bhialann, Bia, dhá dhánlann, amharclann agus suas le leathdhosaen fiontar eile lonnaithe san fhoirgneamh – ina measc comhlacht léirithe teilifíse, Macha Media, an iris stíl bheatha ar líne Nós, an compántas amharclainne Aisling Ghéar, agus an crannchur carthanachta, Taca.

Fág freagra ar 'Lucht Chultúrlann Bhéal Feirste san iomaíocht chun an foirgneamh a cheannach'