Lucht an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge ‘ag glacadh leis’ go mbeidh impleachtaí ag an gCaighdeán Nua dá saothar

Ní raibh ionadaí ó fhoireann an Fhoclóra ar an gcoiste a bhí ag plé leis an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil

Foclóir-cropped3

foireann an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge “ag glacadh leis” go mbeidh athruithe le déanamh ar an bhfoclóir nuair a thiocfaidh an t-eagrán is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil amach an tseachtain seo chugainn.

Ceann de na gnéithe is mó a mbeidh spéis ag lucht teanga ann nuair a sheolfar an Caighdeán ná cé chomh dílis dá chéile is a bheidh an cháipéis nua agus an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, agus cén réiteach a bheidh ar aon neamhréir.

Ní raibh ionadaí ó fhoireann an Fhoclóra ar an gcoiste a bhí ag plé leis an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil agus is “beag ionchur” a bhí ag an bhfoireann san athbhreithniú bharr, a dúirt Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir an fhoclóra nua, le Tuairisc.ie.

Dúirt Ó Mianáin, go mbeidh an Caighdeán Nua á chíoradh aige féin agus a fhoireann nuair a thiocfaidh sé amach Dé Céadaoin seo chugainn.

“Is é an chéad rud a bheidh orainn a dhéanamh ná an Caighdeán Nua a chíoradh agus na hathruithe idir an treoir stíle atá againne agus an leagan nua seo a aithint. Cuireadh an treoir stíle i bhfeidhm go leanúnach agus an Foclóir á chur i dtoll a chéile agus glacfaidh sé tamall na difríochtaí ar fad a aithint.

“Ní féidir rud ar bith eile a rá anois dáiríre, mar níl a fhios againn cad é atá ann. Ní thig linn a rá anois cad iad na difríochtaí agus cé na hathruithe a bheidh le cur i bhfeidhm. Tá seans go mbeidh go leor de ag teacht leis an treoir stíle agus seans eile nach mbeidh,” a dúirt sé.

Dúirt an Mianánach go bhfuil súil aige go bhfuil na hathruithe idir an leagan is déanaí den Chaighdeán agus na leaganacha eile a tháinig roimhe seo “marcáilte go soiléir” sa Chaighdeán athbhreithnithe ionas go mbeidh foireann an Fhoclóra agus daoine eile in ann iad a aithint gan dua.

“Tá go leor rudaí ag brath ar an leagan amach a bheidh ar an gCaighdeán Nua mar cháipéis mar beidh orainn comparáid a dhéanamh idir na leaganacha éagsúla. Bhí an t-eagrán roimhe seo leagtha amach go deas mar sin tá súil againn go mbeidh an t-eagrán seo soléite.

“Tá foinsí difriúla i dtaca na gramadaí in úsáid ag dreamanna éagsúla. Tá an foclóir s’againne bunaithe ar Fhoclóir Uí Dhónaill ach tá athruithe tagtha i bhfeidhm ó cuireadh é sin amach,” a dúirt sé.

Dúirt sé go dtógfadh an obair athbhreithnithe ar an bhfoclóir tamall agus go mbeadh sé ag brath ar acmhainní foirne. Tá beirt fostaithe ag an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge go lánaimseartha agus bíonn daoine eile ag teacht agus ag imeacht ar chonarthaí sealadacha agus ag obair ar bhonn páirtaimseartha, a dúirt Ó Mianáin.

“Tá an leagan nua ag teacht amach i lár an tsamhraidh, agus beidh go leor daoine a bhíonn ag obair ar an bhFoclóir ar saoire sna seachtainí amach romhainn, mé féin san áireamh. Tá muid gafa le rudaí eile faoi láthair freisin, tá cuardach Gaeilge á fhorbairt againn ar an bhFoclóir le cur leis an suíomh agus tá sin le réiteach roimh dheireadh na míosa seo. Is í an chloch is mó ar ár bpaidrín faoi láthair ná nach mbeidh aon lúb ar lár sa chuardach sin,” a dúirt sé.

Thug Ó Mianáin le fios do Tuairisc.ie nach raibh ionadaí ó fhoireann an Fhoclóra ar an gcoiste a bhí ag plé leis an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1958, agus gur “beag ionchur” a bhí ag an bhfoireann san athbhreithniú bharr.

“Ní raibh muid páirteach sa phróiseas, agus is beag ionchur a bhí againn. Chuir muid aighneacht isteach nuair a thosaigh an t-athbhreithniú ach i ndáiríre ní raibh aon rannpháirtíocht san athbhreithniú ag an nGúm ná ag an bhFoclóir. Níl muid in ann aon tuar a dhéanamh maidir leis.

“Seo an ceathrú leagan, de facto, den Chaighdeán Oifigiúil a bhí ann i saolré an Fhoclóra. Bhí eagrán ’58 i bhfeidhm nuair a thosaigh muid, ansin tháinig athbhreithniú 2012 agus caighdeán athbhreithnithe Roinn na Gaeltachta agus anois an t-eagrán seo. Bíonn impleachtaí móra le haon athrú a dhéantar agus ní mór dúinn súil a choinneáil air go leanúnach. Glacaim leis go mbeidh athruithe le déanamh ach is í an cheist ná ‘céard iad na príomh-impleachtaí?” a dúirt sé.

Dúirt Ó Mianáin go ndearnadh iarracht leis an bhFoclóir Nua teacht leis an “gcleachtas beo” maidir le rialacha gramadaí agus cúrsaí téarmaíochta. Mhaígh sé gur iondúil go mbíonn an Caighdeán Oifigiúil “coimeádach” ó thaobh rialacha gramadaí.

“Bíonn an Caighdeán níos coimeádaí an cleachtas beo go hiondúil. An mbeidh an ceann seo difriúil? An mbogfaidh siad i dtreo chaint na Gaeltachta? Sin iad na ceisteanna a fhreagrófar nuair a fhoilseofar an Caighdeán an tseachtain seo chugainn agus beidh na freagraí spéisiúil,” a dúirt sé.