Lorg comhalta boird atá ar fionraí ag Foras na Gaeilge comhairle an Choimisnéara Teanga faoina cheart plé leis an bhForas i mBéarla

Dúirt Éamonn Ó Gribín le Tuairisc.ie gur iarr sé ar an bhForas comhfhreagras a bhaineann lena thréimhse fionraíochta a chur ar fáil i mBéarla sa chaoi is go mbeadh an dlíodóir atá aige in ann iad a thuiscint

Lorg comhalta boird atá ar fionraí ag Foras na Gaeilge comhairle an Choimisnéara Teanga faoina cheart plé leis an bhForas i mBéarla

An Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill

Lorg an comhalta boird de chuid Fhoras na Gaeilge atá curtha ar fionraí fad is atá gearán faoi á fhiosrú comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga maidir lena cheart reachtúil cumarsáid a dhéanamh leis an bhForas i mBéarla.

Dúirt Éamonn Ó Gribín le Tuairisc.ie gur iarr sé ar an bhForas comhfhreagras agus cáipéisí eile a bhaineann lena thréimhse fionraíochta a chur ar fáil i mBéarla sa chaoi is go mbeadh an dlíodóir atá aige in ann iad a thuiscint. Deir Ó Gribín nár éirigh leis, ceal ama, dlíodóir le dóthain Gaeilge a fháil lena chás a phlé sa teanga sin.

Dhiúltaigh Foras na Gaeilge na cáipéisí agus an comhfhreagras a chur ar fáil i mBéarla.

Lorg Ó Gribín comhairle ó Oifig an Choimisinéara Teanga i taobh cumarsáid i scríbhinn a dhéanamh i mBéarla le Foras na Gaeilge.

Ba í an chomhairle a thug an Oifig sin dó gur faoi féin a bheadh sé a rogha teanga den dá theanga oifigiúil a úsáid le comhlacht poiblí más thar a cheann féin a bhí sé i mbun cumarsáide leis ach go gcaithfeadh sé teanga oibre na heagraíochta a úsáid más thar ceann na heagraíochta nó thar ceann aon chuid den eagraíocht a bhí [sé] ag scríobh.

De réir Alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, i gcás ina ndéanfaidh duine cumarsáid i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach, tá dualgas ar an gcomhlachtaí poiblí an chumarsáid sin a fhreagairt sa teanga oifigiúil céanna.

Is féidir le haon duine den phobal cinneadh a dhéanamh a gcuid cumarsáide i scríbhinn a dhéanamh trí Ghaeilge nó trí Bhéarla le comhlacht poiblí agus caithfidh an comhlacht poiblí sin córas a bheith i bhfeidhm acu le déileáil leis an gcumarsáid sin i rogha teanga an bhaill den phobal atá i gceist.

Dúirt Ó Gribín nár thuig sé cén fáth ar dhiúltaigh an Foras cead dó an chumarsáid a dhéanamh i mBéarla leo sa chás seo agus mhaígh sé go mbíonn na duillíní pá a fhaigheann sé ón bhForas féin i mBéarla.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, tá sé curtha i leith Éamoinn Uí Ghribín i litir ghearáin go raibh ‘mí-iompar tromchúiseach’ ar bun aige agus é ar cuairt ag oifigí na heagraíochta Gaelscoileanna Teo i mí an Mheithimh.

Tá na líomhaintí seo séanta as éadan ag Éamonn Ó Gribín, atá ar thréimhse fionraíochta faoi láthair fad is atá an gearán á fhiosrú.

Cé nach raibh Ó Gribín sásta sonraí na líomhaintí a phlé le Tuairisc.ie, mhaígh sé go raibh iarracht ar bun ag Foras na Gaeilge é a chur ina thost agus é a stopadh ó bheith ag “gníomhú mar bhall éifeachtach den bhord”.

Séanann Foras na Gaeilge na líomhaintí

Fág freagra ar 'Lorg comhalta boird atá ar fionraí ag Foras na Gaeilge comhairle an Choimisnéara Teanga faoina cheart plé leis an bhForas i mBéarla'