Londonderry nó Doire? Is iad íocóirí na rátaí a dhíolfaidh as an gcéapar sa deireadh

Tráth a bhfuil 20,000 post sa tseirbhís phoiblí i mbaol faoi thearmaí Chomhaontú Stormont, tá suim thar na bearta sa chostas a bhaineann le hathchóiriú na gcomhairlí ó thuaidh.

Derry

 

“Seans gur in áit éigin idir Maine agus Florida atá sé; Maryland, b’fhéidir, nó i gCarolina, thuaidh nó theas”. Ag fiodmhagadh a bhí an té a dúirt, ag freagairt na ceiste “cá bhfuil East Coast Borough Council?”

B’shin í an teideal a roghnaigh comhairleoirí áitiúla don chomhairle nua ar cónascadh í de sheanchomhairlí an Dúin Thuaidh agus na hArda. Scéal thairis é anois ó bhí an teideal amscaí chomh conspóideach sin gur cuireadh tús le próiséas comhairliúcháin poiblí chun ainm nua a roghnú.

Níl ansin ach sampla fánach de na gearáin atá ag daoine faoin gcaiteachas ar atheagrú na gcomhairlí áitiúla. Tráth a bhfuil 20,000 post sa tseirbhís phoiblí i mbaol faoi thearmaí Chomhaontú Stormont a rinneadh ar an 23 Nollaig 2014, tá suim thar na bearta sa chostas a bhaineann le hathchóiriú na gcomhairlí. Moladh an scéim ceithre bliana déag ó shin chun airgead a choigilt agus seirbhísí a fheabhsú.

Beidh deireadh leis na 26 seanchomhairle ar an gcéad lá d’Aibreán. Is ansin a thiocfaidh na ‘ollchomhairlí nua’ ar an bhfód, aon cheann déag acu a toghadh anuraidh. Bhí na seanchomhairlí agus na cinn nua ag comhfheidhmiú le bliain.

Maítear go bhfuil os cionn £100,000 íoctha ag na nuachomhairlí le saineolaithe ar bhrandáil agus go bhfuil airgead curtha amú airgid ar rudaí ar nós ainmeacha nua a chumadh a dtugtar an t-eiteachas dóibh ina dhiaidh sin. Tá na figiúirí do chaiteachas brandála séanta ag cuid mhaith de na comhairlí.

Ach ní tada iad na suimeanna sin i gcomparaid leis an gcostas ar íocaíocht scoir d’fheidhmeannaigh agus d’ionadaithe a bheidh ag eirí as obair faoin gcóras nua. Bunaíodh scéim iomarcaíochta do chomhairleoirí roimh ré, le hústeora £30,000 an duine.

Nuair a fógraíodh cúpla mí ó shin go mbeadh ceathrú milliún punt nó níos mó, idir phinsean agus airgead scoir, ag dul do phríomhfheidhmeannach amháin, bhí sé ina raic.Tugadh fogha chomh fíochmhar sin fúithi ar na meáin shóisialta gur chuir an PSNI tús le fiosrú faoi imeaglú ar an mbean.

Tá scata eile den fhoireann ar an gcomhairle sin ag eirí as obair freisin agus costas £1mhilliún luaite leis an iomlán. Ní heisceacht í an chomhairle sin; beidh costas den tsort céanna ag baint le scór eile.

Costas gearrthéarmach é seo ar fad, ar ndóigh, agus maíonn polaiteoirí go spárálfar airgead sa bhfadtéarma. Seans go bhfuil an ceart acu ach tá an chluas bhodhar á tabhairt dóibh faoi láthair.

Bíonn ráfla nua in aghaidh na seachtaine faoin méid a chaithfear ar shlabhra oifige nua do mhéara/cathaoirleach, d’armas úr nó ar dhlíodóirí.

I nDoire, tá aontachtaithe ag dul i muinín na ndlíodóirí chun seanchath a chur. B’fhearr leo Londonderry ná cathair Dhoire; tá a fhios acu nach bhfaighidh siad cead a gcinn ach teastaíonn uathu Doire a sheachaint ar fad. Is iad íocóirí na rátaí a dhíolfaidh go daor as an gcéapar seo, dar le an-chuid daoine i nDoire. “Ar éigean a chothaíonn sé muinín sa chóras nua,” a dúradh le Tuairisc.ie.

Agus sin í an fhadhb sa chuid is mó den aon cheann déag de cheantair rialtais áitiúla nua. Is baolach go meadóidh aimhreas an phobail faoin gcur chuige seo de réir mar a chuirtear faobhar ar an díospóireacht faoi 20,000 post a chailliúint sna blianta beaga seo romhainn.

Fág freagra ar 'Londonderry nó Doire? Is iad íocóirí na rátaí a dhíolfaidh as an gcéapar sa deireadh'