Londonderry glanta den mhapa, ach fadhbanna nua cruthaithe

Beidh éifeacht fhadtéarmach ag na moltaí maidir le líon na dtoghcheantar ó thuaidh a laghdú

Londonderry glanta den mhapa, ach fadhbanna nua cruthaithe

Pictiúr: Google

D’fhoilsigh Coimisiún na dTeorainneacha a moltaí chun toghcheantair Thuaisceart Éireann a laghdú ó 18 go 17 maille le plean radacach do na limistéir úra. Tá na páirtithe ag cogaint ar an ábhar, cuid acu buartha ach gach dream níos tógtha leis na ciallachais do Stormont ná le Westminster.

Is í seo an dara hiarracht chun líon na bhfeisirí Parlaiminte i Westminster a laghdú ó 650 go 600. Ceapadh an uair dheiridh go gcaillfí beirt fheisirí abhus agus nach mbeadh i mBéal Feirste ach trí thoghcheantar. Faoiseamh don aicme polaitiúil é nach gcaillfear ach suíochán amháin ach is cosúil nach bhfuil aon éalú ó mhórleasuithe ar limistéir. Beidh deis idirbheartaíochta acu idir seo agus 2018 ach maítear nach féidir tionchar a imirt ach ar mhion-athruithe ar theorainneacha.

Tá deireadh le Béal Feirste Theas de réir na moltaí, giotaí de istigh le hoirthear na cathrach agus giotaí leis an iarthar. Is é Béal Feirste Thoir an t-aon toghcheantar gan athrú teidil cé go bhfaigheadh sé cuid de dheisceart na cathrach, chaillfeadh sé Dún Dónaill ar an taobh thoir. Bheadh an chuid eile den (seandeisceart agus thart ar leath den sean-iarthar sa toghcheantar nua, Béal Feirste Thiar Theas. Bheadh an chuid eile den iarthar, mar atá, istigh le tuaisceart na cathrach i mBéal Feirste Thiar Thuaidh.

Is léir gur chailliúint don SDLP é Béal Feirste Theas, a suíochán sa chathair a bheith ar neamhní ach cé a bhainfeadh buntáiste as na hathruithe eile? Meastar go mbeadh suíochán ag Sinn Féin go cinnte sa toghcheantar Thiar Theas agus go mbeadh seans níos fearr acu sa cheantar Thiar Thuaidh in aghaidh an DUP. Ceaptar go gcoinneodh an DUP Béal Feirste Thoir ach maítear freisin go mbeadh deis níos fearr ag Alliance ar an suíochán i ngeall ar chuid den deisceart a bheith sa limistéar nua. Mhaígh dornán go bhféadfaí Béal Feirste a fhágáil gan aon fheisire Aontachtach ach is cinnte go ndéanfaí margadh réamhthoghcháin arís chun é sin a sheachaint.

Dúirt gach páirtí go raibh an dréachtphlean á scrúdú acu agus go neosfaí a mbreithiúnais amach anseo. Mhaígh Aontachtaithe, Reg Empey ón UUP agus ionadaithe ón DUP gur chosúil go mbainfeadh náisiúnaithe, Sinn Féin go háirithe, buntáiste as na teorainneacha úra. Údar buartha don DUP ‘Londandoire’ Thoir a bheith athraithe agus ina chuid de thoghcheantar Gleann Sheáin. Ní raibh ann ach cleas eile chun an t-ainm Londonderry a ghlanadh amach, a dúirt an Teachta Tionóil Adrian McQuillan.

Tá athruithe suntasacha in áiteanna eile- Tír Eoghain Thiar, Lár Uladh agus Gleann an Lagáin imithe mar theidil agus na limistéir athraithe.

Tá cuid de Lár Uladh istigh le hiarthar Thír Eoghain i dtoghcheantar nua Thír Eoghain Thuaidh, cuid eile de Lár Uladh i nGleann Sheáin (le hoirthear Dhoire). Tá Dún Geanainn agus Maigh gCaiseal bainte as Fear Manach/Tír Eoghain Theas agus curtha sa Bhanna Uachtarach & Cluain Dabhail (Blackwater). Tá greim bainte as tuaisceart an cheantair a dtugtaí Gleann an Lagáin air agus é curtha isteach le hAontroim agus an chuid eile de Ghleann an Lagáin agus píosaí as iarthar na Banna Uachtaraí agus tuaisceart an Iúir/Ard Mhacha sa toghcheantar nua, An Dún Thiar.

As na hathruithe sin ar fad, ceaptar gur i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas a bheadh an tionchar is mó mar go mbeadh méadú ar líon na náisiúnach. Tá an feisire ón UUP Tom Elliott míshásta, ní raibh aige ach farasbarr an-bheag agus áirítear go scuabfaí é sin ar shiúl. Go ginearálta, táthar den bharúil go bhfuil comharsanachtaí scartha óna chéile, beag beann ar nascanna pobail agus cultúir, ar mhaithe le huimhríocht.

Dúirt an Coimisiún gurb é a ghnó féin toghcheantair a bhunú ar chuóta 74,769 vótóir agus nár mhór a bheith i bhfoisceacht 5% den líon sin, faoi nó os a chionn. Ba mhaith le Sinn Féin an chumhacht a bheith ag Stormont chun limistéir na dtoghcheantar a shocrú agus níl siad sásta gur ar chlár na dtoghthóirí seachas ar an daonra a rinne an Coimisiún a chinneadh. “Chaithfeadh SF gearán éigin a dhéanamh,” a dúirt Aontachtach liom, “mar is dóibhsean is mó atá buntáiste sna hathruithe seo.”

Beidh dianphlé faoi na moltaí go ceann bliana ar a laghad, páirtithe ag iarraidh paróiste anseo is ansiúd a chur san áireamh nó a bhaint as de réir mar a fheileann dóibh féin. Ceist i bhfad níos casta is ea tionchar na n-athruithe ar thoghcháin Stormont. De réir na moltaí seo, 85 teachta a bheadh sa Tionól – cúigear níos lú ná mar a aontaíodh san Tús Nua roimh an Nollaig seo caite.

De réir an réitigh i Stormont, cúigear teachtaí a thoghfaí i dtoghcheantar. Bunaithe ar na seanlimistéir, bheadh 90 le toghadh in 2020. Níl aon dabht ach go bhfuil gach páirtí buartha faoin 5ú suíochán ach ar an gcéad amharc is iad páirtithe an fhreasúra is measa a bheadh thíos leis na moltaí nua. Ba mhinic SDLP, UUP agus Alliance ag brath ar an séú suíochán sna 18 toghcheantar, cén seans a bheidh acu ar an gcúigiú ceann mura mbeidh ann ach 17 toghcheantar?