Lón machnaimh agus an lón féin ar fáil ag Meanmanra!

Tá Meanmanra, an chomhdháil bhliantúil ar ghnéithe den smaointeoireacht, a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath, ag dul ó neart go neart, a deir ár léirmheastóir

Lón machnaimh agus an lón féin ar fáil ag Meanmanra!

D’éirigh arís i mbliana le hOisín Uíbh Eachach agus Seaghan Mac an tSionnaigh, fir stiúrtha Meanmanra, an chomhdháil bhliantúil ar ghnéithe den smaointeoireacht, smaointeoirí agus lucht taighde thar a bheith éirimiúil a mhealladh le lón machnaimh a roinnt leis an slua a chruinnigh isteach sa leabharlann in Áras Chumann na bPíobairí i Sráid Henrietta.

Ag tús an lae, d’fhiafraigh Síle Ní Choincheannain arbh fhiú di a bheith ag trácht ar cheist na mban in úrscéalta Stairiúla na Gaeilge. Tá taighde déanta ag Ní Choincheannain ar an úrscéal sa Ghaeilge idir 1993-2013. Ba í a conclúid go bhfuil an cheist féin fós le réiteach!

Níl ach dhá úrscéal stairiúil a chum bean againn, agus is í an bhean chéanna, Máire Mhac an tSaoi, a chum an dá cheann.  (Foilsíodh Bean Feasa Alan Titley lasmuigh den réimse ama atá faoi chaibidil sa taighde). De ghnáth san úrscéal is iad na fir a bhíonn lárnach agus bíonn na mná ar imeall an scéil. Sa mhéid sin, is beag idir ról na mban san úrscéal stairiúil as Gaeilge agus a leathbhreac as Béarla, ach is lú go mór an réimse leabhar atá againn i nGaeilge.

Lean Caitríona Ní Chléirchín le téama na mban ina caint ‘An Cholainn agus an tSícé i bhFilíocht na mBan’. Thug sí léargas dúinn ar an lorg síceolaíochta a fhágann an drochíde ar cholainn agus meon agus mar a dhéantar an téama sin a ionramháil i bhfilíocht Biddy Jenkinson, Nuala Uí Dhomhnaill agus Áine Uí Ghlinn.

Caitríona Ní Chléircín

Má bhí caint Uí Chléirchín iontach trom agus duairc de bharr an ábhair a bhí faoi chaibidil aici, tá tábhacht mhór le dul i ngleic leis na ceisteanna a mhúscail sí.

Más fút coincheap teibí ar nós ‘mais na cruinne’ a mhíniú do dhaoine atá ar bheagán eolais faoina leithéid, b’fhearr duit tuiscint fhíordhomhain a bheith agat ar an scéal. Léirigh caint Scott Oser go bhfuil an tuiscint sin aige, cé gur ghéill sé go drogallach nach bhfuil eolas ag lucht na fisice ach ar 5% den ábhar atá sa chruinne; is damhna dorcha agus fuinneamh dorcha atá sa chuid eile. Bhí léaráidí thar a bheith soiléir aige, ach ba shuntasaí fós líofacht chainte an fhir seo nach raibh caite aige ach trí seachtaine ar fad sa tír seo!

Mhínigh sé céim ar chéim an dóigh ar tháinig fisiceoirí ar an tuiscint gurbh ann don damhna dorcha agus don fhuinneamh dorcha. Thug sé eolas freisin faoi na turgnaimh atá ar bun chun fianaise a aimsiú den damhna dorcha, turgnaimh ina bhfuil sé féin sáite. Labhair sé ar na braiteoirí íogaire, a bhfuil earraíocht á baint astu san obair seo. Bíonn na braiteoirí seo lonnaithe i mianach 2 km faoin dromchla chun éifeacht na radaíochta a mhaolú, agus iad fuaraithe beagnach go dtí an nialas absalóideach, 273 céim faoin reophointe. Má bhíonn an t-airgead ann chuige, tá súil ag Oser go mbeidh torthaí na dtionscnamh seo ar fáil in 2020.

Buaicphointe domsa ab ea an chaint spéisiúil shoiléir seo.

Rinne Stephen Newman cíoradh ar ‘An Blascaod Mór agus Marxachas George Thomson’. Ní dóigh leis gurbh Mharxach é Thomson tráth a raibh sé san oileán, ach is cinnte go ndeachaigh saol soineanta réamhchaipitlíoch an Bhlascaoid, mar a facthas dó sin é, i bhfeidhm air. Bhí sé d’aidhm aige cuidiú le muintir an oileáin oideachas a bhaint amach gan a gcultúr féin a chailleadh. Mheas sé gur éirigh leis go pointe i gcás a chara, Muiris Ó Súilleabháin, ar spreag sé é le dul leis na Gardaí seachas ar an mbád bán go Meiriceá.

Ceist eile, ar ndóigh, an tionchar a bhí ag an gcinneadh sin i bhfad na haimsire ar Mhuiris a bhí anois scoite amach ón bpobal agus culaith an Gharda  air. Is i ndiaidh dó filleadh ar Shasana, nuair a brúdh amach as Coláiste na hOllscoile Gaillimh é, a rinneadh Marxach cruthanta de Thomson, é dílis go héag do Stalin ainneoin a choireanna siúd, agus é faoi gheasa ag Mao. Arís bhí máistreacht ag an gcainteoir seo ar a ábhar agus é spreagúil dá réir.

Scott Oser

I ndiaidh an lóin, rinne Philippe Caignon scagadh ar thábhacht na téarmeolaíochta ‘i mbuanú agus i seachadadh na dteangacha agus na gcultúr faoi bhagairt’. I bhFraincis a labhair Caignon agus Seaghan Mac an tSionnaigh i mbun aistriúcháin chomhuainigh. Ba é tátal a chuid cainte go bhfuil gá a chinntiú go dtéann teangacha faoi bhagairt i ngleic le coincheapa nua, ach gur gá an cultúr as ar fáisceadh an teanga a chur san áireamh freisin. Léirigh cás Cheanada, a dúirt sé, go bhfuil dochar ag baint le bheith ag brath go hiomlán ar aistriúchán ón mórtheanga, rud a tharlaíonn ceal státseirbhísigh atá inniúil ar an teanga atá faoi bhagairt, pé acu arb í an Fhraincis nó teanga bhundúchasach a bhíonn i gceist. Glacfar le téarmaí nua, a mhaígh Caignon, má scaiptear i gceart iad agus má thagann siad le meon an phobail. An focal courriel (ríomhphost) a bhí mar shampla aige, focal a scaip ar fud dhomhan na Fraincise in áit email. Theip, áfach, ar iarrachtaí leagan Fraincise a thabhairt isteach in áit ‘hamburger’.

‘An Chruinne Fhireann agus Fireannachtaí i bPrós-Scríbhneoireacht Mhichíl Uí Chonghaile’ ab ábhar do chaint Shorcha De Brún agus léirigh sí go paiteanta na cineálacha éagsúla fireannachtaí i saothar an Chonghailigh. Fireannachtaí iad, ar an mórgóir, nach bhfuil mórán glacadh leo ag an bpatrarcacht – tá téama na homaighnéasachta ann cinnte, ach téamaí eile ann freisin, téama na hathaireachta ina measc. Fuinneog isteach ina cuid taighde a bhí sa chaint seo, agus a pointí léirithe go snasta ag De Brún le samplaí as scéalta Uí Chonghaile. Spreagadh a bhí anseo chun breis eolais a lorg.

Thug Risteard de Paor, dlíodóir atá ina speisialtóir ar chúrsaí eadrána idirnáisiúnta, caint faoi Chonradh Aeráide Pháras 2015. An ‘tíogar mantach’ atá ann nó an dtabharfaidh an conradh slán sinn ón athrú aeráide? Cé go bhfuil ceangail dlí luaite sa chonradh níl aon cinnteacht faoi conas an dlí a chur i bhfeidhm ar thíortha a loiceann ina ndualgais.

D’fhéadfaí dul i mbun na hidirghabhála, ach bheadh sé sin ag brath ar dhea-thoil nach bhfuil ann. Tá an chúirt idirnáisiúnta ann – ach bheadh sé an-chasta cás a thabhairt os a comhair. Má tá údar dóchais ann, tá sé le fáil i gcásanna eadrána idir stáit, dar le Risteard.

Seaghan Mac an tSionnaigh

Chuir Gabriel Rosenstock clabhsúr ar imeachtaí an lae lena chaint ‘Ciúnas!’. Labhair an file de bheagán faoina chuid oibre ach thug sé tús áite do dhá ghearrscannán, ceann acu fáiscthe as haiku a chum sé, agus grianghraif le Ron Rosenstock agus fuaimrian le Eugene Skeefs curtha leis. Bhí an dara gearrscannán níos teibí – íomhánna spreagtha go hindíreach ag leaganacha logánta den Haiku a scríobhadh i Farrera sna Piréiní Catalónacha.

I ndiaidh na gcainteanna seoladh cnuasach aistí a bhain le comhdháil na bliana seo caite agus thug Pádraig Mac Fhearghusa achoimre ar na cainteanna sin a chuala muid anuraidh.

Bhí an-eagar ar an lá ar fad, caife agus tae idir gach seal cainte, lón blasta, agus deiseanna comhrá dá réir. Bhí beoir ó mhionghrúdlann na Four Provinces ar fáil ag deireadh an lae freisin.

Tá forás ag teacht ar Mheanmanra!