Lón Léitheoireachta do 2016…

Má tá fút cúpla leabhar Gaeilge a cheannach i mbliana, ní bheidh aon ghanntanas ábhair ort

2016

Cló Iar-Chonnacht

Ní ligeann Cló Iar-Chonnacht na maidí le sruth in aon chor agus tá tuilleadh leabhar suimiúila dá gcuid ag teacht inár dtreo arís i mbliana. Ina measc siúd, tá Pádraig Mac Piarais agus 1916: Beart, Briathar agus Oidhreacht, leabhar staire ina bhfuil cnuasach aistí ar gnéithe éagsúla de shaol agus de shaothar an Phiarsaigh, arna gcur in eagar ag Gearóid Ó Tuathaigh, iarollamh le Stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Bunaithe ar shraith léachtaí a thabharfar as seo go Cáisc atá na haistí seo. Craolfar na léachtaí ar Raidió na Gaeltachta faoi Cháisc 1916 agus beidh an leabhar ar fáil ar an am céanna.

Ag teacht i dtír ar chomóradh Éirí Amach 1916, déanfar ceann de na leabhair is aitheanta sa Ghaeilge a athchló, is é sin Ó Pheann an Phiarsaigh. Blaiseadh de shaothar bunúil an Phiarsaigh, ina measc na scéalta cáiliúla ‘Eoghainín na nÉan’, ‘Bríd na nAmhrán’ agus ‘Íosagán’, atá sa saothar seo. Leabhar é a bhí i ngach teach i gConamara tráth dá raibh agus beidh arís!

Ó tharla caighdeán an chló a bheith go dona san eagrán reatha de Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain, beidh eagrán nua faoi chlúdach crua den úrscéal seo, bunaithe ar leagan 1948, á fhoilsiú, i dteannta ealaín úrnua le Seán Ó Flaithearta agus réamhrá le Dónall Ó Braonáin ar stair an úrscéil ó céadfhoilsíodh é mar shraith san Irish Press ar aghaidh go dtí leagan conspóideach 1996, agus leagan conspóideach eile a foilsíodh i 2007.

Cuid de sheoda na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge atá sa leabhar Filíocht ón tSean- agus ón Meán-Ghaeilge, agus é curtha i láthair don phobal den chéad uair riamh, maille le haistriúcháin Ghaeilge agus Bhéarla. Is é Gearóid Mac Eoin, iarollamh le Gaeilge, a chuir in eagar é. Tá dlúthdhiosca leis an leabhar agus cloistear an fear eagair ag aithris na ndánta atá le léamh ann.

Leabhar substaintiúil ar stair agus ar dhéantús an churaigh is ea An Churach Traidisiúnta, le

Breandán Mac Conamhna, a bhfuil léaráidí agus grianghraif ag gabháil leis.

Is é Tom a’ tSeoighe an cumadóir amhrán is fearr aithne i gConamara sa lá atá inniu ann agus is mithid go gcuirfí a shaothar i dtoll a chéile faoi aon chlúdach amháin. Sin é go díreach atá déanta ag Ciarán Ó Fátharta sa saothar nua Amhráin Tom a’ tSeoige. Na hamhráin atá á gcasadh ar an raidió agus i dtithe tábhairne Chonamara ó na 1980idí ar aghaidh a bheidh le fáil anseo.

Futa Fata

Beidh dhá eagrán nua den chnuasach rannta Gugalaí Gug! á gcur ar fáil ag Futa Fata i mbliana. Tá sé deich mbliana ó foilsíodh an leabhar agus an dlúthdhiosca seo den chéad uair. Fo-eagráin faoi chlúdach crua i dteannta forchlúdaigh a bheas i gceist leis na leaganacha nua, agus eagrán dátheangach a bheas i gceist le ceann acu toisc éileamh le fada a bheith ann ó thuismitheoirí a bhfuil an-fhonn orthu na rannta a roinnt lena gcuid páistí ach nach bhfuil go hiomlán muiníneach as a gcuid Gaeilge féin. Foilseofar an dá eagrán nua san earrach.

Déanfar athfhoilsiú chomh maith i mbliana ar an gcnuasach bunamhrán do pháistí faoi na séasúir, Bliain na nAmhrán. Seo an chéad teideal a d’fhoilsigh Futa Fata thiar sa bhliain 1997, tráth dá raibh an comhlacht nua lonnaithe i mBaile Átha Cliath.

Déanfar ataifeadadh ó bhonn ar an dlúthdhiosca agus beidh fonnadóirí ógá á n-earcú againn le bheith páirteach. Cuirfear leabhar lándaite leis an dlúthdhiosca agus seolfar an leabhar agus an dlúthdhiosca sa bhfómhar.

Lena chois sin, foilseofar an tríú heachtra sa tsraith Trixie agus Tony, an scéal faoin tréidlia scaipthe a fhaigheann cúnamh leanúnach óna mhadra fíorchliste Trixie, mar aon leis an gceathrú scéal sa tsraith Lísín faoin bhfoghlaí mara fiáin atá curtha ar scoil ardnósach agus atá ag iarraidh meabhair a bhaint as béasa aisteacha na bpáistí deasa.

Cois Life

Is cinnte go gcuirfear an-spéis go deo i saothar nua Sheáin Uí Chuirreáin ar dhúnmharuithe Mhám Trasna. Éagóir an teideal atá ar an leabhar seo faoi chrochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana.

Is le fonn chomh maith a thabharfaidh go leor daoine faoi leabhar Dheagláin de Bréadún, Cinnlínte, a léamh.

Scéalta móra nuachta a chlúdaigh an t-iriseoir le The Irish Times agus, ina dhiaidh sin, The Irish Sun atá anseo. Ina measc sin, bhí ré Charlie Haughey mar Thaoiseach ar Éirinn agus ceannaireacht Yasser Arafat ar na Palaistínigh, chomh maith leis an sos cogaidh a d’fhógair an IRA ag deireadh Lúnasa 1994 agus Comhaontú Aoine an Chéasta.

Seans gur ag tarraingt ar thaithí iriseoireachta a bhíothas freisin agus Michelle Nic Pháidín ag cur peann le pár le haghaidh An tIriseoir.

Foréigean baile, saol scriosta, pósadh cliste is ábhar don úrscéal nua seo. Éalaíonn Bríd ó Ghaoth Dobhair le dul i mbun iriseoireachta i mBaile Átha Cliath ach titeann a saol as a chéile agus í ag fiosrú scéil. 

Beith aithne mhaith ag léitheoirí Tuairisc.ie ar Alex Hijmans, duine dár gcolúnaithe. Féadfaidh siad bheith ag súil le húrscéal nua leis, An Tearmann an bhliain seo chugainn.

Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. In aghaidh a thola, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thagann sí chun buaice.

Séadna, clasaic an Athair Ua Laoghaire, curtha in eagar an athuair ag Caoilfhionn Nic Pháidín agus eagrán nua den saothar seanbhunaithe seo ar fáil don phobal anois.

Gréasaí tuaithe é Séanna a dhéanann margadh leis an bhFear Dubh. Ní cheannóidh a bhfuil d’airgead ón bhFear Dubh aige suaimhneas aigne dó. Tá trí bliana déag aige sula dtiocfaidh an Fear Dubh ar ais chun é a thabhairt leis.

Díreoidh an t-eagrán nua seo, Séanna, ar ghnáthléitheoirí idir óg agus aibí, agus ar fhoghlaimeoirí Gaeilge den uile chineál.

Iad siúd atá sa tóir ar leabhair do dhaoine níos óige, go mórmhór leabhair do leanaí atá thart ar naoi mbliana d’aois nó mar sin, féadfaidh siad breith ar Hata Zú Mhamó, leabhar nua Áine Ní Ghlinn, sa Mhárta.

Tá hata spéisiúil, spraíúil ag Mamó. Hata zú! Tá plean ag Mamó éalú amach as an teach altranais agus a hata zú a chaitheamh sa zú féin. Cuireann sí iachall ar a gariníon Siobhán í féin agus beirt chara léi ón teach altranais a thabhairt ann.

In Lá leis na Lochlannaigh, le Máire Zepf, tá Cormac agus Brídín ar bís agus iad ag súil le heachtra spleodrach stairiúil eile tríd an doras draíochta. Ach, nuair a thaistealaíonn siad go Duibhlinn na Lochlannach, tá dainséar agus priacal san aer.

Foilsitheoirí Ábhair Spioradálta

Dóibh siúd a bhfuil spéis acu i gcúrsaí creidimh, tá roinnt leabhair áille á réiteach don chló faoi láthair ag Foilsitheoirí Ábhair Spioradálta, ina measc Creideamh na Muintire, Muire na mBard agus Ár Máthair Treasa féin.

Scagadh ar chleachtadh an chreidimh Chaitlicigh in Éirinn sa 17ú – 18ú haois is ea Creideamh na Muintire, leis an Br Liam Ó Caithnia (nach maireann).

Is é taithí an phobail Chaitlicigh amháin a phléitear ann, seachas stair na hEaglaise nó stair na cléire.

Dhá cheist a chíortar ann ná céard ann ar chreid an pobal sin agus céard a rinne siad faoi gach cúinse teagaisc dá dtug siad géilleadh?

Stair chaidrimh an phobail neamhspleách ar an gcléir gus ar cheannairí stáit, ach an tábhacht a bhain lena gcreideamh dóibh ar bhonn pearsanta.

Is ar creideamh na nGael a dhírítear sa leabhar Muire na mBard le Michelle O’Riordan.

I bhfocail an údair féin, “is ar an leibhéal liteartha, i réimsí na litríochta clasaicí atá an leabhrán so dírithe, is é sin le rá, ar an Maighdean i bhfilíocht na mBard.

“Ní bheidh an plé seo iomlán ná cuimsitheach, ach tabharfar léargas áirithe ar conas a taibhsíodh an Mhaighdean Mhuire, i gcomhthéacs na haimsire, d’fhilí na scol in Éirinn”, a dúirt O’Riordan.

Machnaimh ar Stáisiúin na Croise i nGaeilge is i mBéarla, is ea Dairtstáisiúin le Tadhg Ó Dúshláine, agus é bunaithe ar stáisiúin DART Bhaile Átha Cliath.

Éabhlóid

Bunaíodh an comhlacht Éabhlóid in 2008 agus bíonn siad ag plé le cúrsaí físe, fuaime agus foclaíochta ó shin.

Tá dhá leabhar nua foilsithe i mbliana acu a gcuirfidh idir dhaoine óga agus daoine fásta suim iontu, is iad sin Tomhas orm, tomhas ort! le Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Sinéad Ní Chadhain, agus Go mbeinnse choíche saor, le Máire Dinny Wren.

Bailiúchán tomhasanna traidisiúnta ón mbéaloideas is ea Tomhas orm, tomhas ort. Tomhasanna cigilteacha atá oiriúnach do dhaoine óga agus do dhaoine fásta atá ann agus os cionn 100 tomhas sa leabhar a spreagfaidh smaointe den uile shaghas agus a thabharfaidh a sháith don saoi is cliste. Tá aip isteach leis an leabhar chomh maith ar féidir íoslódáil don iPhone agus iPad.

Is é Go mbeinnse choíche saor an chéad cnuasach gearrscéalta leis an scríbhneoir Conallach Máire Dinny Wren. Is scéalta iad faoi mhná láidre a mbíonn orthu streachailt in éadan a ndíchumhachtaithe i saol nach mbíonn i gcónaí ceart ná cóir.

Tá uaillmhian na saoirse le feiceáil sna mná seo, tallanna dochloíte na beatha a thugann orthu troid ar son a saoirse agus neamhspleáchais. Gealltar san úrscéal seo foréigean, fealladh, dealús, agus iad go léir tiomáinte ag tuiscint ghéar ar an daonnacht agus ar an ngrá atá i gcroílár gach duine.

Fág freagra ar 'Lón Léitheoireachta do 2016…'