Logainmneacha gan chosaint – ‘Ní fhaca mé iora rua san áit seo riamh’ arsa an fear ó ‘Squirrel’s Walk’

Tá leaganacha Béarla á chur ar logainmneacha Breatnaise agus dinnseanchas na Breataine Bige gan chosaint reachtaíochta

Logainmneacha gan chosaint – ‘Ní fhaca mé iora rua san áit seo riamh’ arsa an fear ó ‘Squirrel’s Walk’

An tseachtain seo caite, dhiúltaigh Seanad na Breataine Bige do bhille dar sprioc cosaint a thabhairt don chuid is stairiúla de logainmneacha na tíre. Is é an tUasal Dai Lloyd, Plaid Cymru, a chuir an bille os comhair an tSeanaid.  Is é vóta Pháirtí an Lucht Oibre, páirtí an rialtais, a chuir an bille go tóin poill. Ar son an bhille a vótáil páirtithe an fhreasúra, idir UKIP, na Tóraithe, agus Plaid Cymru. Caitheadh 28 vóta in aghaidh an bhille, agus 25 vóta ar a shon.

Ag labhairt dó thar ceann an rialtais, dúirt an tUasal Ken Slates nach rud indéanta a bheadh ann an bille a chur i bhfeidhm. Bhí ceist ann faoin gcostas a bhainfeadh lena leithéid, agus faoi ghnéithe eile den mholadh, an bunús a bheadh le cead nó le cosc, cuir i gcás, nuair a thiocfadh logainm faoi leith i gceist. Tharraing an tUasal Slate aird ar an liosta oifigiúil logainmneacha stairiúla atá ar fáil sa mBreatain Bheag, agus dúirt sé go bhfuil an rialtas ar tí treoir a fhoilsiú maidir le caomhnú na n-ainmneacha seo, má thagann aistriúchán i gceist. Fágann sin, áfach, mar a dúirt an tUasal Dai Lloyd, fear an bhille, go bhfuil dinnseanchas na tíre gan chosaint fós sa reachtaíocht.

Tá sé ina dhíospóireacht mhór faoi thábhacht na logainmneacha dúchais sa mBreatain Bheag ó anuraidh nuair a cuireadh Plas Glynllifon ar an margadh. Is i dtuaisceart na Breataine Bige atá Glynllifon, agus ba leis an Tiarna Newborough an teach mór ann tráth den saol. An comhlacht óstaíochta a cheannaigh Plas Glynllifon, comhlacht nár ainmníodh sna meáin, thug siad ‘Wynnborn House’ ar an áit, ainm gallda a chuir olc agus déistin ar dhaoine. De bharr na conspóide, ghéill na ceannaitheoirí don seanainm.

Leagan Béarla á chur ar logainm Breatnaise, is minic a tharlaíonn sin i gcás feirme nó gabháltais talún. Tugtar Green Meadows ar Dolau Gleision, High Mead ar Dolau Uchaf, nó Treetops ar Pant y Dderwen (Log na Darach).  Is ainm nua atá in Oakford ar bhaile Derwen Gam (An Dair Cham) i gContae Cheredigion. Nine Oaks Holiday Centre atá ar an ionad saoire in aice láimhe, agus Shawsmead Caravan Club ar shuíomh eile ann.

San áit a dtógtar eastát tithíochta, bíonn an baol ann go ndéanfar neamhaird den seanainm a bhí ar an suíomh. ‘Squirrel’s Walk’ a tugadh ar bhóthar amháin lámh le Castell Nedd/Neath. ‘Ní fhaca mé iora rua san áit seo riamh,’ arsa fear ón áit ar an raidió. Cae yr Odyn (Garraí na Tornóige) an seanainm ar an áit sin, de réir cosúlachta.

Is fíor a rá ar an taobh eile den scéal nach bhfuil ach ainm amháin – an seanainm Breatnaise – ar na céadta baile ar fud na tíre, bailte a bhfuil llan (cill) orthu, nó  aber (bun abhann), cuir i gcás. Rud eile, tá dhá sheanleagan ar chuid de na bailte móra. Is ainm Lochlannach é Swansea, baile Abertawe. I gcásanna eile, Caerdydd/Cardiff agus Caerfyrddin/Carmarthen, is dhá leagan den ainm céanna atá ann le fada an lá.

Ní hiad seanainmneacha na Breatnaise amháin atá gan chosaint fós ó dhiúltaigh an Seanad don bhille. Is oidhreacht ilteangach atá ann agus samplaí ann ón Lochlainnis, ón bPléimeannais, ón Sean-Bhéarla agus ón Laidin, a deir Dai Lloyd.

Bhí rírá ar na meáin shóisialta sa mBreatain Bheag de bharr chinneadh an tSeanaid. Tá cultúr agus teanga na Breatnaise faoi léigear, de bharr lion na mBéarlóirí a cheannaigh tithe agus talamh sa tír le blianta beaga agus le blianta go leor anuas. Rud a chuir iontas ar dhaoine go leor, vótáil iarCheannaire de chuid Plaid Cymru in aghaidh an bhille, sin é Dafydd Elis-Thomas. (I measc na leabhar atá scríofa ag Dafydd Elis-Thomas, tá A Life for the Language (1994))

Fág freagra ar 'Logainmneacha gan chosaint – ‘Ní fhaca mé iora rua san áit seo riamh’ arsa an fear ó ‘Squirrel’s Walk’'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá cultúr agus teanga na Breatnaise faoi léigear, de bharr lion na mBéarlóirí a cheannaigh tithe agus talamh sa tír le blianta beaga agus le blianta go leor anuas.

    An rud ceannann céanna ag tarlú sa tír seo. Féach na hainmneacha gránna Béarla atá tugtha d’eastáit tithíochta ar fud na tíre i. Thornberry, Orchard Grove, The Maples (gan crann amháin le feiceáil!), Mews, Meadow agus go leor eile nach bhfuil baint ar bith acu leis an taobh tíre ná le stair agus oidhreacht na háite. Agus beag aitheantas tugtha don Ghaeilg agus sean logainmneacha na háite. Níl an rialtas ag déanamh leath go leor má táthar ag ceadú conraitheoirí príobháideacha a n-ainmneacha féin a ‘bháisteadh’ ar fhorbairtí agus ar eastáit tithíochta agus gan amharc siar ar an dúchas agus sean logainmneacha na háite.