Liú feirge, uaill chaointe

LÉIRMHEAS - Cé nach bhfuil An Bhean Feasa le Alan Titley gan locht, éacht samhlaíochta agus ceardaíochta atá ann

An Bhean Feasa

An Bhean Feasa

Alan Titley

Cló-Iarchonnacht (2014)

Samhlaím go mbeidh neart ceisteanna ar intinn léitheoirí i dtaobh an tsaothair seo. Is earra neamhghnách úrscéal i bhfoirm véarsaíochta, ach níor ghnách leis na Gaeil dealú docht a dhéanamh idir scéalaíocht agus filíocht.

Féach ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ le Donnchadh Rua Mac Conmara, dán fada faoina aistear go Talamh an Éisc. Aistear is ábhar do dhán-scéal Titley fosta, aistear léanmhar tubaisteach.

Níl d’fhaisnéis ann i dtaobh bhean feasa an teidil ach gur fuadaíodh í le linn dheargruathar Chromail ar Éirinn. Seoladh go Barbadós í, áit ar cuireadh ag sclábhaíocht í sna goirt tobac agus siúcra.

Tharla i mBostún í ina dhiaidh sin, áit ar cuireadh asarlaíocht ina leith. Ar chlár na croiche a cuireadh deireadh lena saol bocht ainniseach. Sin cuid na staire den scéal. Cuid na samhlaíochta ná cead cainte a thabhairt do na sclábhaithe agus ligean dóibh achasán lucht na héagóra a thabhairt – gach duine agus a canto féin aige, ar nós Dante.

Mallacht Dé oraibh! Go dtachta an diabhal sibh le fiacla faolchon!

Má itheann sibh nár chaca sibh go deireadh buí an tsaoil seo!

Ann ‘Goody’ Glover ab ainm don bhean feasa, de réir na dtaifead cúirte. Ba ghránna an feic í: í cáidheach, mantach, prislíneach. Díoltas uilig a bhí inti, agus is ar éigean arbh fhiú léi í féin a chosaint ar na líomhaintí mioscaise agus drochrúin.

Ainm sclábhaí is ea Goody Glover. Cá bhfios cén t-ainm a bhí uirthi i dtús a saoil? Eileanór, b’fhéidir, carachtar de chuid leagan samhalta Titley. Bean óg a bhí fiosrach, dána de réir na véarsaí atá againn óna muintir agus óna leannán. Ná ceap, dála an scéil, nach bhfuil i bhfilíocht an leabhair seo ach reacaireacht lom ar aon dul le From Derry Quay we sailed away. Seo mar a labhraíonn deirfiúr Eileanór:

 

B’í an bhladhm ba ghile im shaol í, duine a ghabhfadh buíochas

Leis an ngrian ar son a solais, is leis na réaltaí lastuas nuair a

Thagadh siad ar cuaird chugainn ina muince thús na hoíche.

 

I ndiaidh do mhairnéalach Eileanór a éigniú le linn an aistir go Barbadós, cuireann bean eile de na sclábhaithe an cogar seo inár gcluas: ‘Bhí a fhios agam, ag an nóiméad sin, nárbh ise í féin níos mó…’ An lá dár gcionn, tá gaoth mhór agus farraigí arda ann. Arbh í Eileanór a d’ardaigh an stoirm? Dá mba í, cé a bheadh ina dhiaidh sin uirthi?

Níl An Bhean Feasa gan locht. Le dua a bhain mise brí as an-chuid véarsaí. Ba mhian liom fanacht níos faide i gcuideachta duine nó beirt den slua mór a bhfuil a nguth le cluinstin ann. Bhraith mé, thall is abhus, go raibh an greann ag teacht salach ar thromchúis an scéil – is fearr a d’fhóirfeadh ainmneacha mar ‘Brídín Mhíbhéasach’ agus ‘Fearganainm Gan Ainm’ do scigdhráma ná do thraigéide.

Ach is éacht samhlaíochta agus ceardaíochta é An Bhean Feasa – liú feirge agus uaill chaointe ar son an duine bhoicht gan chumhacht.

 

Fág freagra ar 'Liú feirge, uaill chaointe'