LITIR THOGHCHÁIN Ó SAM: ‘M’anam go bhfuil backáil ag Trump thart anseo!’

Tír an eibhir, ceol bog agus comhaireamh vótaí – tuairisc ó Stáit Aontaithe Mheiriceá

LITIR THOGHCHÁIN Ó SAM: ‘M’anam go bhfuil backáil ag Trump thart anseo!’

Beirt fhear as Ros Muc ag treabhadh leo i dtír na cloiche eibhir.  “Anseo i New Hampshire atá muid, mé féin agus Peter,” a deir Tomás Ó Conaire liom ar an nguthán le maidneachan lae Dé Sathairn. Peter Joe Pheadair (Ó Máille) a chomrádaí ar an aistear.  Sa tóir ar vótaí do Hillary Clinton a bhíodar imithe ó thuaidh as Boston.  Tá cleachtadh maith acu beirt ar an gceird seo; uncail le Méara Bhoston é Peter agus bhí Tomás ar dhuine de na daoine ba mhó a shiúil sráideanna Bhoston ag tacú le Marty Walsh trí bliana ó shin. 

Tá an sprioc i bhfad níos deacra an geábh seo, iarrthóir na nDaonlathach a chur chuig an Teach Bán agus tá Donald Trump sna sála aici i gcónaí i New Hampshire.

An ‘Granite State’ a tugtar ar New Hampshire; tá righneas sa talamh agus tá téagar sna clocha.  Tá a chosa i dtaca go láidir ag Donald Trump anseo i gcónaí.  Bhí na spallaí á gcaitheamh i New Hampshire Dé Sathairn; bhí Trump féin ansin agus é den bharúil gur cheart scrúdú drugaí a chur ar Hillary.  B’fhacthas dósan go raibh ábhar éigin ag cur fuadair lena hiompar sa díospóireacht teilifíse is deireanaí a bhí acu, a deir sé.  Agus, ar ndóigh, níor lig sé thairis an deis leis an bhfuadar sin a chur i gcomórtas leis an lagar a tháinig uirthi i Nua-Eabhrac le gairid.

Ní raibh Tomás ná Peter in aice le hionaid chanbhasála Donald Trump.  Thart ar cheantar Manchester a bhíodar.  “M’anam go bhfuil backáil ag Trump thart anseo,” a deir Tomás théis filleadh dó tráthnóna.

Ar ndóigh, níorbh é deireadh an tsaoil é do Hillary Clinton dá dtabharfadh Trump leis an geall as New Hampshire.  Níl ann ach ceithre vóta sa gColáiste Toghcháin as breis agus 500 ar fud na tíre.  Ach níor mhaith leis na Daonlathaigh in oirthuaisceart na tíre an ceann seo a scaoileadh le Trump; sa mullach air sin tá coimhlint mhór ann freisin do shuíochán Seanaid.

Beidh Méara Bhoston, Marty Walsh ag dul go New Hampshire Déardaoin beag seo amach romhainn agus é ag iarraidh cúpla spalla eile a chur sa mbealach ar Trump: is mar sin a bhuaitear toghcháin, spallaí sna cosáin threampánacha ar fud na tíre.

Shílfeá nach mbeadh aon treampán sa mbealach ar an bhfear a chonaic muid i gcoirnéal teolaí an óstáin oíche Dé Sathairn, é ag spochadh leis an ríomhaire glúine agus deoch lena thaobh.  San am céanna bhí muc ar na mallaibh aige.  Nuair a bhuaileamar bleid air, shílfeá go raibh cineál áthais air gur thug duine éigin eile suntas dó. 

“Tabhair obair throm uirthi,” a deir an Gearmánach seo atá anseo ag déanamh staidéar ar chóras toghchánaíochta Mheiriceá. An Oifig um Shlándáil agus Comhoibriú san Eoraip a sheol anseo é féin agus cúig dhuine fhichead eile agus iad lonnaithe i mBoston, i gConcord Massachusetts agus in Albany i stát Nua-Eabhrac.

Beidh cúpla scór eile ag teacht le lámh chúnta a thabhairt níos gaire do lá an toghcháin.

Céard a dhéanann siad, go háirithe i dtír ar nós Mheiriceá a bhfuil cleachtais dhaonlathacha bunaithe go láidir inti?

Bhuel, ní bhacann siad beag ná mór leis na díospóireachtaí, na polasaithe ná na hargóintí a bhaineann leis an toghchán. Déanann siad staidéar ar an mbealach a n-eagraítear an próiseas uilig agus cuireann siad tuairisc ar ais chuig ceanncheathrú na heagraíochta i Vín. 57 tír uilig atá istigh faoin scáth na hOifige um Shlándáil agus Comhoibriú san Eoraip.  Tá Éire ar cheann acu ach ní cosúil go mbacann siad mórán linn.

Anseo sna Stáit coinníonn siad súil ar na bealaí éagsúla atá ag lucht stiúrtha toghcháin sna Stáit ar fud na tíre.  “Sin ceann de na hábhair is mó a dtabharfá suntas dó,” a deir an Gearmánach, iarmhúinteoir scoile.  “Is deacair meabhair a fháil ar na héagsúlachtaí sna modhanna oibre ar fud Mheiriceá.”  An bhfuil an mhonatóireacht seo níos deacra in áiteanna thar a chéile sna Stáit?

“Ní bhfaighidh tú an bealach leat chomh héasca sna Stáit ó dheas,” a deir an Gearmánach.  “Mar shampla, lá an toghcháin féin, caithfidh tú fanacht 100 méadar, nó mar sin, siar ó bhoth na vótála agus níl aon mhaith duit a rá go bhfuil tú ag monatóireacht.  Níl aon cheangal mar sin ort sna Stáit ó thuaidh.”   Ach, céard faoin gcóras vótála féin agus an comhaireamh?  Is fiú cuimhneamh nach bhfuil sé ach 16 bliain ó shin ó tharla conspóid ollmhór faoi thoradh an toghcháin nuair a bhí George W. Bush agus Al Gore mórán ar an vóta céanna.

Tá monatóireacht déanta ag an nGearmánach seo i gcuid mhaith tíortha agus tá imní air faoin vótáil ríomhaireachta.  “Breathnaigh,” a deir sé “tá gach uile phlean agus cleas, agus scileanna lena chois sin, ag dreamanna atá ag iarraidh córais ríomhaireachta a chur as a riocht.  An féidir le duine ar bith a bheith cinnte nach dtarlódh sé i dtoghchán?” 

Mar sin, arbh fhearr a dhul ar ais ar na seanbhealaí – an peann luaidhe sa mboth vótála agus an comhaireamh láimhe?   Chroith an Gearmánach a chloigeann:  “D’fhéadfadh sé a bheith amhlaidh,”  ar seisean agus é ag tochas a chinn ag dul a chodladh dó.

Sin rud atá ag tarlú as éadan sna Stáit Aontaithe faoi láthair, daoine ag tochas a gcinn. Déarfaidh go leor acu leat go bhfuil rogha an dá dhíogha acu.  Níl aon ghean ag an bpobal ar cheachtar de na príomh-iarrthóirí.

Ach tháinig fear óg amháin chuig bord an bhricfeasta maidin Dé Domhnaigh agus leigheas aige ar an scéal.  Bhí sé féin agus beirt chomhrádathe leis théis filleadh ón Eoraip, déanann siad obair shiúinéireachta ar longa pléisiúir.  Ba as Oklahoma é Charlie agus oiread na fríde de ghiotár ar iompar aige. “Ní giotár é,” arsa Charlie “ach ucailéile”.  Drochrath ar an úcailéile céanna ach tá muid bodhraithe aige, arsa a chompánaigh.  An toghchán?  Bhíodar as baile; ní raibh a fhios acu – rogha an dá dhíogha.  Ach cén mhaith a bheith ag casaoid, a deir Charlie.  In Oklahoma, glacann formhór na ndaoine leis an saol; tá mianach tuaithe iontu, fiú agus go bhfuil a dtromlach sna bailte móra anois.  Stát Poblachtánach é Oklahoma agus ní fheiceann Charlie go n-athróidh sé an iarraidh seo.

Tá an ucailéile ag tarraingt aird na mban ar Charlie, a deir a chomrádaithe.  Pé áit a bhfuil sé ar na longa, tarraingíonn sé amach an úcailéile agus cruinníonn na mná air, a mhaíonn siad.  Is iomaí sin Poblachtánach in Oklahoma agus ar fud Mheiriceá a déarfadh gurb é an peaca é nach úcailéile a bhí ag Donald Trump seachas an cheird a bhí air.   

Ach tá an port seo seinnte anois pé ar bith caoi a gcomhairfear na vótaí; tugann na pobalbhreitheanna is deireanaí buntáiste láidir do Hillary Clinton agus ní dóigh go gcuirfear scrúdú drugaí uirthi.   

Níl fanta anois ach tuilleadh spallaí a bheith á gcaitheamh i New Hampshire agus ar fud na tíre.  Meas tú nach deise é ceol suaimhneach an úcailéile in Oklahoma?