Litir oscailte ó 19 eagras Gaeilge le bronnadh ar bhaill Bhord Fhoras na Gaeilge roimh a gcruinniú ar maidin

Tá impithe ag na heagrais ar bhaill an Bhoird 'athmhachnamh práinneach' a dhéanamh ar na hathruithe atá beartaithe ar an Scéim Pobal Gaeilge

Sceim Pobal Gaeilge

Tá 19 eagras Gaeilge ar fud fad na hÉireann le litir oscailte a bhronnadh ar bhaill Bhord Fhoras na Gaeilge faoin Scéim Pobal Gaeilge agus na ciorruithe atá beartaithe di.

Ní luaitear sa litir oscailte an chonspóid a bhain le tuairiscí sna meáin an tseachtain seo caite faoi phlean foclóireachta atá réitithe ag an eagraíocht trasteorann.

Léirigh roinnt daoine míshástacht faoi eolas a sceitheadh maidir le plécháipéis ina bhfuil caiteachas €12.6 milliún luaite le plean straitéiseach foclóireachta an Fhorais.

Bronnfar an litir ar bhaill an Bhoird roimh a gcruinniú níos déanaí ar maidin.

Sa litir deir na heagraíochtaí go bhfuil roinnt ciorruithe á cur i bhfeidhm ar an Scéim don tréimhse 2016-2020, ina measc sin laghdú de 20% ar thuarastal na n-oifigeach forbartha, agus laghdú ar an maoiniú le haghaidh costais reatha agus oifige agus clár gníomhaíochtaí.

Tá na grúpaí míshásta freisin faoin moladh go gcuirfí cosc ar ghrúpaí a fhaigheann maoiniú faoin scéim cur isteach ar dheontais eile de chuid Fhoras na Gaeilge.

Deirtear sa litir oscailte go bhfágfaidh na hathruithe ar an scéim “grúpaí reatha amuigh ar na sráideanna” gan a ndóthain airgid acu costais chíosa agus eile a íoc. Deirtear chomh maith nach mbeidh na hoifigigh forbartha ag obair ach ceithre lá sa tseachtain agus nach mbeidh siad “ábalta seirbhísí riachtanacha, leanúnacha, pobalbhunaithe a sholáthar” do lucht na Gaeilge sna ceantair a bhfuil siad lonnaithe.

Léirítear imní sa litir freisin go gcaillfeadh na grúpaí pobail na hoifigigh atá fostaithe acu i láthair na huaire mar thoradh ar na hathruithe.

Scríobhadh sa litir go dtéann a bhfuil beartaithe don Scéim Pobal Gaeilge “in éadan spriocanna agus chuspóirí straitéiseacha Fhoras na Gaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge”.

Deirtear sa litir gur ghlac na grúpaí páirt sa phróiseas

comhairliúcháin a bhain leis an athbhreithiú ar an Scéim Pobal Gaeilge, ach go rabhthas fágtha anois ar an “ngannchuid”.

“Ag an am seo anuraidh, ghlac muid páirt ghníomhach sa phróiseas comhairliúcháin a d’fhógair sibh [Foras na Gaeilge] ar thodhchaí na scéime. Dúirt muid go soiléir gurbh fhiú leanúint leis an chur chuige pobalbhunaithe, logánta a dhíríonn acmhainní aon áit ina bhfuil éileamh agus riachtanais.

“D’aontaigh muid fosta gur chóir tuilleadh grúpaí a mhaoiniú chun leanúint leis an dea-obair a dhéantar sa phobal. Os a choinne sin, ní féidir seo a dhéanamh go héifeachtach ar an ghannchuid,” a scríobhadh thar ceann na 19 eagras.

Iarrtar sa litir ar Fhoras na Gaeilge “athmhachnamh práinneach” a dhéanamh ar an scéal agus an scéim nua atá molta a aisghairm go dtí gur féidir “infheistíocht chuí a chinntiú” do na grúpaí.

“Ní mór dúinn tosaíocht cheart a dhéanamh d’athbheochan phobalbhunaithe na Gaeilge. Tá an fhreagracht agus an t-údarás agaibh éisteacht le tuairimí an phobail. Impímid oraibh an rud ceart a dhéanamh,” a scríobhadh.

Thug an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Heather Humphreys, agus an tAire Cultúir ó thuaidh, Carál Ní Chuilín, a mbeannacht d’Fhoras na Gaeilge ag tús na míosa seo caite scéim pobail a fhógairt ar fiú €4 mhilliún í d’eagraíochtaí teanga pobail thar thréimhse ceithre bliana.

Faoin ‘Scéim Pobal Gaeilge’, dáilfear €4 mhilliún ar eagraíochtaí teanga pobail ar fud na tíre a mbeidh oifigigh forbartha lánaimseartha i bhfeighil orthu.

As seo amach, is scéim ceithre bliana a bheidh i gceist seachas scéim trí bliana mar a bhí ann roimhe seo, agus déanfar maoiniú ar suas le 26 eagraíocht.

19 eagraíocht ar fud na tíre a bhíodh ag fáil maoinithe cheana faoin scéim, ag áireamh ocht gcinn d’eagraíochtaí ó dheas agus 11 eagraíocht ó thuaidh den teorainn.

Fág freagra ar 'Litir oscailte ó 19 eagras Gaeilge le bronnadh ar bhaill Bhord Fhoras na Gaeilge roimh a gcruinniú ar maidin'