Litir chuig an Taoiseach ó 2115…

Dá mbeadh Enda Kenny ábalta an mórchruinniú aeráide i bPáras a phlé le duine a bheas beo i gceann céad bliain, cad a déarfaí leis?

EndaArdán Os Cionn Uisce, Oileán Éadaí, Contae Mhaigh Eo

Nollaig 2115

A Thaoisigh uasail,

Tá brón orm cur isteach ort ón am atá le teacht, ach chuir an Fhís-Mhír dá ndúirt tú i bPáras i 2015 iontas ar an rang iomlán san Aer-Scoil ar maidin.

NÓTA. Gabhaim mo leithscéal, a Thaoisigh. Tá a fhios agam nach raibh Fís-Mhír ná Aer-Scoil ná corrghléas eile a luafaidh mé sa teachtaireacht amthaistil ann nuair a bhí tusa beo. Cuirfidh mé míniú chugat ar ball más maith leat.

Dála an scéil, bhíodh cónaí fadó ar mo mhuintir cois cósta in aice le Cathair na Mart. Sílim go raibh tú féin sa teach uair nó dhó aimsir thoghcháin. Faraor, bhí orthu an áit a thréigean cúpla bliain ó shin mar gheall ar ardleibheál na farraige – 1.9 méadar os cionn leibhéal 2015.

Tá mionstaidéar ar aeráid na hÉireann le céad bliain á dhéanamh ag an rang faoi láthair. Ní drochscéal ar fad é. Mar shampla, chuir mo dheirfiúr fíonghort breá ar bun gar do Bhéal Easa i 2091. Dáréag fostaithe aici anois, agus brabach 27 milliún EuroDollar déanta anuraidh aici.

Ach ní foláir dom brostú. Is gléas nua é an Scamall-Phost seo, agus níl ar a chumas ach 500 focal ar a mhéad a sheoladh do dtí duine a bhí beo, gabhaim mo leithscéal, atá beo i ré eile.

Bhíomar go léir ar aon tuairim ar chloisteáil na hóráide agus na n-agallamh a thug tú i bPáras nuair a d’áitigh tú ar a raibh i láthair an gníomh a theastaigh a dhéanamh, ainneoin gur mhol tú go ndéanfaí eisceacht i gcás na hÉireann agus dár dtionscal mairteola go háirithe. Ainneoin gach fianaise faoin dochar comhshaoil a bheadh ann, dá bharr.

Níl athrú iar-ré ar rudaí a dúradh ná a rinneadh roimhe seo indéanta fós, faraor, dar le formhór shaineolaithe ár linne. Ach deir cuid acu gur féidir linn daoine a mhair roimhe seo a chur ar an eolas faoinar tharla ina ndiaidh. Dar leo go mb’fhéidir go ndéanfadh glúnta eile beart fónta dá thoradh. Ach níl ann ach ‘b’fhéidir’.

A Thaoisigh, i mbeagán focal:

1 Rinneadh comhréiteach suntasach i bPáras i 2015, ach níor chuir sé stop le téamh na cruinne.

2 Chuir tíortha eile brú ar Éirinn níos deireanaí truailliú mairteola a laghdú.

3 Dúirt Taoiseach a tháinig i do dhiaidh, agus laghdú ar an tréad náisiúnta á ghealladh aici i 2042, go ndearna tusa botún fadtéarmach nuair a chosain tú i bPáras an truailliú gan teora.

A Thaoisigh, níl an saineolas ar fáil fós a léireodh dúinne, ná duitse, conas stair an phláinéid a athrú. Ach sílim féin, agus rang staire iomlán na hidirbhliana, gur fiú ábhar machnaimh ar a laghad a sheoladh chugat trasna na mblianta.

Le meas,

Saoránach coinsiasach ó 2115

PS Cheal ama, ní féidir liom mórscéal peile Mhaigh Eo a réamh-inseacht duit anois. Pé scéal é, dúirt an múinteoir liom nach mbeadh sé cothrom croitheadh gan chúis mhaith a bhaint asat.

Moill idirpháirtí

Níl cearta fiosrúcháin ag an gCoimisiún Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (a bunaíodh i 2001) ach amháin i gcás gearáin a chuireann daoine eile faoina mbráid. Cuireann an dlí srianta casta ar úsáid na gceart sin.

B’fhéidir nach ábhar iontais é mar sin gur tháinig laghdú ar líon beag na ngearán bailí a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin anuraidh (12) i gcomparáid le 2013 (16).

Tá leasuithe ó bhonn ar an gcóras molta gach bliain ag an gCoimisiún le deich mbliana anuas. Ní foláir a rá ag an bpointe seo nach scata réabhlóidithe iad ná baol air.

Baill an Choimisiúin

An Breitheamh Daniel O’Keeffe (Cathaoirleach)

Cléireach an tSeanaid Deirdre Lane

Cléireach Cúnta na Dála Peter Finnegan

An tOmbudsman Peter Tyndall

An Príomh-Reachtaire Cuntais Seamus McCarthy

An t-iar-Theachta Dala Jim O’Keeffe

Freagra fiúntach ní bhfuair an Coimisiún ar na leasuithe a mhol siad gach bliain ar feadh deich mbliana, ó rialtas ar bith.

An dea-scéal? D’fhógair Brendan Howlin i mí an Mheithimh go dtabharfaí ‘tosaíocht’ do dhréachtadh leasuithe chun córas éifeachtach símplí nua a chur i bhfeidhm.

An drochscéala? Ní bheidh na leasaithe pléite ná rite ag an Oireachtas roimh an olltoghchán. Ina dhiaidh sin, cá bhfios?

Is láithreoir raidió ar fhoireann RTÉ é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Litir chuig an Taoiseach ó 2115…'