‘Líonaigí Daonáireamh 2016 i nGaeilge’ – Conradh na Gaeilge

Líon 7,751 teaghlach an leagan Gaeilge den fhoirm sa bhliain 2011, an uair dheiridh a ndearnadh daonáireamh sa stát, ach tá an Conradh ag súil go dtiocfaidh méadú ar an líon sin suas go 10,000 teaghlach i nDaonáireamh 2016 an mhí seo chugainn

Pictiúr: Conor McCabe
Pictiúr: Conor McCabe

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaeilge leagan Gaeilge d’fhoirm an daonáirimh a lorg agus Daonáireamh 2016 a líonadh i nGaeilge. Beidh daonra na hÉireann á áireamh an 24 Aibreán i mbliana.

Líon 7,751 teaghlach an leagan Gaeilge den fhoirm sa bhliain 2011, an uair dheiridh a ndearnadh daonáireamh sa stát, ach tá an Conradh ag súil go dtiocfaidh méadú ar an líon sin suas go 10,000 teaghlach i nDaonáireamh 2016 an mhí seo chugainn.

Sheol an Taoiseach Enda Kenny Daonáireamh 2016 inné. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh a dhéanann an daonáireamh agus baintear úsáid as na staitisticí a fhaightear uaidh ar go leor bealaí éagsúla, forbairt seirbhísí poiblí ina measc. Ar ndóigh is taifead tábhachtach staire iad torthaí an daonáirimh chomh maith.

Beidh áiritheoirí ag seachadadh na bhfoirmeacha as seo go ceann cúpla seachtain agus baileofar na foirmeacha líonta ón 25 Aibreán go dtí 23 Bealtaine.

Ní bheidh aon cheist nua ar an bhfoirm i mbliana ach cuireadh rogha bhreise leis na freagraí ar an gceist a bhaineann le pósadh. Beidh lánúin atá i bpáirtnéireacht shibhialta aonghnéis in ann an méid sin a chur in iúl. Cuirfidh lánúin aon-inscne atá pósta tic sa bhosca ‘pósta’.

De réir dlí, caithfear gach uile dhuine a bheidh sa stát an 24 Aibreán a chur ar fhoirm an daonáirimh. Cuireadh an dlí ar chúigear in 2011 mar níor líon siad an fhoirm.

De réir threoirlínte na Príomh-Oifige Staidrimh, ba chóir go gcuirfeadh áiritheoirí an Daonáirimh ceist ar gach duine cé acu ar mhaith leo an Daonáireamh a líonadh as Gaeilge nó as Béarla agus ba chóir go gcuirfí rogha leagan Gaeilge na foirme ar fáil do gach teaghlach nuair a thagann na háiritheoirí chuig an doras.

“Is iomaí duine le Gaeilge nach mbeadh ar eolas go bhfuil sé de cheart acu an leagan Gaeilge den fhoirm daonáirimh a lorg, ná go bhfuil fiú a leithéid de leagan den fhoirm le fáil ar an gcéad dul síos, ach tá áiritheoirí an Daonáirimh in ainm is an rogha teanga sin a thabhairt do gach teaghlach ag an doras – tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar phobal na teanga an deis sin a thapú agus rogha na Gaeilge a dhéanamh do Dhaonáireamh 2016 i mbliana,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Thug 1,1774,437 duine le fios in 2011 go raibh Gaeilge acu. Ba mhéadú é sin ar an 1,656,790 a thug le fios go raibh Gaeilge acu deich mbliana ó shin, in 2006. Ba mhó mná, 973,587, ná fir, 800,850, a thug le fios in 2011 go raibh Gaeilge acu.

Bhí 77,185 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil taobh amuigh den chóras oideachas in 2011 agus bhí 23% acu sin idir 5 bliana agus 18 mbliana d’aois. Bhí 30% acu idir 25 agus 44 bliain.

Thug 51% de dhaonra na Gaillimhe le fios go raibh Gaeilge acu in 2011, an céatadán is airde as na contaetha ar fad. Ar na chéad chontaetha eile ab airde bhí An Clár, Tiobraid Árann, agus Contae Luimnigh. Ba iad Baile Átha Cliath agus Contae Lú na contaetha ba lú cainteoirí Gaeilge.

B’ionann líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais i réigiúin Ghaeltachta agus 23,175 duine nó 24% den phobal iomlán  a bhí 3 bliana d’aois nó níos sine

sna réigiúin sin. Bhí 6,813 duine eile a labhair Gaeilge ar bhonn seachtainiúil. Léirigh thart ar 4,682 duine go raibh siad in ann Gaeilge a labhairt ach nár labhair siad go rialta í.