Líon na ndaoine a maraíodh i gcrith talún na hIodáile ag dul i méid agus 247 ar a laghad básaithe

Tá na seirbhísí tarrthála fós ag cuardach sa smionagar d’fhonn teacht ar dhaoine a tháinig slán ó chrith talún an lae inné

Earthquake

Meastar go rachaidh líon na ndaoine a maraíodh sa chrith talún sa Iodáil inné i méid.

De réir an áirimh is déanaí, 247 duine ar a laghad a maraíodh sa chrith talún i lár na hIodáile agus tá cóir leighis á cur ar 368 duine eile a gortaíodh.

Tuairiscíodh go bhféadfadh líon na ndaoine a maraíodh sa chrith talún, a bhain 6.2 amach ar an scála richter, a bheith níos airde ná líon na daoine a maraíodh sa chrith talún mór deireanach a bhuail an Iodáil in 2009. Maraíodh 300 duine sa chrith talún sin.

Tá na seirbhísí tarrthála fós ag cuardach sa smionagar d’fhonn teacht ar dhaoine a tháinig slán ó chrith talún an lae inné a scrios bailte beaga ar nós Amatrice, Accumoli agus Arquata del Tronto i gceantar sléibhe Lazio agus Marche.

Tá gníomh tarrthála do na ceantair a buaileadh á phlé ag cruinniú rialtais inniu. Idir an dá linn, dúirt Príomh-Aire na hIodáile, Matteo Renzi, inné:

“Inniu tráth an chaointe; féadfaimid labhairt ar an obair atógála amárach.”

Fág freagra ar 'Líon na ndaoine a maraíodh i gcrith talún na hIodáile ag dul i méid agus 247 ar a laghad básaithe'