Líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge méadaithe ó 7,000 in 2004 go dtí 19,000 in 2014

De réir taighde nua a rinne an ESRI, measann daltaí meánscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar 'is deacra' acu

File photo Leaving Cert Exams Begin Tomorrow 9/6/2011 Leaving Cert at Belvedere College. Students at Belvedere College in Dublin sit the second day of the leaving cert exams today (9/6/2011). More than 115,000 second level students began their Leaving and Junior Certificate exams this morning. The students will be examined in almost 100 different subjects and more than 3m exam papers have been printed. Photo. Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Mhéadaigh líon na ndaltaí meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge ó 20,000 in 2004 go dtí 32,000 in 2014.

7,000 dalta meánscoile a fuair díolúine ón nGaeilge in 2004 mar go raibh míchumas foghlama orthu, agus 19,000 duine a fuair a leithéid de dhíolúine in 2014.

De réir taighde nua a rinne an ESRI agus a bhfuil tuairisc faoi ar an Irish Times ar maidin, measann daltaí meánscoile gurb í an Ghaeilge an t-ábhar ‘is deacra’ acu.

De réir eolais a fuair Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise anuraidh, rinne 62% de na daltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge le trí bliana anuas staidéar ar theanga eile seachas an Béarla

Le trí bliana anuas fuair 6,111 dalta Ardteiste díolúine ón nGaeilge agus rinne 3,791 duine acu sin staidéar ar theanga nó ar theangacha eile nach Béarla iad, ina measc an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Spáinnis agus eile.

Anuas air sin, tháinig méadú beagnach 5% ar líon na ndaltaí Ardteiste a fuair díolúine ón nGaeilge idir 2011 agus 2014. 1,997 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2011/12 agus 2,088 duine a fuair díolúine sa scoilbhliain 2013/14.

Tháinig méadú freisin ar líon na ndaltaí a fuair díolúine ón nGaeilge ach a rinne staidéar ar theanga eile – ó 1,237 sa bhliain 2011/12 go 1,272 sa bhliain 2013/14.

Tosaíodh ag caint ar athbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge sa Roinn Oideachais ag deireadh na nóchaidí, breis agus cúig bliana déag ó shin.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) in 2014 ar dhoiciméid a bhaineann leis an athbhreithniú sin, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisíocht ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon chomhfhreagras, plépháipéir, meamraim, miontuairiscí ná cáipéisíocht eile faoi cheist díolúine na Gaeilge ina seilbh.

Dúradh nárbh ann do dhoiciméid ar bith a measadh a bheith bainteach leis an scéal.