Líon na dticéad a díoladh d’Fhéile na Gealaí i mbliana méadaithe faoi ceathair

Tháinig méadú mór ar líon na dticéad campála agus ar líon na dticéad lae a díoladh d’fhéile na bliana seo

Líon na dticéad a díoladh d’Fhéile na Gealaí i mbliana méadaithe faoi ceathair

Tá a cheithre oiread ticéad campála díolta don fhéile cheoil ‘Féile na Gealaí’ i mbliana thar mar a díoladh anuraidh, an chéad bhliain a raibh an fhéile ar siúl.

Thug urlabhraí de chuid na féile le fios do Tuairisc.ie tráthnóna gur tháinig méadú mór ar líon na dticéad campála agus ar líon na dticéad lae a díoladh d’fhéile na bliana seo.

I measc na gceoltóirí a bheidh ar an stáitse an deireadh seachtaine seo beidh Dysania, IMLÉ, Boss Sound Manifesto agus Diane Ní Chanáin.

Beidh ceoltóirí Gaeltachta as Ráth Chairn i láthair ag an bhféile freisin, leithéidí ‘Dó Fá Dó’ agus ‘Éamon agus Mícheál’ chomh maith le Emma Ní Fhíoruisce agus Cathal Ó Curnáin, as Gaeltacht Thír Chonaill, Lauren Ní Chasaide as Baile Átha Cliath agus JJ Ó Dochartaigh as Béal Feirste.

Beidh imeachtaí eile, nach imeachtaí ceoil, ar siúl i gcaitheamh an deireadh seachtaine freisin, ranganna ióga agus an imeacht filíochta REIC atá dhá bhliain ar an bhfód anois. Tá imeachtaí do theaghlaigh óga pleanáilte ag lucht Fhéile na Gealaí freisin.

Is féile cheoil agus champála í Féile na Gealaí do chainteoirí Gaeilge í a chuireann ardán ar fáil do cheoltóirí agus do bhannaí ceoil a bhíonn ag casadh ceol nua-aimseartha i nGaeilge nó a labhraíonn Gaeilge.

Bhuaigh Féile na Gealaí an gradam don fhéile cheoil ab fhearr in 2016 ag Gradaim Cheoil Nós i mBaile Átha Cliath ag tús na bliana. Ba vóta poiblí a bhí i gceist leis an ngradam sin i mbliana agus fuair Féile na Gealaí an ceann is fearr ar leithéidí Oireachtas na Samhna, Ravelóid sa Chathair, agus Traidphicnic an Spidéil.