Liombó Luimnigh, díograis nua na nGaillimheach agus tuilleadh – a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Agus na Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána anois faoi lán seoil, breathnaíonn Tuairsic.ie ar a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

Liombó Luimnigh, díograis nua na nGaillimheach agus tuilleadh – a raibh le foghlaim ó chluichí CLG an deireadh seachtaine

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Bliain eile i Roinn 1B i ndán d’fhir Luimnigh

Níl ach cluiche amháin imeartha acu sa tsraith iomána i mbliana ach, cheana féin, breathnaíonn sé go mbeidh Luimneach ag caitheamh bliain eile, ar a laghad, i Roinn 1B. Cluiche ollmhór a bhí inné acu agus iad ag tabhairt aghaidh ar Loch Garman agus cé go raibh fir Luimnigh sé phointe chun cinn ag leath ama, níor scóráil siad ach ceithre phointe sa dara leath agus thug foireann Davy Fitzgerald an bua  leo.

Fágann sin gur snámh in aghaidh easa ag Luimneach an t-ardú céime a bhaint amach, go háirithe agus cuma na maitheasa ar Ghaillimh, más aon chomhartha an greadadh a thug siadsan d’Uíbh Fhailí inné.

Chaithfeá trua a bheith agat do Luimneach mar cé nach bhfuil siad in ann éalú ó Roinn 1B anois, deir siad féin nár cheart dóibh a bheith chomh fada sin ann ar chor ar bith. Cheap siad go raibh ardú céime bainte amach acu in 2011 nuair a bhuaigh siad gach cluiche i Roinn 1B, ach rinne CLG an cinneadh gan ach sé fhoireann a fhágáil i Roinn 1A, rud a d’fhág Luimneach sáinnithe i Roinn 1B. Is ann atá siad ó shin.

Damien Comer. Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

Díocas á thaispeáint ag peileadóirí na Gaillimhe

Foireann eile ar theip orthu éalú as an dara roinn arís agus arís eile ná peileadóirí na Gaillimhe. Níor imir siad i Roinn 1 ó 2011 agus is minic a luaitear an méid sin agus daoine ag caint ar an meath atá tagtha orthu le roinnt blianta anuas.

Tá ábhar dóchais ag lucht leanúna an chontae ó thús na sraithe, áfach, agus teacht aniar déanta sa dá chluiche atá imeartha acu chun pointí sraithe a ghnóthú.

Ar an Domhnach, bhí siad ceithre phointe chun deiridh ag leath ama in aghaidh Fhear Manach ach tháinig fir Kevin Walsh ar ais go láidir sa dara leath, agus Paul Conroy agus Damien Comer go háirithe á spreagadh, chun bua 1-13 in aghaidh 0-10 a fháil. An Domhnach roimhe sin, bhí siad dhá phointe chun deiridh ar Chorcaigh agus an t-am beagnach caite ach d’aimsigh Cathal Sweeney agus Cillian McDaid pointe an duine chun go mbeadh comhscór ann.

Fágann sé sin go bhfuil Gaillimh sa dara háit i Roinn 2 agus péire de na foirne is láidre sa roinn imeartha cheana acu. Ó tharla go bhfuil an chuma ar chúrsaí gur beag atá idir na foirne ar fad i Roinn 2, d’fhéadfadh gur mhór an cúnamh dóibh an díocas nua seo atá léirithe ag na Gaillimhigh.

Kevin McStay. Pictiúr: INPHO/Presseye

Dea-scéal ag teastáil ó McStay i Ros Comáin

Ag an bpointe seo sa tsraith anuraidh, bhí bua iontach faighte ag peileadóirí Ros Comáin ar Chiarraí i gCill Airne. Chloígh siad Corcaigh, an Dún agus Dún na nGall ina dhiaidh sin, ach níl cuma chomh maith sin faoi láthair orthu.

I ndiaidh éachtaí an earraigh sin, in olcas atá cúrsaí imithe do Ros Comáin. Chaill siad na trí chluiche dheiridh a bhí acu sa tsraith in 2016 agus níor tháinig mórán feabhais ar chúrsaí sa chraobh. Thug siad na cosa leo ó Nua-Eabhrac ach is gearr eile a mhair siad sa chraobh. Fuair  Gaillimh an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais an chúige agus chuir An Clár an ruaig orthu sna babhtaí cáilithe.

I rith an gheimhridh, d’éirigh comhbhainisteoir Ros Comáin, Fergal O’Donnell, as a phost agus rinne beirt de na himreoirí is fearr a bhí acu, Cathal Cregg agus Neil Collins, an cinneadh éirí as an bpainéal. Tá Niall Daly é féin imithe anois ó baineadh den pháirc é ag leath ama sa chluiche a chaill siad in aghaidh Thír Eoghain seachtain ó shin. Inné, fuair Dún na nGall an ceann is fearr orthu.

Ní éireoidh cúrsaí níos éasca don bhainisteoir Kevin McStay amach anseo ach an oiread agus Maigh Eo agus Ciarraí rompu i mbabhtaí 3 agus 4.

Kieran Kingston. Pictiúr: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Céim chun cinn tugtha ag iománaithe Chorcaí

Cé nach dea-scéal a bhí ann do pheileadóirí Chorcaí an deireadh seachtaine seo, nuair a chaill siad in aghaidh Chill Dara, beidh iománaithe an chontae sásta go bhfuil tús maith curtha acu le Roinn 1A. Bhí farasbarr seacht bpointe  acu in aghaidh an Chláir oíche Dé Sathairn agus chruthaigh na himreoirí óga atá tugtha isteach ag Kieran Kingston go maith.

Bhí mac an bhainisteora, Shane, ar dhuine díobh sin. Cé nach bhfuil sé ach 19, tá a ainm in airde sa chontae cheana féin agus d’aimsigh an tosach óg ceithre phointe sa dara leath.

Taobh le Kingston, d’aimsigh beirt eile ón bhfoireann faoi 21, Darragh Fitzgibbon agus Luke Meade, pointí do Chorcaigh agus iad beirt ag imirt sa tsraith den chéad uair. Bhí iománaithe Chorcaí in ísle brí in 2016 ach beidh súil acu go gcuirfidh na fir óga seo fuinneamh nua iontu i mbliana.