‘Like’ tugtha le croí mór maith ag aistritheoirí Gaeilge do shiombail nua Twitter

Tá deireadh tagtha leis ‘an réaltóg’ (‘favourite’) ar Twitter agus ‘croí’ anois ina háit. Tá an leagan Gaeilge den suíomh curtha in oiriúint do na hathruithe nua seo cheana féin

tweeting-150413_1280

Tá Twitter agus Vine tar éis an réaltóg a bhaint óna gcuid teachtaireachtaí agus ainm nua a thabhairt orthu i mBéarla agus Gaeilge araon. Tá siombail ‘croí’ anois in áit siombail na réaltóige ar Twitter agus ‘likes’ tugtha orthu.

Go dtí seo chuirtí réaltóg ‘le’ giolc ach ‘is maith liom’ a thabharfar feasta do ghiolc a thaitneodh le duine. Tá na croíthe beaga le feiceáil ar an suíomh sóisialta Vine freisin le cúpla uair a’ chloig anuas.

Ní raibh aon deacracht ann leis an leagan Gaeilge de Twitter agus téarmaí Gaeilge curtha ar na nithe nua gan aon mhoill. Is iondúil go mbeadh an leagan Gaeilge de Facebook, fathach eile na meán sóisialta, beagán taobh thiar de na huasdátaithe a dhéantar ar an suíomh sin i mBéarla.

Deir lucht Twitter go ndearnadh an t-athrú ó ‘réaltóg’ go ‘croí’ mar go bhféadfadh siombail na réaltóige mearbhall a chur ar úsáideoirí nua.

“D’fhéadfadh sé go dtaitníonn go leor rudaí leat ach nach iad na rudaí is fearr leat,” a scríobhadh i bpreasráiteas a cuireadh amach inniu, ag tagairt don nós a bhí ann ‘favourite’ a thabhairt ar na réaltóg ar Twitter.

“Is siombail é an croí a théann i bhfeidhm ar dhaoine, beag beann ar a dteanga, a gcultúr agus difríochtaí ama a dtíortha. Tá an croí lán de bhrí, agus ligeann duit go leor mothúchán a chur in iúl agus teacht le chéile go héasca le daoine. Thaitin sé go mór le daoine inár gcuidne tástálacha,” a dúradh.

Beidh na croíthe le feiceáil ar Twitter.com, Tweetdeck, agus aipeanna Twitter don iOS, Android agus Windows 10 feasta.

Tuairiscíodh le deireanas go bhfuil Twitter ag cailleadh airgid i gcónaí in ainneoin an 302 milliún úsáideoir atá cláraithe leis an suíomh ó thosaigh sé beagnach deich mbliana ó shin.

Fág freagra ar '‘Like’ tugtha le croí mór maith ag aistritheoirí Gaeilge do shiombail nua Twitter'