Liam S. Gógan, céad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann, agus file a éilíonn aird i gcónaí

Bhí lón machnaimh i ‘Ceo Draíochta: Tionscadal Liam S. Gógan’, seó de chuid IMRAM

Liam S. Gógan, céad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann, agus file a éilíonn aird i gcónaí

B’fhéidir go bhfuil an locht ar an gcóras oideachais, nó ar an athrú a thagann ar dhaoine agus iad ag dul in aois, ach de réir mar a thagann ‘ciall’ chugainn, feictear dom go dtagann meath ar ár dtuiscint ar an bhfilíocht.

Tháinig an smaoineamh sin chugam, mé ag dul abhaile ó léiriú suimiúil de chuid IMRAM agus ag féachaint ar chultacha Oíche Shamhna i bhfuinneog siopa.

Chuireadar an-chuid brú orainn, ar scoil, seafóid a fhoghlaim. Raiméis mar:
Nuair a thagann Oíche Shamhna
Bíonn spraoi againn is spórt,
Rudaí deasa le n-ithe,
Ciste milis de gach sórt.

B’fhéidir gur síleadh go gcothódh sé meas ionainn ar an bhfilíocht. Agus sinn inár ndéagóirí, áfach, ba iad na dánta dorcha, agus iad cineál ait, a chuaigh i bhfeidhm orainn; dánta mar ‘Na Coisithe’, le Liam S. Gógan.

Níor thuig mé ag an am é, agus ní thuigim fós cad a bhí ar siúl ag na coisithe, nó fiú cá rabhadar ag siúl, ach chuir siad isteach orm, go háirithe na línte deireanacha:

I gcoim na hoíche dorcha,
Is cách ‘na thoirchim suain,
Sea cloisimse na coisithe
Ag teacht ‘s ag imeacht uaim.

Bhí sé thar am am dúinn súil eile a chaitheamh ar shaothar an fhile seo. Chun cabhrú linn an t-athléamh sin a dhéanamh ar Ghógan, chuir Colm Breathnach, Sinéad Ní Uallacháin agus Colm Ó Snodaigh a chuid filíochta inár láthair. Chualathas freisin ceol le Ó Snodaigh a chum sé féin don ócáid, agus ba í Margaret Lonergan a chruthaigh an taispeántas iontach pictiúr.

Dar le Colm Breathnach, fear a bhfuil suim ar leith aige i saothar Ghógan, is file nua-aimseartha é amach is amach.

Deir Breathnach go rachadh cuid de shaothar an fhile i bhfeidhm ar léitheoirí an lae inniu agus leag béim ar an bhfilíocht ghrá a chum sé agus ar an léiriú atá i ndánta eile ar an “imní uirbeach”.

Mar a dúirt léirmheastóir amháin faoi ‘No Coisithe’, nuair a léitear é ag an luas ceart agus leis an nglór ceart, tá sé mar a bheadh “ifreann” i do scanrú.

I gcoim na hoíche cloisim iad,
Na coisithe ar siúl;
Airím iad, ní fheicim iad,
Ní fios cá mbíonn a gcuaird.
I gcoim na hoíche dorcha
Is an uile ní ina shuan,
Airím teacht na gcoisithe
I lár an bhaile chiúin.
An daoine iad nach sona dhóibh,
Nó anama i bponc?
Nach aoibhinn dóibh an t-ionad sin
‘Na gcónaíd go buan?
I gcoim na hoíche dorcha,
Is cách ‘na thoirchim suain,
Sea cloisimse na coisithe
Ag teacht ‘s ag imeacht uaim.

I dtaobh na teanga de, deir Breathnach go raibh Gógan “ina nua-chóiritheoir” agus é “ag iarraidh an teanga a fhorbairt”.

Rinne Gógan an-chuid oibre ar son na teanga, go háirithe leis an Duinníneach. Ba mhian leis an bhfoclóirí go mbeadh ainm Ghógan in éineacht lena ainm féin ar an bhfoclóir, ach ní raibh Cumann na Scríbheann Gaeilge sásta go ndéanfaí sin.

Tá sé deacair meon an Bhreathnaigh agus na tuairimí a bhí ag comhghleacaithe áirithe a thabhairt le chéile. Dúirt an léachtóir, foclóirí agus scríbhneoir, Eoghan Ó hAnluain: ‘Liam S. Gógan applied his lexicography to well-wrought but pedantic verse’. Agus dúirt an téarmeolaí aitheanta, Fidelma Ní Ghallchobhair go raibh Gógan in aghaidh “focail iasachta a thógáil isteach sa teanga, nó focail a chumadh ar dhul na bhfocal iasachta”.

Cad a cheapfadh Gógan faoi chúrsaí Twitter agus Facebook nó fiú, na meáin chumarsáide ag caint faoin mbuiséad in ionad na cáinaisnéise.

Ach bhí acmhainn ghrinn aige freisin. Ag tagairt dá chúram mar an chéad rúnaí tuarastail ag Óglaigh na hÉireann, dúirt sé: “Céad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann a bhaistim orm féin’.

Ní raibh sé riamh ina shaighdiúir, toisc cos bhacach a bheith aige, agus scoláire ab ea é ar feadh a shaoil ach amháin le linn na mblianta sin nár éirigh leis post a fháil mar gheall gur dhiúltaigh sé mionn dílseachta a thabhairt don choróin.

Sheas sé leis an bPoblacht i gcónaí agus thug sé seal in Frongoch. Go deimhin, deirtear gur eisean a chum an focal ‘poblacht’ nuair a cheistigh Tomás MacDonagh é faoin nGaeilge ar “republic”.

Ba é an chéad seirbhíseach poiblí agus d’fhan sé ina sheirbhíseach poiblí sa Phoblacht ach ní dílseacht neamhcheisteach a bhí i gceist, ach a mhalairt. Bhíodh clú agus cáil uair amháin ar an dán ‘Liobharn Stáit’, agus b’fhéidir go bhfuil sé in am ag ár gceannairí polaitiúla é a léamh agus ár Stát ‘ag imeacht léi gan mhairg’.

Seo an chéad véarsa:

Ar léinsigh órga an uisce
Ar a bhfuil na néalta daite
Tá an bád canálach liosta
Ag imeacht léi gan mhairg –
Is fear a stiúrtha meata
Ag cuimhnithibh gan áird.
Ní curtha i dtábhacht a ciste
A cáil ná cúis an aistir
Is í liodarthacht na leisce
Luas dlisteanach a taistil
Is ní scanraíonn sí an eala
Is í ag dul thar bráid.

Bhí CEO DRAÍOCHTA: TIONSCADAL LIAM S GÓGAN ar siúl mar chuid d’fhéile litríochta IMRAM atá ar siúl i mBaile Átha Cliath faoi láthair

Fág freagra ar 'Liam S. Gógan, céad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann, agus file a éilíonn aird i gcónaí'

  • Cathal Ó Catháin

    Ba mhaith linn ‘Na Coisithe’ a thaifead muid féin, le cur ar Youtube leis an aos óg a scanrú!
    Tá cuid againn ó Aisteoirí an Lóchrainn ag cabhrú le tionscadal a chuireann ábhar i nGaeilge den chineál ‘Leabhar Cainte’ ar fáil ar an suíomh ‘John Farrell’.