‘Let us then make common cause…each in their own mother tongue’ –  gáir chatha Stefan Zweig

Is maith a fhóireann teachtaireacht Stefan Zweig do Zeitgeist an lae inniu agus an Eoraip ‘on the brink’ athuair

‘Let us then make common cause…each in their own mother tongue’ –  gáir chatha Stefan Zweig

Messages from a lost world: Europe on the brink
Stefan Zweig
Pushkin Press

‘There is less sleep in the world today; longer are the nights and longer the days. In each land of this limitless Europe, in every city, every street, every house, every apartment, the reposeful breath of sleep is now clipped and feverish; like an oppressive and stifling summer night, this inferno of an epoch glows over us, throwing the senses into confusion.’ 

Is sa bhliain 1914 a scríobh Stefan Zweig (1881-1942) an méid sin. De bhunadh na hOstaire é, Giúdach, fear léannta, scríbhneoir Gearmáinise, duine de na daoine sin a chonaic uafáis an chéad agus an dara cogadh domhanda. Chuir sé féin agus a chéile mná, Lotte, lámh ina mbás féin sa bhliain 1942 ar mhéid a n-éadóchais, creidtear.

Sraith bheag aistí dá chuid atá in Messages from a lost world: Europe on the brink (Pushkin Press), sraith bheag luachmhar aistí a thugann léargas air, ar an Eoraip lena linn agus ar an Eoraip sa lá atá inniu. Nach maith mar a fhóireann an líne sin – ‘There is less sleep in the world today; longer are the nights and longer the days’ – do Zeitgeist an lae inniu go fóill?

Idir 1914 agus 1941 a foilsíodh na haistí seo agus is dea-shampla iad de chumhacht na haiste mar fhoirm ealaíne inti féin, mar dhán próis den scoth. Chuirfeadh an cur chuige agus an meon an Piarsach, Ó Conaire, Mac Grianna, Hubert Butler, Orwell agus W.G. Sebald i gcuimhne duit, an meon ar leith sin a scrúdaíonn an saol mór iontach agus a fheiceann an rud nach bhfeiceann mórán eile.

Scríobhann Zweig ar theangacha, ar an stair, ar fhorbairt na smaointeoireachta san Eoraip agus ar aontas na hEorpa – sa bhliain 1934 a bhí sé ag caint air sin. Tá cuimhní cinn aige ar a chathair dhúchais, Vín, agus aiste dhorcha ar chúrsaí reatha na hEorpa sa bhliain 1941 agus an Eoraip ar fad le thine.

Níl spéis agat i Vín? Ach, a dhuine, is ag tabhairt léargais duit atá sé ar do chathair féin, ar do dhúiche féin: ‘If I speak to you of the Vienna of yesterday, it is not an obituary or funeral oration that I am giving. We have not yet buried her in our hearts and we refuse to believe that temporary subjugation is synonymous with total surrender.’

Níl cónaí ort i Vín. Tuigim ach tá cónaí ort i nGaillimh, i gConamara, i nDuibhlinn, i bhfearann mistéireach eile. Seo agat do mhúnla, seo agat do threoraí, seo agat an múinteoir a chuireann oiliúint ort le peann a chur le pár faoi do cheantair dúchais féin.

Seo é ag caint ar chúrsaí ealaíne: ‘This perennial amazement that something can be born of nothing and yet defy time sometimes allows us to exist in another sphere: that of art … It is the finest element of our human heart to be touched by the greatness and mysteriousness of these works and it is the finest element of the human spirit to unravel this mystery.’

Sea, sin agat é, mistéir na healaíne, na léitheoireachta, na scríbhneoireachta, na bpictiúr. Ní minic, mar sin féin, go ndéanann muid ár machnamh ar an mhistéir, ar an chumas iontach cumadóireachta sin a bhíonn i ndaoine an dán, an gearrscéal, an t-úrscéal, an aiste, an dealbh, an phortráid a chur romhainn. Cuireann Zweig cuireadh ort an machnamh sin a dhéanamh.

Thuig sé cumhacht focal i bhfianaise an oilc: ‘It is for us today, those to whom words are granted, in the midst of a reeling, half-devastated world, to maintain in spite of everything faith in a moral force, confidence in the invincibility of the spirit. Let us then make common cause; let us accomplish our duties in our work and in our life, each in their own mother tongue, each for their own country.’

Níor leor na focail sin leis an mhisneach a choinneáil ann féin. Ach baineann siad macalla asainn. Tá an domhan seo againne ‘reeling’ agus ‘half-devastated’ ach a leithéid d’fhoclóir atá aige le dúshlán an fhoréigin a thabhairt: creideamh, cúis, dualgas, moráltacht, spiorad, teanga dhúchais.

Cá bhfuil an tÉireannach nach n-aithneodh an gháir chatha sin – agus nach bhfreagródh í dá réir sin?

Fág freagra ar '‘Let us then make common cause…each in their own mother tongue’ –  gáir chatha Stefan Zweig'

  • Éadóchasach

    Ceist agam oraibh, a lucht Thuairisc: An fiú alt fé aistriúchán go Béarla a fhoilsiú ar an suíomh seo? An fiú alt eile de chuid Phól Ó Muirí, atá le léamh go rialta insan ‘Irish Times’, a fhoilsiú?

    Níl aon ní agam i gcoinne an Bhéarla, ná i gcoinne Phól Ó Muirí; is maith liom an teanga san a labhairt (go laethúil) agus is maith liom an fear san a léamh (go rialta, insan ‘Irish Times’). Is dócha, áfach, go bhfuil go leor desna daoine a bhfuil Tuairisc.ie á léamh acu cosúil liom fhéinig. Is é sin le rá gur féidir leo teacht ar ailt fé litríocht an Bhéarla go héasca, agus gur féidir leo ailt de chuid Phól Ó Muirí a léamh in áiteanna eile. Áis iontach is ea an suíomh seo toisc nach bhfuil a mhacasamhail le fáilt áit ar bith eile agus gur féidir leis rudaí a fhoilsiú nach bhfuil a leithéid le léamh áit ar bith eile. Canathaobh nach bhfuil an deis sin á tapú agaibh?

    Is maith liom go bhfuil ailt fé leabhair le léamh anso ó am go ham, ach nach mbeadh sé go hiontach ailt a fhoilsiú fé leabhair ná bhfuil aistrithe go fóill, nó ailt fé thraidisiúin litríochta seachas litríocht an Bhéarla nó litríocht na Gaolainne? Is maith liom go bhfoilsíonn sibh scríbhneoirí maithe, ach nach mbeadh sé go foirfe ailt ó phinn nua a fhoilsiú ó am go ham?

    Fé mar adúras, nílim i gcoinne an Bhéarla, nílim i gcoinne Phól Ó Muirí; táim i bhfabhar glórtha nua agus táim cinnte go bhfuil daoine i measc bhur léitheoirí a bheadh in ann ailt spéisiúla a scríobh – ailt nach mbainfeadh leis an mBéarla, ná leis an nGaolainn, ná le hÉire fiú -, daoine b’fhéidir nach raibh deis againn aon ní a chlos uathu go dtí seo. Is iad sin na hailt gur mhaith liomsa a léamh, is iad sin na scríbhneoirí gur mhaith liomsa aithne a chur orthu. Déarfainn go bhfuil léitheoirí eile den dtuairim chéanna ach is sibhse atá in ann iad a fhoilsiú, na hailt agus na scríbhneoirí araon.

    Is dá bharr go ndeirimse libh, a lucht Thuairisc: Tugaidh deis dosna scríbhneoirí sin, na scríbhneoirí nach féidir linn iad a léamh áit ar bith eile, agus ligidh dóibh ailt a scríobh nach féidir linn iad a léamh áit ar bith eile!