LEONARD COHEN (1934-2016): Ar shlí, níl deireadh in aon chor leis, ná baol air, is ní bheidh go deo…

Duine ab ea Leonard Cohen a bhí ar an aistear fada rúnda sin i dtreo na háilleachta, an ghrásta agus an ghrá agus tá deireadh an aistir sin sroichte anois aige

LEONARD COHEN (1934-2016): Ar shlí, níl deireadh in aon chor leis, ná baol air, is ní bheidh go deo…

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí an fhírinne uaidh riamh, an fhírinne faoi fhéin, an fhírinne faoin domhan. Thabharfadh tóraíocht sin na fírinne é chuig mainistir Zen idir na blianta 1993 -1999.

Nuair a chuala mé go raibh an chéim dheireanach glactha aige ar bhóthar na fírinne, d’fhéachas ar an scannán atá ar fáil anseo, é ina fhear óg dathúil – ar nós Dustin Hoffman, bhí daoine á rá, agus b’iúd ar stáitse é agus é ag insint jócanna chomh maith le fear coiméide ar bith, mheasas. Bhí rud éigin á thiomáint. Cad a bhí á thiomáint, á ghríosú, á lorg aige? An rud atá uainn go léir, i bhfios nó gan fhios dúinn.

Ach nach raibh gach aon rud aige cheana! Dathúil, tallannach, de chúlra gustalach Giúdach. Tóir ar an úrscéal a scríobh sé, tóir ar a chuid filíochta. É lán de joi de vivre, fear comhluadair, fear grinn. Cailíní i ngrá leis.

Duine fiosrach a bhí ann, fiosrach faoin saol, fiosrach faoi fhéin. Cad a dhein brónach é? Is cinnte go bhfuil duairceas in an-chuid de na hamhráin mhóra aige, Suzanne, cuir i gcás. Thar aon chine eile – tá na Gaeil mar sin chomh maith – is dóigh liom go bhfuil meascán iontach den duairceas is den ghreann ag baint le Giúdaigh. Go minic is cosaint in aghaidh chos ar bolg é an greann céanna.

Bhí áthas orm nuair a d’iarr IMRAM orm cuid de liricí Cohen a aistriú go Gaeilge. Bhí Suzanne cloiste agam míle uair (agus Susanne sa Seomra Folctha ab ainm dom chéad chnuasach filíochta) ach ní go dtí gur thugas faoina aistriú a thuigeas chomh fuinte is a bhí sé mar amhrán. Is clasaiceach é.

Bhíodh Cohen ag scríobh cúig huaire an chloig sa lá, ag scríobh is ag athscríobh. Oirfideach míorúilteach ar stáitse ab ea é ach seasann go leor de na liricí ar pár chomh maith, agus seasfaidh:.

Suzanne

Suzanne cois na habhann
Greim láimhe ar a chéile
Is is clos na báid ag gluaiseacht
Beidh tú léi ar feadh na hoíche.
Agus tá sí leathchraiceáilte
Sin an fáth a bhfuil tú léithi:
Seo chughainn tae anois ’s oráistí
Ó chuanta na Síne
Is tú ar tí anois a rá léi
Nach bhfuil grá agat le tabhairt di
Ar a tonnfhad breá atá tú
Ag an abhainn atá an freagra:
Bhí tú riamh mar leannán aici:
Is ba mhaith leat taisteal léithi
Is ba mhaith leat taisteal dall
Mar tá muinín aici asat –
Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.
Is bhí Íosa ina loingseoir
Nuair a shiúil Sé ar an uisce
Is bhí feitheamh fada fuar ann
Óna thúr adhmaid uaigneach,
Is nuair tuigeadh Dó gan bhréag
Nach mbeadh radharc Air ach san éag:
‘Bíodh gach éinne ina loingseoir
Go saorfaidh an mhuir mhór iad.’
Ach bhí Sé briste brúite
Sula n-osclódh na spéartha,
É tréigthe, nach mór daonna,
Bádh faoi do ghaois-se É mar chloch.
Is ba mhaith leat taisteal Leisean
Is ba mhaith leat taisteal dall
Ba mhaith leat É a thrustáil –
Bhí A aigne sáite ionat riamh anall.
Tá do lámh ag Suzanne
Agus seo libh chun na habhann
Lena ceirteacha is cleití
Ó Naomh Uinseann bocht de Pól
Tá an ghrian ag doirteadh meala
Ar ár maighdean ’tá sa chuan.
Agus deir sí ‘Féach arú
I measc an bhruscair is na mbláth.
Tá na Fianna san fheamainn
Is tá leanaí ann ar maidin.
Táid ag síneadh chun an ghrá
Agus is amhlaidh a bheidh choíche.’
Ag Suzanne ’tá an scáthán:
Is ba mhaith leat taisteal léithi
Is ba mhaith leat taisteal dall
Mar tá muinín aici asat –

Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.

Uair amháin a chonaic mé ar stáitse é, i mBaile Átha Cliath. Murach gur ghoid a bhainisteoir Kelley Lynch $9 milliún uaidh, is dócha nach raghadh sé ar an mbóthar chomh minic is a chuaigh!

D’fhoghlaim sé go leor óna chathair dhúchais, Montreal, cathair mhór shofaisticiúil. Meabhraíonn sé sin dom: bhíos ag ceolchoirm Onóir sa Cheoláras Náisiúnta le déanaí agus thug Peadar Ó Riada, bail ó Dhia is ó Mhuire is ó Ghobnait na Cille air, thug sé seanmóir uaidh mar gheall ar lárú, nó lárachas. Tá sé ina aghaidh, is cosúil. (Cad a chuirfeadh sé ina áit, an paróisteachas?) Ach féach gur i mBaile Átha Cliath agus ní i gCúil Aodha atá an Ceoláras Náisiúnta!

Tá gá le cathracha móra, le lárú; ní hionann sin is a rá nach ceart dúinn a bheith dílis dár bhfréamhacha, más faoin tuath, i mbailte móra nó i mbailte beaga iad. Agus thagadh Cohen ar ais go minic go Montreal, an chathair a mhúnlaigh a chuid aislingí agus a mhianta.

Ar aon chuma, bhí sé suimiúil féachaint ar Cohen ina fhear óg sa scannán sin, Fraincis ar a thoil aige (mar atá ag go leor Ceanadach) agus Gréigis cuibheasach maith aige leis de réir dealraimh. Ba í Marianne Ihlen a Bhé inspioráide agus bhí siad le chéile sa Ghréig, ar oileán Hydra, ar feadh cuid mhaith de na 60idí. Bímis buíoch dise chomh maith mar sin agus do Suzanne Elrod, an dara bean ina shaol, máthair na bpáistí aige.

Is dóigh liom gur thuig sé go rímhaith go gcaithfeadh sé stampa a phearsantachta féin a bhualadh ar a chuid dánta agus ar a chuid amhrán agus gurb é sin is brí le grásta nó slánú i saol an ealaíontóra, teacht ar do ghuth féin agus gan a bheith i do phearóid, ag déanamh aithrise ar dhaoine eile. Thuig Cohen go raibh galair an aonchineálachais ag leathnú ar fud an domhain agus ghaibhnigh sé féiniúlacht uathúil dó féin ina chuid amhrán, amhráin a chuimsigh an misteachas Giúdach, an t-earótachas agus an pholaitíocht. Aithnímid go léir é sin agus is luachmhar linn é, measaim.

Nuair a chualamar amhráin ar nós Suzanne agus sinn ag éirí aníos, d’aithníomar duine a bhí ar an aistear fada rúnda sin i dtreo na háilleachta, an ghrásta agus an ghrá agus tá deireadh an aistir sin sroichte anois aige. Ar shlí. Ar shlí eile, níl deireadh in aon chor leis, ná baol air, is ní bheidh go deo.

Fág freagra ar 'LEONARD COHEN (1934-2016): Ar shlí, níl deireadh in aon chor leis, ná baol air, is ní bheidh go deo…'