An lá mór tagtha do Leo Varadkar agus é le toghadh ina Thaoiseach

I ndiaidh vóta sa Dáil ag meán lae, rachaidh Leo Varadkar go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air

An lá mór tagtha do Leo Varadkar agus é le toghadh ina Thaoiseach

Leo Varadkar. Pictiúr: RollingNews.ie

Beidh Leo Varadkar, atá 38 bliain d’aois, ar an Taoiseach is óige riamh agus ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach ar an tír ach a thoghfar inniu é.

Timpeall meán lae a chuirfear ainmniúchán Varadkar faoi bhráid na Dála.

I ndiaidh vóta na Dála rachaidh ceannaire Fhine Gael go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air.

Fillfidh an Taoiseach nua ar Theach Laighean ina dhiaidh sin agus déanfaidh sé teagmháil lena chomhghleacaithe faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh maidir le hatheagar na comh-aireachta.

Fógrófar na hathruithe sin sa Dáil ag timpeall 6pm tráthnóna agus fillfidh an Taoiseach ansin ar Áras an Uachtaráin agus a chuid airí ina theannta an turas seo.

Reáchtálfar an chéad chruinniú den chomh-aireacht nua san Áras ach a séala oifige a bheith faighte ag na hairí ón Uachtarán.

Is iad an bheirt is mó atá á lua le hardú céime ná an t-aire stáit Michael Ring agus an Teachta Dála Eoghan Murphy, an té a bhí i gceannas ar fheachtas ceannaireachta Varadakar.

Tá Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, agus a réamhtheachtaí sa phost sin, Joe McHugh, chomh maith leis an aire stáit Patrick O’Donovan á lua i measc na ndaoine a d’fhéadfadh ardú céime a bheith i ndán dóibh má dhéanann an Taoiseach nua beart nach raibh coinne leis.

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne

Meastar go gceapfar an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Paschal Donohoe ina Aire Airgeadais.

Fógraíodh tráthnóna inné go raibh an tAire Tithíochta Simon Coveney, ar éirigh le Varadkar an ceann is fearr a fháil air i rás na ceannaireachta, ceaptha ina leascheannaire ar Fhine Gael agus tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha á lua leis le roinnt laethanta anuas. Beidh Ard-Aighne nua le ceapadh chomh maith agus é fógartha go mbeidh Máire Whelan ag triall ar an gCúirt Achomhairc. An t-abhcóide sinsearach Frank Callanan atá á lua mar chomharba uirthi.

Toisc an 44 Teachta Dála atá ag Fianna Fáil a bheith ag staonadh ón vóta faoi ainmniúchán Varadkar mar Thaoiseach, 57 vóta a theastóidh uaidh le go dtoghfar é. Bainfidh sé an móramh sin amach le tacaíocht an 50 Teachta Dála atá ag Fine Gael agus roinnt neamhspleách.

Dúirt ceannaire Fhine Gael le Tuairisc.ie nár ghá go mbeadh Gaeilge líofa ag an aire a bheadh i bhfeighil Roinn na Gaeltachta, fad is go mbeadh an duine sin sásta iarracht a dhéanamh líofacht sa teanga a bhaint amach.

Tá Conradh na Gaeilge ag súil go dtapóidh Varadkar an deis duine a bhfuil Gaeilge líofa aige a cheapadh mar Aire Sinsearach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Dúirt Varadkar go n-úsáidfeadh sé an Ghaeilge gach lá ina chuid oibre mar Thaoiseach agus go dtabharfadh sé faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú.

Dúirt sé go mbeadh polasaí “réamhghníomhach” aige maidir le bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí chun freastal ar an “méadú leanúnach” ar an éileamh ar an oideachas lán-Ghaeilge. Dúirt sé chomh maith gur cheart go mbeadh an rogha ag cách freastal ar naíonra, Gaelscoil agus Gaelcholáiste.

Tá cáil ar Leo Varadkar ó bhí sé ina pholaiteoir óg mar choimeádach atá fada a dhóthain amach ar an eite dheis agus chuir sé olc ar mhórán, mar shampla, nuair a dúirt sé le déanaí gur cheart go mbeadh sé mar cheannaire a d’fhreastalódh “ar dhaoine a éiríonn go moch ar maidin”.

In agallamh le Harry Magee ón Irish Times le linn an fheachtais ceannaireachta i bhFine Gael, dúirt Varadkar gur liobrálaí é ó thaobh na heacnamaíochta agus ceisteanna sóisialta de. Dúirt sé nach raibh aon chiall a thuilleadh, sa pholaitíocht mar atá, lipéad ‘na heite deise’ nó ‘na heite clé’ a chur ar dhaoine.

“Déarfainn gur liobrálaí mé ó thaobh na heacnamaíochta agus ceisteanna sóisialta de, agus is ionann sin ag daoine de ghnáth agus duine atá ar chlé ón lár fad is a bhaineann sé le ceisteanna sóisialta agus atá claonta i dtreo na heite deise fad is a bhaineann sé le cúrsaí eacnamaíochta,” a dúirt sé.

Toghadh Leo Varadkar chun na Dála i mBaile Átha Cliath Thiar den chéad uair in 2007. Dochtúir ab ea é sular toghadh ar dtús é agus ceapadh ina Aire Sláinte é in 2014. Roimhe sin bhí sin ina Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. Ceapadh é ina Aire Coimirce Sóisialaí i mBealtaine na bliana seo caite. Is é an mac is óige ag Ashok agus Miriam Varadkar. As Mumbai san India d’Ashok Varadkar ó dhúchas.

Ar a 36ú breithlá, i mí Eanáir 2015, d’fhógair Varadkar go poiblí den chéad uair go raibh sé aerach.

“Ní rud é a leagann amach cé mé fhéin. Ní polaiteoir leathIndiach mé, ná ní dochtúir-polaiteoir mé, ná ní polaiteoir aerach mé dála an scéil. Níl ann ach gur cuid díom féin é, ní hé go leagann sé amach cé mé féin, is tréith a bhaineann liom é, is dócha,” a dúirt sé.

Thacaigh Varadkar go láidir leis an reifreann faoin bpósadh aerach in 2015 cé go ndúirt sé roinnt blianta roimhe sin go raibh sé i gcoinne a leithéid.

Is as Maigh Eo dá pháirtí, Matthew Barrett, ar dochtúir agus cainteoir líofa Gaeilge é.

Fág freagra ar 'An lá mór tagtha do Leo Varadkar agus é le toghadh ina Thaoiseach'