Leo Varadkar curtha i gcomparáid le Donald Trump ag iarThánaiste

Ní róthógtha atá an t-iarpholaiteoir Gaeltachta Mary Coughlan le tvuíteáil ná le stocaí an Taoisigh nua

Leo Varadkar curtha i gcomparáid le Donald Trump ag iarThánaiste

Tá comparáid déanta ag an iarThánaiste Mary Coughlan idir cur chuige an Taoisigh Leo Varadkar agus an t-iompar a bhíonn ar bun ag Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, ar na meáin shóisialta.

Dúirt an t-iar-aire oideachais agus iarThánaiste inniu go raibh an Taoiseach nua róghafa leis na meáin shóisialta agus thagair sí chomh maith do na stocaí dearga le suaitheantais Cheanada a chaith sé le linn cuairt Phríomh-Aire na tíre sin, Justin Trudeau, ar Éirinn le déanaí.

Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

“Fear uasal atá ann go pearsanta [Leo Varadkar] … ach tá rudaí an-tábhachtach ag dul ar aghaidh agus socks agus rudaí mar sin níl sé sin tábhachtach chor ar bith …

“Tá sé an-éasca a bheith ar Twitter agus gan agallaimh a dhéanamh, cosúil leis an méid atá ag dul ar aghaidh le hUachtarán Mheiriceá agus níl sé sin ceart ar chor ar bith,”
a dúirt an t-iarpholaiteoir as Gaeltacht Dhún na nGall.

Agus í faoi agallamh ag Aodh Máirtín Ó Fearraigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, mhaígh an t-iarThánaiste go mbíonn ró-aird ag an Taoiseach ar na meáin shóisialta.

“Tá rudaí an-tábhachtach ag tarlú, leis an Eoraip, polasaithe … tá daoine faoi bhrú mór ina gceantair féin, agus tá sé ró-éasca a bheith ar Twitter.”

Mhaígh Ní Chochlainn chomh maith go raibh faillí á déanamh ag an rialtas i leith mhuintir na tuaithe, go raibh dul chun cinn á dhéanamh i mBaile Átha Cliath ach go raibh “dearmad” déanta ar an gcuid den tír atá “taobh amuigh den Pale”.

Mhaígh sí leis gur ar éigean go mbíonn aon tionchar ag polaiteoirí neamhspleácha na Dála. 

“An ndearna siad difear ar bith sa tír seo cé go bhfuil siad tofa sa Dáil seo?  Cad a rinne siad? Cén chumhacht atá acu le tacaíocht a thabhairt do mhuintir na háite?  I mo thuairimse, ní dhearna siad rud ar bith,” a dúirt iar-leascheannaire Fhianna Fáil.

Dheimhnigh Ní Chochlainn, a bhí ina Teachta Dála idir 1987-2011, nach mbeadh sí ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.

Fág freagra ar 'Leo Varadkar curtha i gcomparáid le Donald Trump ag iarThánaiste'