Leo Varadkar an t-aon Aire a shínigh Clár na nAirí i nGaeilge

Ba é an tAire Coimirce Sóisialaí, Leo Varadkar, an t-aon bhall den comhaireacht nua a chuir an leagan Gaeilge den Roinn a bhfuil sé anois i gceannas uirthi lena ainm ar chlár na nAirí Dé hAoine seo caite

3/2/2015. Alcohol Bills

Ba é Leo Varadkar an t-aon bhall den chomhaireacht nua a chuir an leagan Gaeilge den Roinn a bhfuil sé anois i gceannas uirthi lena ainm ar chlár na nAirí Dé hAoine seo caite.

Chuir an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe, pictiúr den chlár, agus é sínithe ag gach ball den chomhaireacht nua, amach ar Twitter tráthnóna Dé hAoine. Scríofa in aice le hainm Varadkar bhí ‘An t-aire leasa shóisialaigh’.

Pic Pascal D

Ní hí seo an chéad uair a léirigh Leo Varadkar bá leis an teanga. Nuair a bhí sé ina Aire Iompair in 2013 d’ordaigh sé don Údarás um Bóithre Náisiúnta (NRA) tús a chur le crochadh comharthaí nua a thabharfadh an stádas céanna don Ghaeilge agus don Bhéarla. Chuir Paschal Donohoe, a tháinig i gcomharbacht ar Varadkar san aireacht sin, an t-ordú sin ar ceal.

Tá Donohoe anois ina Aire sa Roinn atá freagrach as riaradh na foirne sa státseirbhís agus as cur i bhfeidhm pholasaí earcaíochta Gaeilge na státseirbhíse .

Paschal Don

Fág freagra ar 'Leo Varadkar an t-aon Aire a shínigh Clár na nAirí i nGaeilge'

  • Fearn

    “Leo Varadkar an t-aon Aire a shínigh Clár na nAirí i nGaeilge”

    ?? Tá an focal “Taoiseach” ann chomh maith !

    “Ba é Varadkar an t-aon bhall den comhaireacht nua a chuir an leagan Gaeilge den Roinn a bhfuil sé anois i gceannas uirthi…”

    ??Ba é Varadkar an t-aon bhall den comhaireacht nua a chuir an leagan Gaeilge (mar a bhí: R. Leasa Shóisialigh )den Roinn a bhfuil sé anois i gceannas uirthi … ??

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Cá bhfuil an Tánaiste??

    Shílfeá go ndéanfadh an tAire Oideachais agus Scileanna iarracht an Ghaedhlig a úsáid…comóradh 1916 agus Pádraig Mac Piarais srl…

    Furast a fheiceáil nach bhfuil suim dá laghad ag an dream seo an Ghaedhlig a úsáid ná í bheith feiceálach sa Dáil. Dea-shampla a Airí???

  • Stilla Mellis

    Chaith Enda Kenny an Fáinne lá a insealbhaithe.