Leithscéal gafa ag an BBC faoin gcaoi ar pléadh an Bhreatnais ar Newsnight

Dúirt an craoltóir náisiúnta go raibh ‘aiféala’ orthu faoin gcaoi ar pléadh an Bhreatnais ar eagrán de ‘Newsnight’ a craoladh níos luaithe an mhí seo

Leithscéal gafa ag an BBC faoin gcaoi ar pléadh an Bhreatnais ar Newsnight

Tá leithscéal gafa ag an BBC as an eagrán den chlár cúrsaí reatha Newsnight a spreag go leor gearán ó phobal na Breatnaise níos luaithe an mhí seo.

Chuir os cionn 8,000 duine a n-ainm le hachainí ar líne ag tús na míosa ag éileamh ar an BBC athbhreithniú  a dhéanamh ar pholasaí an chraoltóra náisiúnta maidir le cláir a chraoltar faoin mBreatnais.

Dúirt an BBC go bhfuil “aiféala” air nach ndearnadh “anailís agus díospóireacht níos cuimsithí” ar an ábhar ar an gclár inar cuireadh an cheist cé acu “help or hindrance to the nation” í an Bhreatnais.

Níor tugadh cuireadh d’aon chainteoir Breatnaise a bheith ar phainéal an chláir a craoladh. Le linn an chláir, cháin Julian Ruck, údar agus iriseoir, an t-airgead a chaitear ar chur chun cinn na Breatnaise agus labhair Ruth Dawson, eagarthóir The Conversation, ar son na teanga.

D’iarr Aire na Breatnaise, Alun Davies, ar an BBC leithscéal a ghabháil as an gclár.

I ráiteas a d’eisigh an BBC maíodh go raibh “dearcaí éagsúla” á léiriú ar an gclár faoin mBreatnais ach go gcuirfeadh “anailís agus díospóireacht níos cuimsithí” leis an gclár.

“Tá aiféala orainn (nach ndearnadh an anailís sin) ach creidimid go raibh sé tábhachtach breathnú ar an ábhar seo agus breathnófar arís air amach anseo,” a dúradh sa ráiteas.

Dúirt Huw Marshall, a chuir an achainí ar líne ar bun i ndiaidh chraoladh an chláir, go n-aimseofaí san athbhreithniú fadhbanna a bhaineann le cláir a chraoltar ar an BBC faoin mBreatnais agus go mbeifí in ann a dhéanamh amach ar chóir nó nár chóir córais nua eagarthóireachta a chur ar bun.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an BBC faoin gcaoi ar pléadh an Bhreatnais ar Newsnight'