Leithscéal gafa ag an Aire Leo Varadkar as freagra Béarla a thabhairt ar cheist Dála as Gaeilge

Sárú é ar an reachtaíocht teanga agus ar rialacha na Dála araon freagra i mBéarla a thabhairt ar cheist scríofa Dála a bhíonn i nGaeilge

Leithscéal gafa ag an Aire Leo Varadkar as freagra Béarla a thabhairt ar cheist Dála as Gaeilge

An tAire Coimirce Sóisialaí Leo Varadkar. RollingNews.ie

Tá leithscéal gafa ag an Aire Coimirce Sóisialaí Leo Varadkar as freagra Béarla a thabhairt ar cheist Dála a cuireadh air i nGaeilge.

Ba é Pearse Doherty, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, a chuir an cheist scríofa i nGaeilge ar an Aire Varadkar ar an 4 Deireadh Fómhair.

Bhain an cheist le scoil i gcontae Dhún na nGall nach raibh páirteach i Scéim na mBéilí Scoile agus cé gur i nGaeilge a lorgaíodh ráiteas ón Aire faoin scéal ba i mBéarla a bhí an freagra a cuireadh ar fáil.

Sárú é ar an reachtaíocht teanga agus ar rialacha na Dála araon freagra i mBéarla a thabhairt ar cheist scríofa Dála a bhíonn i nGaeilge.

Chuir Doherty ceist arís ar an Aire Varadkar an tseachtain seo faoin gcúis nach i nGaeilge a tugadh freagra an Aire.

Cé nár thug an tAire Varadkar aon mhíniú ar an scéal dúirt sé gur “oth” leis gur i mBéarla a freagraíodh an cheist agus cuireadh an freagra ar fáil athuair i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Leithscéal gafa ag an Aire Leo Varadkar as freagra Béarla a thabhairt ar cheist Dála as Gaeilge'

  • Fearn

    An raibh teanga Bharad Chairr ag sceitheadh air?