‘Léitheoir Gréasáin’ seolta ag Abair.ie le cabhrú le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu

Cabhróidh an tseirbhís nua Abair.ie le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu suíomhanna idirlín atá scríofa i nGaeilge a úsáid

‘Léitheoir Gréasáin’ seolta ag Abair.ie le cabhrú le daoine a bhfuil lagú radhairc orthu

Tá seirbhís nua seolta ag Abair.ie a chuireann sintéis ‘téacs-go-hurlabhra’ ar fáil d’aon suíomh idirlín Gaeilge.

Fágann sé seo go mbeidh eagraíochtaí in ann sintéiseoir Abair.ie a cheangal lena suíomh idirlín agus go ‘léifear’ an téacs ar an suíomh sin amach os ard do chuairteoirí.

Tá Abair.ie ar an bhfód le tamall de bhlianta anuas agus is féidir téacs a chóipeáil agus a ghreamú sa sintéiseoir ar shuíomh na háise féin, ach fágann an tseirbhís nua seo go mbeidh daoine a bhfuil lagú radhairc orthu in ann aon suíomh Gaeilge a dhéanann ceangal leis an tseirbhís nua a úsáid.

De réir an Achta um Mhíchumas, tá ceangal dlí ar chomhlachtaí poiblí sintéis téacs-go-hurlabhra a chur ar fáil ar a gcuid suíomhanna gréasáin “a fhad is atá sé indéanta agus iomchuí”. Ní rabhthas in ann é sin a dhéanamh i gcás na suíomhanna sin a bhfuil go leor ábhar Gaeilge orthu — suíomh na Roinne Gaeltachta, mar shampla — ceal teicneolaíochta.

Tá an fhadhb sin anois réitithe ag lucht Abair.ie i gColáiste na Tríonóide agus an Léitheoir Gréasáin seolta acu. Maíonn lucht a fhorbartha go bhfuil Léitheoir Gréasáin Abair.ie “an-éasca” le húsáid agus nach gá ach líne amháin HTML a chur leis an suíomh lena cheangal leis.

Tá trí ghlór ag an Léitheoir Gréasáin, a fhreagraíonn do na trí mhórchanúintí Gaeilge: Gaeilge Uladh, Gaeilge Chonnacht agus Gaeilge na Mumhan. Tá glórtha an sintéiseora múnlaithe ar ghlórtha cainteoirí dúchais a chabhraigh leis an togra.

Is féidir luas na cainte a athrú ó ‘go mall’ go ‘gnáthluas’ go ‘go tapa’, agus tá uirlis ann a aibhsíonn na focail agus na habairtí atá á léamh amach de réir mar a léitear iad.

Tá an tseirbhís á cur ar fáil saor in aisce ag Abair.ie le húsáid ar shuíomhanna idirlín.

Tá sintéiseoir darb ainm ‘Browsealoud’ in úsáid ag Tithe an Oireachtais ar an suíomh oifigiúil agus cé go gcuireann an sintéiseoir áirithe sin rogha os cionn 40 teanga agus canúint ar fáil níl an Ghaeilge i measc na dteangacha sin.

Dúirt ulrabhraí ó Abair.ie le Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go bhféadfaí tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an sintéiseoir atá taobh thiar den Léitheoir Gréasáin nua sa chaoi is go bhfreastalódh sé ar an mBéarla agus ar an nGaeilge araon.