‘Leithcheal’ ar phobal ar leith ó thuaidh a bheadh in Acht Gaeilge — an tOrd Oráisteach

Maíodh in aighneacht a chuir an tOrd Oráisteach faoi bhráid na Roinne Cultúir in 2015  gur “léir” go raibh an Ghaeilge i seilbh pobal ar leith ó thuaidh agus go mbeadh drochthionchar ag Acht Gaeilge ar an gcaidreamh idir an dá phobal

‘Leithcheal’ ar phobal ar leith ó thuaidh a bheadh in Acht Gaeilge — an tOrd Oráisteach

Bhí an tAcht Gaeilge a mhol an t-iarAire Cultúir Carál Ní Chuilín in 2015 “leithchealach” agus ní raibh aon bhunús le tuairim an iarAire Ní Chuilín nach mbeadh, dar leis an Ord Oráisteach.

Tháinig an méid sin chun solais i gcáipéis a fuair an nuachtán News Letter faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a bhain leis an bpróiseas comhairliúcháin a bhí ar siúl dhá bhliain ó shin faoi Acht Gaeilge ó thuaidh.

In aighneacht a chuir an Dochtúir David Hume faoi bhráid na Roinne cultúir dúirt sé go raibh “meas” ag an Ord Oráisteach ar an nGaeilge ach nach raibh aon athrú tagtha ar sheasamh na heagraíochta maidir le reachtaíocht teanga.

Dúirt Ní Chuilín ag an am go mbeadh tionchar maith ag an Acht Gaeilge a mhol sí in 2015 ar Chaitlicigh, ar náisiúnaigh, ar dhaoine single, ar dhaoine óga, ar dhaoine atá faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil daoine eile ag brath orthu, agus nach mbeadh aon drochthionchar nó leithcheal i gceist leis an reachtaíocht.

Ach san aighneacht a chuir an tOrd Oráisteach faoi bhráid na Roinne, dúradh go raibh an tuairim sin mícheart agus nach raibh sí bunaithe ar an bhfírinne.

Dúirt Hume, a chuir a ainm leis an aighneacht, gur “léir” gur i seilbh pobal ar leith a bhí an Ghaeilge ó thuaidh agus go mbeadh drochthionchar ag Acht Gaeilge ar an gcaidreamh idir an dá phobal.

Mhaígh sé go gcothódh cuid de na moltaí a bhí déanta ag Ní Chuilín naimhdeas don Ghaeilge agus go gcuirfeadh coincheap an Choimisinéara Teanga olc ar dhaoine agus bheadh drochthionchar aige sin ar an gcaidreamh idirphobail freisin.

Rinne an News Letter anailís ar aighneachtaí eile a cuireadh faoi bhráid na Roinne Cultúir maidir leis an Acht Gaeilge a moladh in 2015. Ba léir ó chuid de na haighneachtaí sin a dhiongbháilte is a bhí seasamh an DUP i leith na ceiste.

Dúirt an MLA d’Aontroim-Theas Trevor Clarke nár chóir an reachtaíocht a thabhairt isteach mar gur “teanga mharbh” í an Ghaeilge.

“Is teanga mharbh í. Seachas daoine á bheith á húsáid mar ábhar spéise, rud nach bhfuil faic agam ina choinne. Is dóigh liom gur cheart d’aon dream atá ag iarraidh an teanga seo, nó teanga ar bith eile, a úsáid, an maoiniú di a chur ar fáil iad féin,” a dúirt Clark ina aighneacht.

Dúirt Jim Shannon, an MLA do Bhaile Loch Cuan, go raibh an moladh maidir le reachtaíocht teanga “déistineach” agus “amaideach”.

“Níl aon bhunús leis seo. Tacaím leis an gcultúr agus an oidhreacht a chaomhnú ach is céim rófhada í seo, go deimhin is ‘maratón’ rófhada atá ann,” a dúirt Shannon.

Ba í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne ba mhó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna.

Tá Sinn Féin agus Rialtas na hÉireann ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

Tá aighneas ann chomh maith faoi ghnéithe éagsúla den Acht Gaeilge atá á éileamh ag Sinn Féin, ceist na bpost do dhaoine le Gaeilge sa Státseirbhís agus ceist na gcomharthaí bóthair, mar shampla.

Meastar, áfach, nach bhfuil an méid atá á éileamh faoi láthair ag Sinn Féin chomh cuimsitheach is a bhí an tAcht a moladh in 2015.

Fág freagra ar '‘Leithcheal’ ar phobal ar leith ó thuaidh a bheadh in Acht Gaeilge — an tOrd Oráisteach'