LÉIRMHEAS – Uiscí Fuara as Tobar an Anama

Léiríonn 'Anamlón Bliana - ó dhialanna an Ríordánaigh' go aibh an Ríordánach chun cinn ar réimse leathan ealaíontóirí agus smaointeoirí “meitifisiciúla”.

10648394_1532249280344080_8951115952021160428_o

Díolaim mhór í seo agus í bunaithe ar dhialanna an fhile Seán Ó Ríordáin, na dialanna suaithinseacha sin a scríobh sé ar feadh beagnach 40 bliain.

Ba chuma é a bheith go dona tinn nó a mhalairt; bhreac Ó Ríordáin a chuid smaointe go rialta iontu ón mbliain 1940 ar aghaidh, beagnach go dtí lá a bháis sa bhliain 1977.

Cuimsíonn an leabhar seo atá curtha le chéile go healaíonta ag Tadhg Ó Dúshláine 365 iontráil, ceann do gach lá den bhliain; soláthraíonn siad léargas suaithinseach ar intinn chráite an fhile.

Cloisimid an file agus é i mbun comhrá leis féin, é ag síorcheistiú bhrí na beatha agus fiúntas na filíochta mar léargas ar an domhan istigh, domhan an anama.

Pléitear éagsúlacht ábhar sna dialanna seo – an coimhthíos a bhraith an Ríordánach leis an tsochaí thart timpeall air agus an praghas millteanach ard a d’íoc sé ar son a chuid filíochta.

Anuas air sin, phléigh sé cúrsaí tinnis, ceist na fulangtha agus ceist an bháis (an eagla roimhe agus an dúil ann), ar chineál agus ar ról an scríbhneora ar coimhthíoch aige an tsochaí dar díobh é, feidhm agus cumhacht spioradálta na healaíne, an féin istigh, an Caitliceachas agus an Ghaeilge – gan ach beagán téamaí a lua.

An tragóid is mó a bhaineann le Seán Ó Ríordáin nár gur mheas sé é féin a bheith salaithe, truaillithe idir anam is chorp, agus meabhraíodh an méid sin dó gach lá dá shaol de dheasca ghalar dofheicthe na heitinne a bheith sna cnámha aige.

Tuairiscíonn sé lorg an ghalair chéanna i gcuid mhór de na tagairtí dialanna agus toisc é a bheith ag scríobh filíochta ar imeall dhá theanga, samhlaíodh go minic dó go raibh lorg an bháis ar an nGaeilge mar an gcéanna.

Is spéisiúil é léargas an Riordánaigh ar na mórcheisteanna pearsanta agus fealsúnachta seo agus go háirithe an machnamh fada a rinne sé ar chúrsaí ama agus ar nádúr an ama – mar a tuigeadh go dtí le deireanaí é i réimse na fealsúnachta.

Níl amhras orm ach go raibh an Ríordánach chun cinn ar réimse leathan ealaíontóirí agus smaointeoirí “meitifisiciúla”, go háirithe i dtaobh iniúchadh fhealsúnach ar nádúr an ama de.

Smaoiním ar leithéidí Tarkovsky, scannánóir Rúiseach, agus an machnamh fealsúnach a nocht sé ar an scáileán agus é ag iarraidh tuiscint a sholáthar ar bhrí agus nádúr an ama agus an nasc idir sin agus an fhilíocht – an t-am atá thart, an t-am atá le teacht, an t-am nach bhfeictear ag dul tharainn é agus mar sin de:

Cad is filíocht ann? Caint linbh? Aigne – samhlaíocht linbh? Beirt i seomra. Capall ag gabháil na sráide lasmuigh. Féachann an duine fásta amach. ‘Sin capall Sheáin Uí Cheallacháin/ a deir sé ina aigne, ‘ag breith ualach prátaí ar an margadh’. Cailleann an duine fásta an capall ar an gcuma sin de dheasca a chuid eolais. Ní shaibhríonn an capall ná an saol beatha an duine fásta. Airíonn an leanbh fuaim an chapaill. Blaiseann sé fuaim an chapaill ar son na fuaime féin. Agus éisteann leis an bhfuaim ag dul i laghad agus i laghad agus ag titim siar siar isteach san Tost. Agus is ionadh leis an fhuaim agus is ionadh leis an Tost. Agus bíonn an saol lán d’alltacht agus de dhraíocht…

(2. 4. 1949)

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS – Uiscí Fuara as Tobar an Anama'

  • Ruairi s. O'Donaill

    TA SUIL AGAM GO MBEIDH NIOS MO LE RA AG MICHEAL O’hAODHA FAOIN LEABHAR ‘ANAMLON BLIANA” AG TADHG O’DUSHLAINE UAIR EIGIN AMACH ANSEO. CEAPAIM GO BHFUIL I BHFAD NIIOS MO LE RA FAOIN LEABHAR AIRITHE SEO NA MAR A SCRIOBH MICHEAL O’hAODHA. IS TRUA LIOM MAR A CHAITH SE LEIS MAR ‘AISTE CRITICE’. NI AISTE LITRIOCHTA A CHUM SE MAR BA DHUAL DO SCRIOBHNEOIR AG CUR SIOS AR SHAOTHAR CO-TABHACHTACH IS ATA FILIOCHT AGUS SCRIBHINNI SHEAIN UI RIORDAIN.