LÉIRMHEAS: Tús cuíosach maith le hoidhre Breaking Bad

Tá lucht déanta Better Call Saul ag súil lorg Breaking Bad a leanúint ach éalú óna scáth ag an am céanna. An fál go haer é?

better-call-saul-music-video-debuts-this-weekend_hvnx.1920

Ar an 20 Eanáir 2008 craoladh clár piolótach ar an gcainéal AMC i Meiriceá ina bhfacthas fear ina fhobhrístí, le gásmhasc, ag cur Winnebago thar claí i bhfásach New Mexico.

B’shin tús Breaking Bad, clár a aithnítear anois a bheith ar cheann de na cláracha teilifíse is mó tóir agus is cliste ó bhí Tony Soprano, Jimmy McNulty agus an tUachtarán Bartlett i mbarr a réime i dtús na mílaoise.

Cé gur thóg sé tamall ar an gclár guailleáil isteach i scioból samhlaíochta an lucht féachana (agus tharla sin a bhuíochas do Netflix), d’aithin léirmheastóirí agus lucht na ngradam ar an bpointe go raibh táirge suaithinseach tagtha ar an bhfód agus d’éirigh le Bryan Cranston trí dhuais Emmy as a chéile a chrochadh leis dá thaispeántas mar Walter White.

Ní raibh d’aithne air roimis sin ach mar an liúdramán d’athair in Malcolm in the Middle. Tá nach mór bliain go leith caite ó craoladh an gála deireanach ach maireann an chuimhne i gcónaí agus é mar shlat tomhais d’aon chlár ardléannta.

Cé nach ngéillim don tuairim go bhfuil Breaking Bad níos fearr ná The Sopranos, tá sé ar cheann de bhuaicphointí na teilifíse le 20 bliain anuas gan aon agó.

Ní nach ionadh, mar sin, go mbeadh an cathú, agus an brú ann teacht i dtír ar an gcáil sin. Cuireadh clabhsúr cuimsitheach leis an tsraith, rud a d’fhág nach bhféadfaí leanúint ar aghaidh agus ní cheadódh struchtúr an scéil agus comhdhéanamh na gcarachtar réamhscéal díreach.

Dá bhrí sin, cinneadh imeacht fiarsceabhach agus tabhairt faoi réamhscéal duine de na carachtair thánaisteacha. Ní nach ionadh, síneadh ceamra i dtreo an dlíodóra dheisbhéalaigh Saul Goodman, nó Jimmy McGill faoi mar a thugtar air sa chéad dá chlár de Better Call Saul (Dé Luain agus Dé Máirt ar Netflix).

Ní gá go mbeadh Breaking Bad feicthe agat le taitneamh a bhaint as an tsraith seo ach cuirfidh sé go mór le do thuiscint ar na carachtair mar tá, agus beidh roinnt acu ag filleadh.

Go dtí seo, tá tosach an ghaoil le Mike Ehrmantraut agus an gealt foréigeanach Tuco Salamanca feicthe againn. Ina theannta sin tá an chéad deich nóiméad den gclár suite tar éis eachtraí Breaking Bad agus Saul ar a theitheadh agus i bhfolach i Nebraska (áit agus eachtra a ndéantar tagairt dóibh in Breaking Bad). Ansin déantar sinn a theilgean siar go dtí an tréimhse i bhfad sula mbuaileann Walter White an doras isteach chuige.

An-seans, mar sin, go mbeifear siar is aniar as na hiardhearcaí. Ag an bpointe seo, táthar ag iarraidh éachtaint a thabhairt ar an gclaochlú ó McGill go Goodman.

D’eascair cumas Breaking Bad as téagar na gcarachtar, an cuar scéalaíochta agus an teannas dochreidte a gineadh. Ba dhreasanna grinn iad na radharcanna le Saul agus é ag cur de ar dalladh.

Táthar ag iarraidh an dá thrá a fhreastal go dtí seo agus iarracht á dhéanamh téagar a chur sa charachtar agus míreanna teannasacha a sholáthar ach ag an am céanna táthar ag iarraidh an dríodar cainte a choimeád i lár an aonaigh.

Tá an baol ann, mar sin, go gcaillfear léim an dá bhruach. Sampla de sin ná an tslí ar imigh an radharc fásaigh le Tuco ar bhóléigear agus gur deineadh ceap magaidh agus beagán de charachtar a bhí deartha go snasta.

Ar an dtaobh eile den scéal, bhí an cantam ceart de ghreann agus teannas sa chomhcheilg le deartháireacha na gclár scátála.

Sin an dúshlán atá roimh Saul, mar sin: atmaisféar agus scéal a aimsiú a fhreastalaíonn ar acmhainn grinn Saul, a sholáthraíonn carachtar agus scéal téagartha, a leanann lorg Breaking Bad ach a éalaíonn óna scáth ag an am céanna.

An fál go haer é?

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Tús cuíosach maith le hoidhre Breaking Bad'