LÉIRMHEAS: ‘Throw caution to the wind. Make it hot as Hell!’ – dráma tábhachtach cumhachtach faoin bPiarsach

Tá Ó Pheann an Phiarsaigh, dráma aonair le Noel Ó Gallchóir, ar camhcuairt i gcónaí. Ní ceart é a chailleadh, a deir léirmheastóir a chonaic i nDíseart Emmaus, Sord Cholm Cille, é le déanaí

LÉIRMHEAS: ‘Throw caution to the wind. Make it hot as Hell!’ – dráma tábhachtach cumhachtach faoin bPiarsach

Sular tháinig an Piarsach ina iliomad riochtaí ar an ardán, labhair an tAthair Brian Ó Fearraigh faoina mbeadh le feiceáil agus le cluinstin againn.

Dúirt sé linn go raibh an dráma feicthe aige féin faoi dhó cheana agus go raibh sé ag súil le hé a fheiceáil cúpla uair eile, nó gur bhain sé níos mó sásaimh agus tuisceana as gach uair. Dúirt sé fosta gurbh é seo an naoú léiriú déag is fiche ag Noel ó thosaigh sé ar a chamchuairt leis an seó ag tús na bliana, agus nach bhfacthas nó nár chualathas ach moladh go hard na spéire ina leith in áit ar bith. Níl mé cinnte gur maith an plean é i gcoitinne dráma ar bith a mholadh chomh hard sin sula bhfeiceann daoine é, ach sa chás seo ní raibh áibhéil ann.

Dráma faoi shaol agus faoi shaothar Phádraig Mhic Phiarais atá ann, bunaithe a bheag nó a mhór ar a chuid scríbhinní; dráma a osclaíonn agus a chríochnaíonn sa chillín uaigneach i bPríosún Chill Mhaighneann an oíche sular cuireadh chun báis é.

Ag tús an dráma tá an Piarsach ag scríobh chuig a dheartháir Willie, agus ag an deireadh feicimid é ag scríobh chuig a mháthair. Idir an dá litir tugtar muid ar thuras draíochtach ina bhfaighimid spléachadh ar an Phiarsach mar ghasúr óg, mar scoláire, mar aturnae, mar oideachasóir, mar scríbhneoir, mar óráidí agus mar cheannaire míleata.

I nGaeilge bhinn bhlasta Ghaoth Dobhair a chuir Noel an seó inár láthair. Blas Chonamara, go háirithe blas Ros Muc, a bhí ar chuid Gaeilge an Phiarsaigh; agus, cé go bhfuil smearadh de Ghaoluinn na Mumhan le tabhairt faoi deara ina shaothar luath thall is abhus, níl lorg dá laghad de Ghaeilge Chúige Uladh le brath in áit ar bith ina chuid scríbhinní. Shamhlaigh mé go mbeadh deacracht ag Noel, mar sin, agus é ag iarraidh a bheith dílis dá chanúint dúchais féin, le dánta ar nós “Bean tSléibhe ag Caoineadh a Mic”, nó le gearrscéalta nó ailt nuachtáin an Phiarsaigh. Ach, mar a tharla, ní raibh deacracht ar bith aige. Shníomh sé an dá chanúint le chéile chomh fileata agus nach bhfacthas dom go raibh ceap tuisle in aon fhocal ná in aon líne den saothar uilig.

Bhí daoine sa lucht féachana a dúirt i ndiaidh an dráma nár chuala siad dánta ná scéalta an Phiarsaigh ón am a bhí siad ar scoil, agus gur chuir sé go mór le pléisiúr na hócáide dóibh na dánta agus na scéalta sin a chluinstin i gcomhthéacs shaol agus shaothar Phádraig Mhic Phiarais féin. Samhlaítear dom gur mar sin a bhí i mórán áiteanna eile ar cuireadh an dráma seo ar an ardán, go háirithe i gcás daoine a bhí ar scoil le linn don leabhar Ó Pheann an Phiarsaigh a bheith ar chlár na Meánteistiméireachta.

Chonaic muid cuid de na carachtair ón leabhar sin ina steillbheatha ar an ardán. Ní raibh de dhíobháil ach athrú beag feistis nó athrú soilsithe nó ceoil agus b’in os ár gcomhair Eoghainín na nÉan nó a mháthair bhocht, Éire ag caoineadh Chú Chulainn chróga, nó an Piarsach féin ag siúl bóithre Chonamara. Chuir an soilsiú agus an fuaimrian go mór le héifeacht na n-athruithe sin agus le háilleacht an dráma ar fad.

De réir mar a ghluais an scéal ar aghaidh casadh teaghlach an Phiarsaigh orainn; chomh maith leis na Bráithre Críostaí óna bhfuair sé a chuid oideachais i Sraith an Iarthair; An Craoibhín Aoibhinn agus muintir na hAthbheochana; daltaí agus múinteoirí Scoil Éanna; Tomás Ó Cléirigh agus muintir Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann; Séamus Ó Conghaile agus muintir Arm Cathartha na hÉireann; agus sínitheoirí eile Fhorógra na Poblachta.

Baineann ceann de na radhairc is cumhachtaí sa dráma leis an óráid a thug an Piarsach os cionn uaigh Uí Dhonnabháin Rosa. Chuala muid faoi bhás an tsean-Fhínín i Meiriceá; faoina chorp á chur abhaile ag John Devoy ar iarratas ó Thomás Ó Cléirigh; faoi eagrú na sochraide i mBaile Átha Cliath agus faoi thábhacht na hóráide mar ghléas chun an pobal a ghríosú i dtreo na réabhlóide agus na Poblachta. Agus éirí amach ar na bacáin, ní raibh Tomás Ó Cléirigh ná lucht an IRB ag iarraidh go mbeadh leithscéal ar bith ag údaráis na Breataine i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ceannairí Ghluaiseacht na Poblachta a chur i bpríosún.

Ós rud é gurbh é Ó Cléirigh a roghnaigh an Piarsach mar óráidí ag an tsochraid, ba chuige sin a chuaigh an Piarsach ag lorg comhairle faoin aitheasc. Ba é a dúirt Ó Cléirigh leis: “Throw caution to the wind. Make it hot as Hell!”

Agus sin go díreach an rud a rinne an Piarsach. In uaigneas a thí bhig i gConamara a chuir sé an óráid le chéile. I Reilig Ghlas Naíon, i láthair na mílte fear agus bean ó cheithre harda na hÉireann a chuir sé urlabhraíocht ar an phíosa ba chumhachtaí a scríobh sé riamh:

‘They think that they have pacified Ireland. They think that they have purchased half of us and intimidated the other half… but the fools, the fools, the fools, they have left us our Fenian dead; and while Ireland holds these graves, Ireland unfree will never be at peace.’

Tá an Béarla blasta ar a thoil ag Noel Ó Gallchóir chomh maith leis an Ghaeilge bhinn.

Bhí cinnteacht an Phiarsaigh faoin bhealach a bhí roimhe amach mar cheann de na láidreachtaí ba mhó a bhí aige. Ba mhaith a thuig sé an bás a bhí i ndán dó, mar ba léir, mar shampla, óna dhán ‘Fornocht do Chonac Thú’:

Do thugas mo ghnúis

Ar an ród seo romham

Ar an ngníomh do chím

Is ar an mbás do gheobhad.

Bhí sé cinnte, dobhogtha faoina chuid fealsúnachta mar a bhain le cúrsaí oideachais, cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí cultúir, ach ní raibh an chinnteacht chéanna aige i dtaca lena ról mar shaighdiúir.

Bhíodh sé á shíorcheistiú féin faoin ról seo agus, mar ba léir sa dráma, thuig sé i ndáiríre nach raibh ábhar ceart saighdiúra ann ar chor ar bith. Bhíodh Tomás Ó Cléirigh ag impí ar dhaoine in Ardoifig an Phoist, le linn Sheachtain na Cásca, fearas scríbhneoireachta a fháil ‘for that man Pearse’ agus é a chur ina shuí áit éigin ag scríobh, sa dóigh nach mbeadh sé sa bhealach orthu!

Thar rud ar bith eile a raibh an Piarsach cinnte faoi, bhí sé iomlán daingean agus diongbháilte faoina chreideamh i nDia. Bhí cúrsaí creidimh agus cúrsaí íobartha fite fuaite ina aigne, agus tá lorg a phinn ann leis an fhealsúnacht sin a léiriú dúinn. Bás agus aiséirí Chríost; earrach na bliana; rúndiamhair na Cásca; íobairt an Aifrinn agus íobairt an duine; luachanna an Chríostaí; an Piarsach os comhair an scuaid lámhaigh, an chros chéasta ina dhá lámh agus cinnteacht ina chroí… ríomhtar agus pléitear na comhábhair ar fad sa dráma seo, agus is maith mar a chuirtear inár láthair iad.

Ta an-taighde déanta ag Noel Ó Gallchóir agus tá an seó curtha le chéile go healaíonta aige. A bhean chéile, Olive, a bhí i mbun na fuaime agus a mhac Seán a dhear agus a stiúir cúrsaí soilsithe.

Is sáraisteoir é Noel, dar ndóigh, agus taithí na mblianta aige le hAisteoirí Ghaoth Dobhair agus le hAisteoirí Ghort a’ Choirce. Bhain sé Gradam Scríbhneoireachta Gaeilge Stewart Parker 2015 as an seó aonair Idir Dhá Cheann na hImní, a bhí bunaithe ar scríbhinní Sheosaimh Mhic Grianna, agus níorbh iontaí liom ná an sneachta dearg gan cúpla gradam eile a bheith ag dul chuige as an seó aonair seo.

Ní thiocfadh le Noel rud níos fiúntaí a dhéanamh do phobal na Gaeilge i mbliana, agus muid ag comóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, ná dráma bunaithe ar scríbhinní an Phiarsaigh a chur le chéile.

Tá muid ar fad faoi chomaoin aige as dráma chomh cumasach, chomh dúchasach, chomh tábhachtach agus chomh Gaelach a chur inár láthair. Gura fada buan é.

Foilsíodh an léirmheas seo ar dtús in An Timire. Is féidir síntiús don iris a fháil anseo. Beidh ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ ar siúl i Halla na Rinne, An Rinn (Co. Phort Láirge), Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair @ 8 i.n., in Ionad Cultúrtha Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí – Dé hAoine, 7 Deireadh Fómhair @ 8.30 i.n agus i Halla na Feothanaí, An Daingean (Co. Chiarraí) – Dé Sathairn, 8 Deireadh Fómhair @ 8 i.n.