LÉIRMHEAS: Thóg sé tamall ar Wonder Woman ach anois is cinnte go gcífimid an-mhinic í

Eisceacht shuntasach is ea Wonder Woman i seánra ina bhfuil forlámhas iomlán nach mór ag na sárlaochra fir

LÉIRMHEAS: Thóg sé tamall ar Wonder Woman ach anois is cinnte go gcífimid an-mhinic í

Wonder Woman

Stiúrthóir: Patty Jenkins

Cliar: Gal Gadot, Chris Pine, Robin Wright, Connie Nielsen, Danny Huston, David Thewlis, Ewn Bremner.

Ar na saolta seo níl aon teora leis na táirgí atá á sluaisteáil chugainn ó iomaire na sárlaochra. Spiderman, Batman, Superman, Iron Man, Thor agus a lán eile nach iad. A scéalta cúlra ar dtús, ansin na scannáin leantacha. Ina dhiaidh sin tagann scéalta na meithleacha agus carachtair ag dul ó chnuasach amháin go cnuasach eile.

Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh ar an gcliar don tríú gála de The Avengers le feiscint cé chomh casta, uileghabhálach is atá an seánra éirithe ag an bpointe seo.

Sa saothar is déanaí ó cheárta Marvel beidh carachtair ó dhá chnuasach (The Avengers agus Guardians of the Galaxy) ag comhghuaillíocht le chéile.

Lena chois sin tá a chnuasach féin ag éirí thiar as Thor, Spiderman, Iron Man agus Captain America, le gach éinne siar is aniar idir cnuasaigh a chéile. A leithéid de chastróvaics. Leis an dlaoi mhullaigh a chur ar chúrsaí beidh Justice League chugainn ag deireadh na bliana is é ag iarraidh an fear maith a fháil ar fhathach Marvel. 

Gné shuntasach den seánra seo ná an forlámhas iomlán atá ag carachtair fhireanna.

Eisceacht shuntasach mar sin is ea Wonder Woman. Cé go raibh sí le feiceáil roimhe seo sa scannán Batman v Superman: Dawn of Justice is ábhar iontais é gur thóg sé chomh fada uirthi a slí a ghuailleáil isteach ar an scáileán mór lena cnuasach féin.

Ach oiread leis na sárlaochra eile bhí saol eile aici roimhe seo ar an scáileán beag agus bhí tóir thar na bearta ar shraith Lynda Carter idir 1975 gus 1979.

Ag tús an scannáin seo címid an laoch ar oileán idéalach na hAmasóine. Is í iníon na banríona (Nielsen) agus neacht leis an saighdiúir is fíochmhara (Wright).

Címid mianach troda na mban agus  forás Diana mar shaighdiúir oilte. Mar is dual dos na táirgí seo soláthraítear dríodar cainte faoi chúlra na mban/an oileáin; trácht ar dhéithe, brúidiúlacht an chine dhaonna agus uisce fé thalamh. 

Cuirtear eachtraí an scannáin sa tsiúl ina gceart nuair a thuirlingíonn an píolóta Steve Trevor (Pine) i bhfarraigí an oileáin seo atá i gcruinne  pharailéalach. Déanann Diana (Gadot) cinneadh filleadh ar an domhan mór le Pine agus iarracht a dhéanamh deireadh a chur le doirteadh fola an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

‘Sí an chomhghuaillíocht idir an bheirt seo máithreacha an scannáin ar go leor slite. A mhearbhall siúd ag meascadh go seoigh lena saontacht agus soineantacht siúd.

Tráchtar go minic ar mhídhaonnacht an chine dhaonna mar aon le leatrom is leithcheal; is bean í sin ó oileán aduain agus tá bundúchasach Meiriceánach agus Arabach sa mheitheal a bhailíonn timpeall uirthi féin agus Steve. Téann cuid den tseanmóireacht a leanann seo chun leadráin ábhairín. Ina theannta is go ciotach a dhéantar a miotaseolaíocht siúd a cheangal le stair an Chogaidh Mhóir.

Déantar míreanna aicsin snasta a sholáthar; na míreanna traenála agus an cogadh ar an trá ina measc. Dar liom gur thosaigh rudaí ag imeacht amach ón gcairt ábhairín i dtreo an deiridh agus na maisiúcháin ag fáil an ceann is fearr ar an rud ar fad. Thóg sé tamall uirthi teacht ach anois is cinnte go gcífimid an-mhinic í.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Thóg sé tamall ar Wonder Woman ach anois is cinnte go gcífimid an-mhinic í'