LÉIRMHEAS TEILIFÍSE/RAIDIÓ: Snowplough na hÉireann agus gaisce gan choinne na Gaillimhe

Bhí a ghoile chun seanmóireachta caillte ag ár léirmheastóir i ndiaidh lá fada spóirt ar an teilifís

Thug cancráin RTÉ mallacht an anailísí (nó beannacht, b’fhéidir) do Romelu Lukaku na Beilge. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer
Thug cancráin RTÉ mallacht an anailísí (nó beannacht, b’fhéidir) do Romelu Lukaku na Beilge. Pictiúr: ©INPHO/Donall Farmer

Bhí fiche nóimint caite i gcluiche na hÉireann (Euro 2016, RTÉ 2, Dé Sathairn) nuair a chas duine a bhí sa chomhluadar chugam á rá nach raibh aon oidhre ar mheon fhoireann na hÉireann ach snowplough na sciála.

Tá an-mheas ag an duine céanna ar a thuairimí mar aon le bheith an-tógtha leis an tseanmóireacht.  Bhí leisce orm, dá réir, ceist a chur air an chomparáid theibí a mhíniú. Chruas in aghaidh na hainnise. Dar leis go bhfuil an snowplough ar an scil is túisce a mhúintear dóibh siúd a bhíonn ag sciáil; sé sin an dá scí a tharraingt le chéile chun tosaigh, i bhfoirm triantáin, le tú féin a stopadh. Na coscáin más maith leat.

De réir mar a théann tú i dtaithí na sciála ní gá duit, agus ní cheart duit, an céachta a úsáid chomh minic sin. Tá sé an-deacair an nós a bhriseadh, áfach, go mórmhór nuair a thagann sceimhle ort nó nuair atá ag breith crua ort.  B’amhlaidh a bhí le stíl imeartha na hÉireann, chuadar i muinín a snowplough féin nuair a bhíodar fé bhrú, ’sé sin an chaid a lascadh chomh fada agus a d’fhéadfaidís, chomh minic is a d’fhéadfaidís. Nach é Kieran Donaghy a bheadh buíoch don oiread caideanna arda ar foluain os a chionn ar imeall na cearnóige bige?

Thug cancráin RTÉ mallacht an anailísí (nó beannacht, b’fhéidir) do Romelu Lukaku na Beilge. Íde na muc agus madraí tugtha dó ag leatham, dhá bháide faighte aige sa darna leath.

Lean RnaG orthu leis an gclúdach ar na Euros. Tosach an chláir maisithe leis an bhfíseán is déanaí ó Choláiste Lurgan ina raibh an ráiteas beag iontach ‘ó Pháras go Camas’ ag Garry Mac Donncha. Dhein SBB paistí maithe cainte roimh an gcluiche le Charlie McKeever agus Ciarán Ó Raghallaigh. Maidir leis na píosaí cainte leis an lucht leanta, craoladh an mhír róchóngarach don chluiche féin. 

Pé scéal é, buaileadh lúdó orainn agus chac an fhoireann rugbaí ar na huibheacha ina dhiaidh sin.

Thosnaíos ag píobaireacht le duine den chomhluadar faoi Game of Thrones agus an clár leathdheireanach Battle of the Bastards atá chugainn anocht. Cheap Ciarraíoch eile gur ag trácht ar Ghaillimh/Mhaigh Eo a bhíos. Ba dhóbair ná rabhamar in ann féachaint ar an gcluiche caide in aon chor óir nach raibh Sky Sports ach in ionad amháin sa bhaile turasóireachta (nach bhfuil chomh beag sin) ina rabhamar, agus an t-ionad sin gafa le cóisir phríobháideach.

Tuilleadh armlóin dóibh siúd a deir go bhfuil an chosmhuintir tréigthe ag CLG is iad ag tóraíocht scillingí Sky. Dheineamar ár slí a ghuailleáil isteach, ar aon nós.  Bhí triúr Gaillimheach sa chomhluadar agus ní rabhadar ródhóchasach. Len iad a thiomáint in ainm an diabhail ar fad chuireas geall le Paddy Power go mbuafadh Maigh Eo le ceithre phointe dhéag nó níos mó.

Taispeántas patuar ó Mhaigh Eo agus mo ghraidhin é mo €10. ‘Anois céard déarfá le Gaillimh,’ mar phort ag an triúr nach raibh aon phioc níos muiníní as an nGaillimh is a bhíos féin roimh thús na himeartha.

Níos déanaí san oíche, agus an braon faoin bhfiacail ag fear na Ceathrún Rua, mhaígh sé go mb’fhearr leis go mbuafadh Connachta an Champions Cup ná go mbuafadh an Ghaillimh Craobh na hÉireann sa chaid. An lasair sa bharrach. 

Thosaigh fear an snowplough ag maíomh go bhféadfadh foireann an bheart a dhéanamh isteach sa dara babhta de na Euros le pointe amháin, ag brath ar mheascán mearaí torthaí. Bhíos chun é a cheistiú tuilleadh ach ag an tráth sin den oíche bhí mo ghoile chun seanmóireachta caillte agam.