LÉIRMHEAS TEILIFÍSE/RAIDIÓ: Níos mó iriseoirí Gaeilge i Londain inniu ná mar a bheidh de chainteoirí dúchais i gceann 20 bliain

Tá an tseachtain tugtha ag ár léirmheastóir ag éisteacht, ag léamh agus ag féachaint ar na meáin Ghaeilge agus tá sé in am dá thátal/mholadh/chonclúid

20150418_120926
Cormac Ó hEadhra, RTÉ Raidió na Gaeltacta i Londain

Dála na mbus, tháining dhá scéal mór Gaeilge sna sála ar a chéile le cúpla lá anuas.

Chuir muintir an tí seo tine in athuair faoin gconspóid maidir leis an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch nuair a tugadh le fios go raibh an tÚdarás iad féin drogallach moltaí an mheitheal taighde a fhoilsiú.

Ina theannta sin, thosaigh na meáin Ghaeilge ag rith le brothall nuair a sheol an tAire Oideachais an Dréachtpholasaí don Oideachas Gaeltachta. É sin ar fad agus olltoghchán sa Bhreatain agus ó thuaidh ar leic an dorais againn mar aon le lucht feachtasaíochta ag dul in adharca a chéile faoin bpósadh comhghnéis abhus.

Ba léir ón mbeochan oscailte do Vóta na Breataine (TG4, Dé Máirt) go raibh meitheal na nuachta luite amach orthu féin dá gclúdach olltoghcháin. Bhí Páidí Ó Lionáird agus Eimear Ní Chonaola ag cruachan in aghaidh na gaoithe faoi scáth an tSúil agus a gcomhghleacaithe Seán Mac an tSíthigh, Ailbhe Ó Monacháin agus Eibhlín Ní Choistealbha ar fud Shasana, na hAlban agus an Tuaiscirt ag tuairsciú ar an gcomhrac idir na páirtithe ar fad leis an dá mhórpháirtí gob ar ghob.

Is ait ar shlí go raibh an-chuid den chaint leis na cloigne cainte bunaithe ar na féidearthachtaí comhrialtais seachas an toghchán féin. I gcaitheamh na seachtaine d’éirigh leo pacáistí slachtmhara a chur i dtoll a chéile agus tá creidiúint ag dul dóibh as an oiread sin daoine le Gaeilge a aimsiú. I gcaitheamh an ama sin ar fad, bhí Micheál Ó Leidhinn bocht ag rómhar agus ag taoscadh i Londain ag iarraidh nuacht faoin olltoghchán ansin a shluaisteáil chuig na cláracha ar fad ar RnaG. Ba cheart dó féin, Seán Mac an tSíthigh agus Eibhlín Ní Choistealbha cumann na nIriseoirí Gaeilge Ríochta i Londain a bhunú. (Cad a d’imigh ar an gcónascadh nuachta sin a raibh an oiread sin cainte faoi tamall de bhlianta ó shin? Ní neart go cur le chéile. Pax Britannica, más maith leat).

Ar an Maírt bhí tine ar chraiceann Chormaic Uí Eadhra (Cormac ag a Cúig, RnaG) agus é ag craoladh as an Roinn Oideachais, mar a raibh Dréachtpholasaí don Oideachas Gaeltachta á sheoladh. Is fáilte phatuar a chuir na rannpháirtithe roimh an dréachtpholasaí agus iad ag rá go raibh na moltaí go breá ach iad a chur i bhfeidhm. Lá stairiúil a bheidh ann nuair a chuirfear i bhfeidhm na moltaí, dar le Seosamh Mac Donnacha, a labhair go paiseanta agus go heolgaiseach faoin ábhar.

Bhí Seosamh ar Adhmhaidin an mhaidin dár gcionn (RnaG), mar ar caitheadh tarrac ar leathuair an chloig ag plé an ábhair le Harold Hislop (Príomhchigire na Roinne), Seosamh agus ceathrar príomhoidí bunscoile ó áiteanna ar fud na Gaeltachta.

Leanadh leis an gcadráil ar Nuacht a hAon (RnaG, inné) mar ar chaith Rónán Ó Domhnaill agus Anna Ní Ghallchóir luach a leathphingne isteach. B’iad ‘tumoideachas’, ‘acmhainní’ ‘cur i bhfeidhm’ agus ‘oiliúint’ geisfhocail na ndíospóireachtaí uilig.

Tráthnóna aréir bhí Cormac (Cormac ag cúig, RnaG) i mbun cainte le Conchúr Ó Giollagáin (a bhí ar TG4 an tseachain roimhe) tar éis do mhuintir an tí seo tine an Nuashonraithe a adú. Labhair Conchúr go tomhaiste, diongbháilte faoin ábhar ach bhí saghas mearbhaill orm, agus ar Chormac freisin, faoin difríocht idir ‘tátal,’ ‘conclúid’ agus ‘moltaí.’

Go deimhin, dar leis an méid atá cloiste agam an tseachtain seo, tá níos mó iriseoirí le Gaeilge i Londain inniu ná mar a bheidh de chainteoirí dúchais sa Ghaeltacht i gceann fiche bliain, timpeall an ama chéanna go gcuirfear an Polasaí Oideachas Gaeltachta i bhfeidhm do cheantar nach ceantar Gaeltachta a thuilleadh é.

Sin an tátal/moladh/conclúid atá agamsa.