LÉIRMHEAS TEILIFÍSE/RAIDIÓ: An cairpéad dearg, ‘na gays abú’ agus El Clasico Chonamara

Bhí faoiseamh áthasach an phobail aeraigh chomh soiléir leis an ngrian mheán lae agus bhréagnaigh cluiche ar RnaG an phíobaireacht faoi na meáin Ghaeilge a bheith róthógtha leis an nGaeilge/nGaeltacht

Ronán Mac Aodh Bhuí, buaiteoir gradam Sraith Raidió na Bliana (Rónán Beo @ 3)
Ronán Mac Aodh Bhuí, buaiteoir gradam Sraith Raidió na Bliana (Rónán Beo @ 3)

Sroicheadh clochmhíle i stair na hÉireann ar an Satharn nuair a fógraíodh go raibh muintir na hÉireann tar éis vótáil, le móramh mór, don phósadh comhghnéis. Cuireadh abhaile ar heitrighnéasaigh aineolacha cosúil liom féin le seachtainí anuas go raibh i bhfad níos mó i gceist leis an reifreann seo don lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach ná cearta pósta amháin.

Le vóta ‘Tá’ fógraíodh don saol Fódlach go raibh, faoi dheireadh is faoi dheoidh, glas an chlaiséid briste ina smidríní, nach gá a thuilleadh a bheith leithscéalach ná dul ar chúla téarmaí le do threoshuíomh gnéis, nach gá a bheith ag streachailt le d’fhéiniúlacht sa náire uaigneach. Ráiteas ba ea é. Táimid tagtha in inmhe. Bhí an faoiseamh áthasach i measc an phobail aeraigh chomh soiléir leis an ngrian mheán lae a bhí ag scalladh anuas orthu i gCaisleán Bhaile Átha Cliath; bratacha ildaite, daoine óga gealgháireacha (cuid acu tagtha abhaile go speisialta), deora i gceann a gcuid súl, an tocht á dtachtadh agus na gártha molta á n-ardach nuair a d’fhógair an ceann comhairimh an toradh. Ceiliúr pósta á chur ag Katherine Zappone ar a pháirtnéir,  Vincent Browne sa George agus Bosco á chur fé agallamh.

“Na gays abú, tiocfaidh ár ngrá,” faoi mar d’fhógair Rónán Mac Aodh Bhuí ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais (á shruthú ar shuíomh TG4, Dé hAoine). Tá an-chreidiúint ag dul do TG4 as an searmanas seo a shruthú beo ar an suíomh idirlín óir dhein agus déanfaidh na meáin Bhéarla ar fad (áitiúil agus náisiúnta) neamhaird ar an ócáid. Faoi mar a dúirt an té a dúirt: “Ní bhíonn aon mheas ag daoine áirithe ar ghradaim go dtí go bhfaigheann siad féin ceann”. Ag tús na hócáide, agus tar éis do leámharaic éigin an t-aláram tine a chur sa tsiúl, fógraíodh go mbeadh fóram á chur ar bun do na meáin chumarsáide Gaeilge le go bhféadfaí ceisteanna a bhaineann go sainiúil leis an earnáil a phlé. Táim féin ag súil go mór leis an ngradam do ghearrscannán na bliana a bhronnfar den chéad uair an bhliain seo chugainn. Tá súil agam go mbeidh neart gearrscannán á soláthar le roghnú astu.

Tá seanmóirí sleideála tagtha ó pheann agus béal Brolly le tamall anuas ach níor chuir sin bac air sleais ghránna a chaitheamh le Marty Morrissey (The Sunday Game, inné). Cuireadh an lasair sa bharrach sna meáin shóisialta nuair a dúirt sé go raibh caid an Chabháin chomh gránna le fear an Chláir. Cé go mbíonn Brolly i gCorca Dhuibhne ar uairibh, ní haon Diarmaid Ua Duibhne é féin agus fiú dá mbeadh ball seirce aige, ba ghránna, agus ba shuarach an masla é. Dúrt sa cholún seo cheana go bhfuil an tuairim sa timpeall go bhfuil buille Brolly, Spillane et. al. tugtha mar go bhfuil siad imithe ón gcluiche chomh fada sin. D’fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil sa mhaistíneacht seo ach iarracht ag Brolly a ábharthacht a chaomhnú.

Leis an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, is craoltóir, tráchtaire agus láithreoir den scoth é Morrissey a bhíonn os cionn a bhuille go leanúnach. Is é a sheasann sa bhearna baoil do RTÉ go minic. Nuair a d’imigh Mooney agus sular tháinig D’Arcy, is é bhí sa chathaoir (agus ní raibh sé ag cnáimhseán ná curtha dá bhuille nuair ab éigean dul chuig an bhfeasachán nuachta) agus is é bhí ag láithriú Countrywide le déanaí chomh maith. Is cuimhin liom go maith an mhír chumasach, thaitneamhach a dhein sé faoi chumann Naomh Tomás nuair a bhíodar i gcluiche ceannais na gClub i 2013.

Ós ag caint ar an CLG mé, ráinig mé ar chlúdach RnaG (Spórt an Domhnaigh) ar El Clasico Chonamara inné. Mícheál Breathnach ag tabhairt aghaidh ar an gCeathrú Rua (nó na Michael Walshes agus The Red Quarter mar is fearr an aithne a bheidh orthu i gceann deich mbliana nuair a bheidh an Ghaeltacht básaithe). Bhíos an-tógtha le tráchtaireacht Antaine Uí Chonghaile. Bhí tine ar a chraiceann agus é ag cur síos go deisbhéalach ar leithéidí Barry Sheán Mhicil, Pádraic Tim Ó Conghaile agus gaiscígh an Tí Mhóir le nathanna dúchasacha mar ‘fad cos pípe’ agus ‘is cuid den mhuc an drioball’ le clos ar fud na mball. Bréagnaíonn cláracha mar seo an phíobaireacht faoi na meáin Ghaeilge a bheith róthógtha leis an nGaeilge/Gaeltacht. Is i míreanna/nóimintí mar seo a thuigeann duine tábhacht RnaG agus cad ‘tá mar mháithreacha aige. Faoi mar a dúirt an file agus fealsúnaí anaithnid tráth: ‘hon na Breathnaigh.’

Bás Bill O’Herlihy

world_cup_billo

Fógraíodh ar maidin go bhfuil an craoltóir aitheanta Bill O’Herlihy imithe ar shlí na fírinne agus é sé bliana déag le cois an trí scór. Chaith an Corcaíoch atá sa Táin breis agus caoga bliain ag saothrú sna meáin. Chaith sé blianta in iomaire na gcúrsaí reatha ach is mar chraoltóir spóirt ab fhearr aithne air le blianta. Bhí a chomhlacht caidrimh phoiblí féin aige le blianta fada agus chaith sé sealanna ag obair le Fine Gael. Thar na blianta, bhí sé ina láithreoir ar gach aon saghas clár spóirt agus chaith sé deich mbliana ag láithriú na gcláracha rugbaí sular tháinig Tom McGurk i gcomharbacht air. Ach is mar gheall ar a chomhghuaillíocht sheanbhunaithe le Dunphy, Giles agus Brady, na ‘trí amigos’ faoi mar a bhaist sé féin orthu, is fearr aithne air.

Ba láithreoir cumasach, deisbhéalach é a ghríosaigh agus chráigh d’aon ghnó triúrachta na ciotrúntachta. Go deimhin, ba mhinic go mbíodh air luí amach air féin le smacht a choimeád orthu le pinn, sleaiseanna agus inexactidutes á gcaitheamh ar dalladh.

Ba chomhartha measa é go mbíodh lucht Aprés Match chomh tógtha lena Okey Dokes agus a bhuaileam sciath faoi chluichí a bheith á gcraoladh Live. Dar leis féin, agus mórán den lucht féachana, ba é Italia 90, nuair a shroich foireann na hÉireann na cluichí ceathrú ceannais, buaicphointe a chuid craoltóireachta agus ghnóthaigh sé Duais Jacobs don obair sin.

D’fhág sé slán le RTÉ tar éis Chorn an Domhain anuraidh agus cé gur ócáid mhothúchánach ba ea é, thug sé óráid scoir dheisbhéalach, faoi mar a bheifeá ag súil leis, le fáthadh an gháire ar thriúracht na cabaireachta.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.