LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Sraith spéisiúil ar TG4 faoi CLG ó thuaidh den teorainn

Chuir sraith shuimiúil nua ar TG4 abhaile orainn nach cluichí amháin atá i gceist le cluichí CLG ó thuaidh

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Sraith spéisiúil ar TG4 faoi CLG ó thuaidh den teorainn

Dhein an tsraith dhá chlár Níos Mó ná Cluiche (TG4, Dé Céadaoin) cíoradh ar thábhacht an CLG sna Sé Contae agus Cúige Uladh trí chéile.

Le Jarlath Burns ár dtreorú go deisbhéalach, agus go mothúchánach ar uairibh, tráchtar ar thábhacht na heagraíochta mar shiombail den fhéiniúlacht Éireannach agus mar shnáth uama an phobail. 

Lena chois sin tugtar cuntas ar conas mar a thug an eagraíocht na cosa léi as eachtraí foréigneacha na dTrioblóidí.

Ag staid amháin i ngála na seachtaine seo, d’fhógair Burns go bhfuil sé deacair don phobal ó dheas comhthéacs an Tuaiscirt a thuiscint go hiomlán.

B’fhíor dó.

Baintear casadh beag anseo as an seanrá sin a deir go bhfuil an club mar chuid lárnach den phobal. Más amhlaidh atá, rachaidh rudaí atá ag dul i bhfeidhm ar an bpobal i bhfeidhm go mór ar an gclub chomh maith. Dar le sciar suntasach den phobal sna seachtóidí/ochtóidí  b’eagraíocht Phoblachtánach é CLG.  Dá bharr deineadh ionsaithe ar áiseanna agus imreoirí na heagraíochta nuair a bhí an choimhlint faoi bharr lasrach. I 1988 maraíodh Aidan McAnespie agus é ag taisteal chuig cluiche CLG.

In ainneoin, nó b’fhéidir de bharr, na n-ionsaithe ba mhinic rannpháirtithe an chláir ag maíomh gur tearmann a bhí sa chlub áitiúil ag an am.

Maíonn Burns go raibh an eagraíocht ar tí a scoilte trí huaire i gcaitheamh na mblianta: conspóid Pharnell, Cogadh na gCarad agus stailceanna ocrais na n-ochtóidí. Agus teannas faoin gcraiceann i rith na tréimhse sin bhí ar an eagraíocht siúl ar an tanaí.

Tugann meitheal chuidsúlach do chloigne cainte léargas ar mheon an Chúige (cuid acu ag labhairt i nGaeilge); Dónal Mac an Ailín, Joe Kernan, Mickey Harte, Pete McGrath, Peadar Ó Coinn agus Anthony Molloy.

I rith an ama tugtar camchuairt ar chlubanna ar fud an chúige; Sleacht Néill, mar a bhfuil gaisce déanta ag club 300 teaghlach, agus Clann Éireann, a bhí ceannródaíoch nuair a thógadar foirgneamh don chlub óige. Thar aon ní eile dírítear ar réanna órga na nUltach i dtosach na nóchaidí agus arís ag tús na mílaoise. Cloch mhíle a bhí ann, ach leagadh bunsraith a bhfuiltear fós ag tógaint air. 

B’ábhar díomá é The Classroom Divide (RTÉ1, Dé Luain) óir nár tugadh aon ní nua chun solais. Labhair Joe Duffy faoin éagothroime i rith a óige a d’fhág nach raibh ach 1% d’ógánaigh Bhaile Formaid ag freastal ar institiúidí tríú leibhéil fad is a bhí 44% dá gcomhghleacaithe ó Chnocán na Gainimhe, ceantar eile ar an mbusbhealach céanna, ag déanamh amhlaidh. Easpa maoinithe, easpa traidisiúin agus easpa deiseanna is cúis leis an bhfáinne fí. Bhí sin ar eolas againn cheana féin. Níor deineadh aon léargas ná réiteach nua a chur os ár gcomhair. Caitheadh slaiseanna le scoileanna príobháideacha agus leis an Roinn Oideachais; dúradh faoin Roinn úd nach bhfuil inti ach Roinn Scoileanna agus neamhaird aici ar oideachas. Nuair a tosaíodh ag caint ar phrintíseachtaí sa tionscal eitlíochta amhail is gur réiteach iad thosaigh rudaí ag imeacht amach ón gcairt.