LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Sheachain ‘Bypassed’ an téama a chuir sé roimhe…

Ba gheall le turas siar bóithrín na smaointe cuid den chlár ‘Bypassed’ ar RTÉ agus clár geanúil Nationwide faoi bhailte difriúla ba ea an chuid eile

Motorway Road

Port Laoise, Mainistir Eimhín, Maighean Rátha, Buiríos Mór Osraí, An tAonach, Ros Cré agus Tuaim Uí Mheára.

Logainmneacha atá greanta ina gcuimhne siúd a bhíodh ag snagaíocht tríothu sular thug mótarbhealach an M7 faoiseamh do thiománaithe agus bailte suaite araon.

Greim an duine bháite ag tiománaithe ar an roth stiúrtha, an drochmhianach ag fáil an ceann is fearr orthu agus bús deataigh na gcairteacha ag dul os a gcionn in airde.

Leis an raidhse mótarbhealaí a tógadh le linn an Tíogair Ceiltigh, deir tráchtaire an chláir gur beag cuimhne a bheadh ag éinne faoi bhun 30 bliain d’aois ar ré na dtranglam.

Is beag duine a d’áiteodh ná gur rud maith é an tranglam tráchta a bhaint as na bailte móra agus beaga seo. Nach minic é ráite gur fearr as a bheadh gnólachtaí an bhaile mar cé go mbeadh an trádáil fhánach caillte acu bheadh pobal na háite sásta tabhairt  faoin mbaile arís?

‘Sé a chuir lucht déanta Bypassed (RTÉ1, aréir) rompu ná cuairt a thabhairt ar na bailte seachanta seo agus éachtaint a thabhairt ar thionchar na forbartha.

Roghnaíodh an M7 óir gurb é an mótarbhealach is sine agus is faide in Éirinn é. Tosnaíodh á thógaint i 1983 agus críochnaíodh in 2010 é.

Bhí sé intuigthe ó ainm an chláir agus na ó blasanna fógraíochta go raibh na bailte seo thíos go mór leis na hathruithe agus iad ag strácáil leo ar éigean. Ní shin é an sórt cláir a soláthraíodh. Taibhsíodh dom go mb’fhéidir gurbh éigean don lucht déanta malairt treo a thabhairt orthu féin nuair nár luigh an t-amhábhar leis an smaoineamh.

Mheasas go gcuirfí neart figiúirí/staitisticí os ár gcomhair faoi mheath na mbailte, lucht gnó ag cnáimhseán ar dalladh, seatanna do ghnóthaí iata, daoine ag cáiseamh an mhótarbhealaigh srl.

Buille maraithe na muice buailte ar phobail tuaithe. An saghas sin.

Ach cé go raibh roinnt drochscéalta ann, ba gheall le turas siar bóithrín na smaointe cuid den chlár agus clár geanúil Nationwide faoi bhailte difriúla ba ea an chuid eile.

Tábhairneoir i bPort Laoise,  a bhfuil an ghnólacht sa teaghlach leis na glúinte, ag caint faoi bheith buailte faoi i lár an bhaile agus seatanna den bheár lán go gad á thionlacan. Fear bialainne san Aonach ag caint faoin gcócaire ón gcianoirthear a ólann pórtar agus a thacaíonn le foireann iománaíochta Thiobraid Árann mar aon le foireann rugbaí na Mumhan. Seatanna de bhialann lán go doras i rith an ama. Níl go maith agus níl go holc ach cén bhaint a bhí aige seo le mótarbhealach?

Is mó sásamh a bhaineas as an gclár nuair a dhein sé an téama a chuir sé roimhe a thochailt.

Labhraíodh le fear na sceallóg, Luigi Lafrate, ó Mainistir Eimhín  agus é ag rá gur thit an tóin as margadh na gcluichí móra. Chaitheas gáire nuair a bhí sé ag labhairt linn i gcanúint a bhí ina mheascán de chanúint na hIodáile agus canúint láidir Chill Dara. 

Dar liom go raibh a chlár féin dlite ag an adhlacóir, fear siopa agus feirmeoir beag ó Maighean Rátha a labhair go tuisceanach, fealsúnach, deisbhéalach faoi na hathruithe atá tagtha ar a ghnólachtaí agus a bhaile le blianta anuas.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Sheachain ‘Bypassed’ an téama a chuir sé roimhe…'