LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Scéalta beaga agus móra an tsaoil

Cloíodh le meon na barrshamhla clúití sin ‘Súil Eile’ ar Spiorad Iorrais, ach caithfidh Game of Thrones cleasanna nua a ghlacadh chuige féin

Game of Thrones

Foréigean, brúidiúlacht, scéiméireacht agus sleaiseanna deisbhéalacha, tíriúla mar aon le seatanna cíche, tóna agus gabhail a dheargódh Roger Corman go bun na gcluas.

Tá fathach na teilifíse fillte (Game of Thrones, Sky Atlantic, aréir). Feitheamh fada ar chosa laga ag na handúiligh. Taibhsítear dom go bhfuilimid timpeallaithe ag scéalta agus caint faoin táirge seo le tamall anuas. Gach rud ó HBO a bheith le ceangal nuair a scaoileadh ceithre ghála go mídhleathach ag an deireadh seachtaine go suíomh idirlín Éireannach ag cur foirne caide i gcomparáid le Tithe Uasal Westeros.

Ag an bpointe seo, táthar ag treabhadh trí tuairim is deich gcinn de scéalta: ó Bhran agus a chomhghleacaithe ó thuaidh den fhalla go muintir Dorne i bhfad ó dheas agus soir go Mór Roinn Essos mar a bhfuil an t-abhac ar a theitheadh.

Táimid ó philéar go posta le 40 clár anuas agus cé go dtugann sin scóp eipiciúil don tairge agus go gcinntíonn sé go mbeidh sé fadsaolach, éiríonn sé tuirsiúil ar uairibh.

Is iad an scéiméireacht, deisbhéalaíocht agus na carúlacha tíriúla máithreacha na sraithe cé gurbh iad na míreanna aicsin (The Red Wedding agus an choimhlint idir an Viper agus The Mountain) is mó a tharraing aird agus caint ón lucht féachana go dtí seo.

Cé go bhfuil na dea-chomharthaí sóirt céanna ag an tsraith go fóill, mothaím go bhfuil gá leis na himeachtaí agus an teannas a ghéarú. Taibhsíodh dom aréir go rabhamar ag imeacht i gciorcail ábhairín: níl ach méid áirithe babhtaí gur féidir linn a bheith ag éisteacht faoin ngeimhreadh, na White Walkers, an cogadh mór leis na dragúin srl. gan na nithe sin a fheiscint.

Chúb an tsraith cúpla babhta, ar chúinsí buiséid gan amhras, an cogadh mórthaibhseach a thaispeáint ach ní bheidh siad in ann na nithe seo a chur ar an méar fhada i bhfad eile.

Ceann de chomharthaí sóirt is mó a bheidh ag an tsraith ná an cleas teacht aniar aduaidh ar an lucht féachana agus carachtair lárnacha a chur de dhroim seoil. Tá a bhuntáistí agus míbhuntaistí féin ag baint leis seo. An bhliain seo caite, fuarthas réidh le beirt de na carachtair ba shuimiúla: Tywin Lannister agus The Hound, agus mhothaíos go raibh coiscéim bhacaí bheag sa táirge dá n-uireasa.

Táthar ag fanacht leis an dá leabhar dheireanacha ó pheann George R. R. Martin agus leis an luas atá faoin tsraith, tá sí sna sála ar na leabhair cheana féin.

Pé acu scéal é, caithfidh an tsraith luí amach uirthi féin i mbliana agus cleasanna nua a ghlacadh chuici féin má tá sí leis an stádas dochreidte atá aici a choimeád.

Sa tsraith Spiorad Iorrais (TG4, Dé Domhnaigh) cloíodh le meon na barrshamhla clúití sin ‘Súil Eile’. Tháinig an tsraith chun críche arú aréir agus i gcaitheamh an sé chlár, tugadh léargas dúinn ar mhuintir Iorrais i gceantar Gaeltachta Mhaigh Eo agus iad ag tuilleamh a gcrústa agus ag baint lá as. Sa chlár deireanach, chonaiceamar an t-iascaire ag cur chun farraige agus biaiste na hiascaireachta ag teannadh chun deiridh, an dlíodóir ag saothrú ar a díchill le hionad pobail a aimsiú mar bhunáit do ghníomhaíochtaí pobail, an surfálaí agus déantóir aipeanna ag iarraidh an chothromaíocht cheart a bhaint amach agus an feirmeoir ag tindeáil ar a thréad caorach.

Bhog na cláir ar aghaidh ar a mbogstró le hionchar beag anois is arís ón reacaire/scríbhneoir Seán Ó Tarpaigh. Tugadh deis dúinn aithne a chur ar na carachtair chaithiseacha seo agus an saol á chaitheamh acu, cé nach raibh cuid acu chomh nádúrtha nó compordach sin os comhair ceamara. Téann áilleacht na dúthaí, réchúis an tsaoil, an traidisiún agus an chomharsanúlacht i bhfeidhm ort, comharthaí sóirt a bheadh le feiscint i gceantair Ghaeltachta agus tuaithe ar fud na tíre. Tá seateanna áille den tírdhreach, cinn aeir go háirithe, a chuireann áilleacht agus iargúltacht an cheantair abhaile orainn go paiteanta.

Cé nach táirge é seo a mheallfadh gach mac máthar, is saothar sóisialta fiúntach atá ann.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Scéalta beaga agus móra an tsaoil'