LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Léirigh ceiliúradh TG4XX féin go raibh ábhar ceiliúrtha ann

Bhí dúshlán faoi leith ag baint le craoladh TG4XX Beo. Deineadh an cúram go snasta agus bhain ár léirmheastóir an-sásamh as an rud ar fad

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Léirigh ceiliúradh TG4XX féin go raibh ábhar ceiliúrtha ann

Turais siar bóithrín na smaointe, ceiliúradh, breathnú chun cinn, camchuairt Ghaeltachta, lucht feachtais á dtabhairt chun cuimhne, bunphrionsabail á meabhrú agus na ceannródaithe ag filleadh ar an bhfód dúchais. Léirigh an ceiliúradh féin go raibh ábhar ceiliúrtha ann (TG4XX Beo, aréir).

Cultacha agus na haghaidheanna fidil suaithinseacha (a thug an seoladh fiche bliain ó shin chun cuimhne) againn mar thús. Ceol agus rince i lár an aonaigh ó thús go deireadh. Seit Chiarraí Thiar, steipeadaíl ar an sean-nós, ceol Óró Sé do Bheatha Abhaile agus rapcheol.

Leagan draíochtúil de Fáinne Geal an Lae le guthanna amhránaithe ón Rinn go Béal Feirste á meascadh le chéile go healaíonta. É sin agus meitheal óg scéalaíochta ó Dhún Chaoin agus sceitse scigmhagúil ó Bhaile na hAbhann.

Dúshlán faoi leith é clár beo dhá uair an chloig a chraoladh ó cheithre ionad difriúil leis an iliomad láithreoirí agus aíonna os comhair ceamara. Deineadh sin go snasta agus bhaineas an-sásamh as an rud ar fad.

Bhaineas féin súp fé leith as na míreanna a sholáthraigh Joe Steve Ó Neachtain agus Bríd Ní Neachtain dúinn. Joe Steve ag tagairt do bhunú TG4 mar ghníomh a chur an ‘tua ar ais i láimh na saor’. Iníon Uí Neachtain ag cur di go fileata agus go caolchúiseach faoi easpa stádais na teanga, nó gur nocht sí a teachtaireacht neamhbhalbh ag deireadh na míre: ‘Ní ghéillfidh mise, sí mo theanga í’. Ní déarfadh Caitríona Pháidín féin níos fearr é.

Ba oiriúnach an mhaise é gur roghnaíodh Cearnóg Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar láthair don ollphuball ceiliúrtha. Institiúid í seo a sholáthraigh go leor oibrithe don stáisiún i gcaitheamh na mblianta, Eimear Ní Chonaola, Ailbhe Ó Monacháin, Gráinne Seoighe agus Siún Nic Gearailt ina measc. Is san Ollscoil chéanna a bhí an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina léachtóir sular thug sé aghaidh ar an bpolaitíocht.

Ar ndóigh bhí ról cinniúnach aige féin i mbunú TG4, rud a d’aithneofá san fháilte a chuir an slua roimh a chuid cainte agus sa phaisean a bhí le braistint sa chaint féin. Ina aitheasc thagair an tUachtarán do TG4 mar “an chéim is dearfaí” i leith na Gaeilge le blianta agus ceann de “liosta gearr” buaicphointí an Stáit i leith na teanga. Labhair Ceannasaí nua TG4, Alan Esslemont, faoina thábhachtaí atá sé freastal ar “na pobail a bhfuil an Ghaeilge acu mar ghnáththeanga labhartha”.

Ní nach ionadh bhí cuid de sheanfhondúirí an stáisiúin i láthair. Deineadh dreasanna cainte le Dáithí Ó Sé, Hector Ó hEochagáin, Síle Seoighe agus a deirfiúr Gráinne ar nasc idirlín ón Afraic Theas. Labhraíodh le Sinéad Ní Ghuidir, an chéad ghuth a bhí le cloisteáil an oíche úd agus tugadh chun cuimhne an cuileachta agus an chorraitheacht a bhain leis na blianta tosaigh.

Thaitin sé liom gur tugadh sciuird timpeall na Gaeltachta.

Labhair Rónán Mac Aodha Bhuí go paiseanta faoin lucht feachtais agus dúirt go mbeimis gan stáisiún dá gceal. Níos déanaí thagair Ailbhe Ó Monacháin don chúigear déag a chaith tréimhsí i bpríosúin.

Cinneadh cuí ba ea é Tigh Pháidí Uí Shé in Ard a’Bhóthair a roghnú do cheiliúradh na Ríochta, mar a raibh Pádraig Ó Sé RnaG mar fhear an tí agus Marc Ó Sé ar an mileoidean.

Bhí Páidí ar dhuine díobh siúd a bhí faoi chaibidil sa chéad sraith de Laochra Gael cúig bliana déag ó shin. Ina theannta sin thuill clár faisnéise faoi go leor gradaim agus moladh cúpla bliain ó shin.

Ceiliúradh cuí ar chairde, idir shean agus nua, agus cairde nach bhfuil linn a thuilleadh.

Bíodh sé ina ‘Fiche Bliain faoi Bhláth’.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Léirigh ceiliúradh TG4XX féin go raibh ábhar ceiliúrtha ann'