LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Is iarsma ó ré eile na hócáidí bladaireachta seo…

Faigheann ár léirmheastóir blas mínádúrtha agus ciotach ar an mbuaileam sciath ar fad a bhaineann leis na hArd-Fheiseanna

16/01/2016. Fianna Fail Ard Fheis. Pictured leader of Fianna Fail Micheal Martin TD making his leaders address to delegates at the end of the Fianna Fail Ard Fheis in the City West Hotel in Dublin this evening. Photo: Sam Boal/Rollingnews.ie
Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá sleaiseáil na feachtasaíochta faoi lán seoil leis na páirtithe difriúla ag drannadh na bhfiacal agus ag prapáil d’olltoghán nach bhfuil fógartha go fóill, ach gur fios do mhadraí an bhaile go bhfuil sé ar leic an dorais againn. Thug an 77ú Ard-Fheis do chuid Fhianna Fáil (RTÉ 1, aréir) deis don pháirtí íde na muc agus na madraí a thabhairt dá chéilithe comhraic.

Ardaíodh na gártha molta nuair a bhí an ceannaire á chur i láthair ag duine d’iarrthóirí an pháirtí is é ag maíomh go bhfuil eagla ar an Taoiseach aghaidh a thabhairt air i ndíospóireacht teilifíse.

Bhí seomra comhdhála Óstán an City West lán go doras, seans nach bhfaca siad slua chomh fiáin sin ó bhí lucht an Oireachtais acu cúpla mí siar. D’éirigh an slua ina sheasamh is na gártha molta uathu arís nuair a bhí an fear é féin ag tabhairt faoin ardán, rud atá riachtanach d’ócáidí den sórt seo a bhíonn chomh pioctha agus pointeáilte ag na claonbholscairí agus giollaí. Chinntigh na daoine céanna go raibh mná agus daoine óga feiceálach sa tslua.

Ní nach ionadh dhein an Teachta Martin tagairt do 1916 agus fréamhacha an pháirtí agus soláthraíodh seatanna teanna d’Éamon Ó Cuív agus Seán Haughey; garmhac agus garmhac/mac le hiar-Taoisaigh.

Is iarsma ó ré eile na hócáidí bladaireachta seo, dar liom. Faighim féin blas mínádúrtha agus ciotach ar an mbuaileam sciath ar fad. Ní foláir nó go n-aontaíonn piardaí RTÉ (agus sciar suntasach den lucht féachana) leis an dearcadh seo mar go bhfuil na hArd Fheiseanna anois i dtaobh le leathuair an chloig de phríomh-am sceidil. É sin agus gan faic mar thionlacan ach réamhrá agus focal scoir ó Chathal Mac Coille. Tugadh dhá uair an chloig ar maidin do chadráil eile.

Ag tarraingt i dtreo dheireadh na hócáide bhí tagairt don Ghaeilge, as Gaeilge. Go minic déanann an cúpla focalachas seo beagán de dhúshláin na Gaeilge. A leithéid seo:

“Le blianta beaga anuas is éacht iontach é an tslí ina bhfuil pobail ar fud na tíre seo ina gceannródaithe chun athbheochan a dhéanamh ar ár dteanga dhúchais.”

Ina dhiaidh sin féin, measaim go dtaitneoidh sé le cuid mhaith de phobal na Gaeilge gur chuir sé an scian go feirc sa Rialtas ag rá nach raibh aon suim acu  i gcur chun cinn na teanga.

Gealladh chomh maith go  gcuirfí an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge i bhfeidhm. Go deimhin is mó sleais a caitheadh agus is mó geallúint a tugadh sa chúig nóiméad fichead cainte. Polasaí eile a thaitneodh le daoine é deireadh a chur leis an Muirear Sóisialta Uilíoch, gan trácht ar Uisce Éireann cráite a chur de dhroim seoil. Tugadh fogha faoin Rialtas maidir le géarchéim a bheith ann sa chóras sláinte agus i gcúrsaí tithíochta agus dúradh nach bhfuil gach duine ag baint sochair as an mborradh sa Gheilleagar. Briathra móra ach gothaí beaga ó thaobh sonraí.

Agus a bhuille scoir tugtha ag Martin bhí cad é bulcáil agus guailleáil ar stáitse féachaint cé a d’fhéadfadh a bheith ar an duine is díograisí agus is dílse, agus, ar ndóigh, ar an duine is mó a bheadh le feiscint sna pictiúir inniu.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Is iarsma ó ré eile na hócáidí bladaireachta seo…'

  • padraig

    Cuid de na samhailti a ritheann liom ………………..madrai aicideacha conaigh ag filleadh ar a n-urlacan fein agus a alpadh siar, no, grathain urghranna franncach de chuid Pavlov ag leadhbadh tonacha a cheile, no, smut muice i dtoin mhuice eile. Nach iad polasaithe Fianna Fail ata a gcur i bhfeidhm ag FG? Nach iad mursairi Bhanc Ceannais na hEorpa etc a leag sios na polasaithe ceanna doibh?

  • padraig

    Seo againn anois arist an dream cinsealach, liom-leat sin FF ag pramsail agus ag deanamh gleachais le cheile agus ag caitheamh a dtona agus suil shanntach, ghlic a caitheamh acu arist eile ar shrianta na cumhachta. Biodh a fhios acu na ligfimid i ndeamad gach a ndeineadar chun an tir seo a scrios, a bpocai fein a lionadh maraon lena gcairde sna bainc, in earnail na togala etc, rud a chuir d’ iachall ar scoth na hoige dul thar farraige ag triall ar a mbeatha a thabhairt i dtir, I measc iliomad rudai eile. Ni mheallfar sinn ag an bpoimp agus ag an ngalamaisiocht amaideach tharcaisniuil sin biodh a fhios agaibh a chladhairi.