LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Iriseoirí na Gaeilge ar bís agus tuairiscí faoi thuairiscí acu…

Is léir go bhfuil iriseoirí TG4 le luí amach orthu féin don toghchán thall agus abhus

David Cameron

“Tá an ceant toghchánaíochta tosnaithe,” a d’fhógair Páidí Ó Lionáird ar 7 Lá (TG4, aréir) agus leamhgháire air. D’aontaigh John Downing, ón Irish Independent, leis agus an leamhgháire céanna air. Bhuel, pé rud faoi cheant é, is cinnte go bhfuiltear ár mbodhradh cheana féin ag an mbús toghchánaíochta ó thuaidh, ó dheas agus thar sáile.

Inné d’fhógair an comhrialtas a Ráiteas Earraigh le buaileam sciath agus mór is fiú. Ag féachaint ar RTÉ News: Six One (RTÉ 1, aréir) ba dhóigh leat ón gcéad luí súl agus éisteacht cluas gur lá buiséid a bhí ann: bráithre na bpinginí (Noonan agus Howlin) gualainn ar ghualainn, an Dáil lán go doras (an rud is annamh is iontach), agus bús cainte faoin Muirear Sóisialta Uilíoch, bandaí cánach, an tobhach pinsin agus go leor téamaí airgeadais eile nach iad nach dtugann éinne ach saoithiní airgeadais (agus seans nach dtuigeann cuid acu siúd iad ach an oiread). Bíodh sin mar atá, bhí ar mheitheal na nuachta an scéal a chlúdach go sollúnta agus guaim éigin a chur ar an tsoiniciúlacht. Níor cheart go mbeadh iontas orm mar sin (cé go raibh) gur sa triú háit san ord reatha a bhí an chabaireacht airgid leis an mbreithiúnas ar chás Gail O’Rourke agus sochraid Karen Buckley mar an chéad dá scéal.

Léiriú ar chinntí cigilteacha an eagarthóra nuachta ab ea an tslí go raibh an t-ord reatha ar Nuacht TG 4 (TG4, aréir) bunoscionn leis sin. I mBaile na hAbhann, tugadh tús áite don Ráiteas Eacnamaíoch faoi mar a bhaist siad air. Níos déanaí sa chlár, bhí an tarna tuairisc ar thoghcheantair an Tuaiscirt. Seacht gcinn ar fad a bheidh ann agus aréir thug Ailbhe Ó Monacháin éachtaint ar an gcomhrac bradáin a bheidh i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas mar a bheidh Michelle Gildernew ag iarraidh greim an duine bháite a choimeád ar an suíochán a thug sí léi le dorn vótaí an babhta deireanach. Is léir go bhfuil meitheal na Nuachta le luí amach orthu féin don toghchán mar go raibh tuairisc acu faoi na tuairiscí le Seán Mac an tSíthigh ar an mbád bán ag iarraidh uisce a chur lenár bhfiacla agus é ag eachtraí dúinn faoin gclúdach atá beartaithe a dhéanamh.

Chaith 7 Lá luach a leathphingne isteach sa phota toghchánaíochta, mar a raibh an saineolaí stuama, Cóilín Ó Neachtain, ag tabhairt a léargais féin ar na ciallachais a bhaineann leis na hathruithe atá déanta ar dháilcheantar Gaillimh Thiar. Beidh John O’Mahony, Éamon Ó Cuív, Trevor Ó Clochartaigh, Noel Grealish, Seán Kyne, Brian Walsh, Derek Nolan agus mórán eile nach iad i bpíobáin a chéile le suíochán Dála a aimsiú.

Bhí Páidí gnóthach go maith aréir mar sa chéad leath den chlár, bhí géarchéim na dteifeach sa Mheánmhuir faoi chaibidil agus é i mbun cainte le Noel Dorr, Liadh Ní Riada agus Beirnie Ní Chuinn. Cainteoir deisbhéalach í Beirní agus d’fhógair sí go mbeadh “ár gceann fúinn againn” sa todhchaí agus sinn ag féachaint ar an tslí a chaitheamar leo siúd a bhí i ngalar na gcás.

D’fhág Páidí slán againn leis an bhfógra go mbeadh eagrán speisialta ag teacht ó bhruach abhainn an Thames agus clúdach speisialta á dhéanamh ar an olltoghchán ansin. N’fheadar an bhfuil an cúpla focal Gaeilge ag Cameron, Clegg nó Miliband?

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Iriseoirí na Gaeilge ar bís agus tuairiscí faoi thuairiscí acu…'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tá go leor cainteoirí Gaeilge ó thuaidh a fhéadfadh labhairt faoi chúrsaí toghcháin nó, ar eagla go bhfuil sé ligthe i ndearúd ag Tuariisc agus na meáin Ghaeilge oifigiúla eile, ní gá dul go bruach an Thames chun tuairisciú a dhéanamh ar thoghchán na Breataine agus Thuaisceart Éireann – tá sé ar bun anseo sna sé chontae chomh maith!