LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní hionann tús maith agus leath na hoibre i gcás ‘Sicario’

Seachas cloí leis an léiriú réalaíoch ar iarmhairtí chogadh na ndrugaí tosaítear i ‘Sicario’ ar chíoradh ciotach a dhéanamh ar scéalta atá níos pearsanta

Sicario.jpgSicario

Stiúrthóir: Denis Villeneuve

Cliar: Dmily Blunt, Benicio Del Toro, Josh Brolin, Vicor Garber, Jon Bernthal.

Roinnt blianta siar, baisteadh príomhchathair dhomhanda an dúnmharaithe ar chathair Juárez Mheicsiceo, teideal a raibh bunús maith leis óir bhí slad á dhéanamh ag cairtéil na ndrugaí ann ar feadh na mblianta.

Bhí an foréigean ina bhuaic faoi 2010 nuair a bhí, ar an meán, breis agus ochtar á gcur ar shlí na fírinne go laethúil.

Ó shin i leith, áfach, tá dul chun cinn mór déanta, agus cé nach áit fós é a raghfá ar thuas scoile leis an idirbhliain ann, is mór idir Juarez an lae inniu agus cathair fhuilteach na mblianta úd.

D’eascair coincheap an scannáin seo as na laethanta buile sin, rud a míníodh do mhuintir na cathrach, an méara go háirithe, nuair a tháinig muc ar gach mala acu i ndiaidh dóibh an léiriú thar a bheith diúltach agus scanrúil dá gcathair a fheiscint ar an scáileán mór. Mheasadar go raibh beagán á dhéanamh den dul chun cinn a bhí déanta agus níos measa fós go raibh sé á lot.

Pé acu scéal é, is é an léiriú a dhéantar ar an gcathair sin ag tús an scannáin buaichpointe an tsaothair.  Sa radharc fada corraitheach sin, tá an gníomhaire de chuid an FBI, Kate Macer (Blunt), atá earcaithe i meitheal rúnda, ag imeacht in éineacht lena comhghuaillithe ar ruathar ó El Paso, Texas trasna na teorann go Juarez. An cúram atá orthu ná príosiúnach a thabhairt thar n-ais.

Tá tine ar do chraiceann agus tú féin is iad féin ag súil le hionsaí nóimint ar bith agus, ag an am céanna, tá d’anáil bainte díot ag ainnise agus brúidiúlacht na cathrach seo.

Is í carachtar sointeanta, saonta Blunt a thugann an chos isteach dúinn sa domhan aduain seo. Tá ceannaire deisbhéalach na meithle, Matt (Brolin), agus an t-allúrach beagfhoclach, mistéireach, Alejandro (Del Toro) fairis. Mheasas go gcuaigh cúrsaí le fána ina dhiaidh sin. Seachas cloí leis an léiriú réalaíoch seo ar iarmhairtí chogadh na ndrugaí, cíortar scéalta atá níos pearsanta, go ciotach, agus sleamhnaítear i dtreo na háiféise. Cé go raibh an léiriú ar an teaghlach Meicsiceach inmholta níor sásaíodh mo ghoile.

Is aisteoir den scoth í Blunt agus lena ceart a thabhairt di, tugann sí carachtar téagartha, leochaileach dúinn. Ar a shon sin, ní dóigh liom go raibh an teacht i láthair fhisiciúil aici don ról, rud a d’fhág go raibh an carachtar ró-leochaileach agus róghoilliúnach. Taibhsíodh dom gur chaith sí sciar maith den scannán ag gol. Tréithe iad sin a bhí saghas ait do cheannaire ar bhuíon oirbheartaíochta de chuid an FBI.

Ba léir go raibh Del Toro agus Brolin ag baint an-súp as na rólanna a bhí acu. Faoi dheireadh an scannáin, ba charachtar beagfhoclach le Del Toro a bhí i lár an aonaigh is é ar a thuras fiáin, díoltasach.

Go deimhin, d’imigh an scannán ar strae go hiomlán ón saghas scannáin a bhí ann ar dtús, agus an t-uisce faoi thalamh, an chomhcheilg agus an áiféis ag fáil an lámh an uachtar.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní hionann tús maith agus leath na hoibre i gcás ‘Sicario’'