LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Mad Max ag cur chun bóthair arís

Ní hé an fothragadh a leanann fógairt bhuaiteoir Chorn Uí Riada atá i gceist anseo ach míreanna as an ngála is déanaí de Mad Max.

Mad Max

Mad Max

Stiúrthóir: George Miller

Cliar: Tom Hardy, Charlize Theron, Nicholas Hoult, Hugh Keays-Byrne, Zöe Kravitz

Daoine ag ionsaí a chéile ar mhaidí léim cuaille agus duine éigin ag seinnt an ghiotáir le bladhmanna ag teacht as an sáfach..!

Ní hé an fothragadh a leanann fógairt bhuaiteoir Chorn Uí Riada atá i gceist ach míreanna as an ngála is déanaí de Mad Max.

I 1979 theastaigh ó George Miller aisteoir anaithnid a earcú mar cheann feadhna dá shaothar diostóipeach. Tháinig fear óg trí bliana is fiche chuig na héisteachtaí lena chara. Bhí cuma na gaoithe ar an bhfear óg céanna mar go raibh sé siar ó thuaidh an oíche roimhe agus stánáladh é sa tigh tábhairne. Ní foláir nó go bhfacthas mianach éigin ann agus iarradh air teacht ar ais i gceann coicíse. Sa dara héisteacht, d’éirigh le Mel Gibson an ról mar Mad Max a ghnothú sa táirge sainiúil, ceannródaíoch den teideal céanna. Ní raibh éinne ag déanamh gaisce an uair úd, áfach. Saothar ar bhuiséad íseal a bheadh anseo leis an aithne chéanna ar an stiúrthóir/scríbhneoir is a bhí ar an aisteoir óg.

I ndeireadh na dála, áfach, ba chlochmhíle scannánaíochta é Mad Max a chuir stiúrthóirí cosúil le David Fincher agus James Cameron faoi dhraíocht agus faoi chomaoin mar aon le borradh a chur fé thionscal scannanaíochta na hAstráile. Ina theannta sin, sheol sé Mel Gibson ar bhóthar na scannánaíochta, aistear a shroich a bhuaicphointe le comhghuaillíocht leis an FCA i 1995.

Ní nach ionadh, gineadh scannáin leantacha: Mad Max 2: The Road Warrior (1981) agus Mad Max Beyond the Thunderdome (1985). Tá sé deacair a shamhlú go bhfuil tríocha bliain caite ó bhí an gála deireanach againn. De reir scéil, tá Miller ar a chroí díchill le blianta ag iarraidh an cnuasach a athbheochan agus a athshamlú. I gcaitheamh na mblianta, léirigh an fear céanna a ildánacht le leithéidí Babe (1995) agus Lorenzo’s Oil (1992) agus Happy Feet (2006) ag teacht óna cheárta, saothair a ghnóthaigh ainmniúcháin Oscar agus an gradam féin do Happy Feet.

Gan amhras, tá an buiséad níos toirtiúla an babhta seo agus tá a rian san le feiscint. Cruthaítear domhan diostóipeach, iar-apacailipteach ar an bpointe boise. Talamh dearóil, gan rath agus an cine daonna ag streachailt leo ar éigean.

I Fury Road seachnaítear an scéal cúlra a bhí mar mháithreacha leis an gcéad ghála. Anseo cítear Max beagfhoclach le Tom Hardy ar an mbóthar ón gcéad luí súl agus léirítear dúnmharú a theaghlaigh in iardhearcaí fánacha. I bhfaiteadh na súl, tá an chéad tóir carranna sa tsiúl le Max ar a theitheadh ina chairt shainiúil. Ábhar iontais dom, áfach, nach bhfacthas sa chairt sin arís é i gcaitheamh an scannáin. Téann an laoch i mbunchomhghuaillíochta go drogallach le buíon ban atá ar theitheadh ón mbithiúnach Immortan Joe (Byrne). Tugann seo an deis dúinn lán ár gcuid súl a bhaint as toraíocht, lámhach, pléascadh, tuairteáil agus plimp, mar aon leis an dorn agus an bhuatais.

Tá comparáidí leis an dara gála (Road Warrior) an-soiléir agus is léir go bhfuil bithiúnach an scannáin seo múnlaithe ar Humungus. Ní nach ionadh, fágtar carachtracht in áit na leathphingne agus ar uairibh taibhsíodh dom nach raibh ann ach tóir carranna gan stad. Fiántas amach is amach atá anseo. Seatanna do dhuine ar thosach trucail ag seinnt an ghiotáir le bladhmanna ag teacht as an sáfach agus daoine ag ionsaí a chéile ar mhaidí léim chuaille.

Is cinnte nach mbeidh an goile ag gach éinne do tháirge den saghas seo ach is saothar é a luíonn go deas leis an gcnuasach as ar eascair é. Más fíor scéil, tá trí cinn eile ag teacht.

 

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Mad Max ag cur chun bóthair arís'