LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Get up and Go? B’fhearr do dhuine fanacht ag baile

Bhí aidhmeanna uaillmhianacha ag an scannán nua Éireannach Get up and Go, ach ar an drochuair níor thug sé a bhreac ar an bport

 

Get Up and Go

Get up and Go

Stiúrthóir/Scríbhneoir: Brendan Grant

Cliar: Peter Coonan, Killian Scott, Gemma-Leah Devereux, Sarah Lloyd Gregory

Éiríonn Cóilín (Scott) go drogallach as an leaba leis an duivé fáiscthe ina thimpeall de bharr an fhuachta. Tugtar faoi deara gur prochóg de thigh é agus déanann seat de ghaiste luch é sin a chur abhaile orainn. Mar dhlaoi mhullaigh ar leiriú na hainnise, cítear Cóilín bocht ag cur mála tae i ngloine pint. Deirimise gorta agus ainnise leat.

Ar an gcéad luí súl mar sin, taibhsítear dúinn gur léiriú é seo ar shaol na mac léinn ollscoile nó b’fhéidir scannán dlúthchairde grinn. Ní fada nó go gcuirtear na tuairimí sin de dhroim seoil. Carachtar gruama, beagfhoclach é Cóilín a bhfuil an saol ag luí go trom air.

Sa chéad radharc eile, címid Alex (Coonan) caite sa leaba i ndiaidh babhta leathair lena cháilín. Insíonn sí dó go bhfuil sí ag súil. Arís taibhsítear dúinn go mb’fhéidir go dtabharfar ar bhóthar an ghrinn sin – leagan Éireannach de Knocked Up (2007), b’fhéidir. Ní hamhlaidh atá, agus i ndiaidh míthuiscint faoi ghinmhealladh, éiríonn cúraimí dáiríre agus sollúnta.

Is amhlaidh atá leis an táirge iomlán: ar imeall an ghrinn ach á sheachaint ag an am céanna, éachtaint á thabhairt go sollúnta ar shaolta buíon cairde atá sna fichidí ach gan a bheith in ann baois na hóige a sheachaint ag an am céanna.

Dar liom gur dhein an scríbhneoir/stiúrthóir Brendan Grant iarracht leachta an dá thráigh a thabhairt leis. Teiptear go hiomlán ó thaobh an ghrinn mar dar liom nach bhfuil aon mhír nó radharc a bhainfeadh gáire asat ó thús deireadh agus is mór an trua sin óir tá féith an ghrinn go smior i Coonan. Féach an tslí gur snáitheadh an greann leis an tromchúis in Adam agus Paul (2004).

Níl an éachtaint a thugtar ar shaolta na n-ógánach thar mholadh beirte ach an oiread. Táirge foclach atá anseo leis an mbeirt cheann feadhain, Alex go háirithe, ag cur díobh ar dalladh agus iad ag tiomáint/siúl timpeall na cathrach.

Tá sin ceart go leor má tá do pheann chomh deisbhéalach le Aaron Sorkin. Anseo, áfach, téann nádúrthacht na gcarachtar sa bhfraoch orainn agus téann rudaí chun leadráin. Is beag bá atá againn leis na carachtair, dá réir, cé go ndéanann Coonan thar éinne a chroí díchill.

Dhein Love/Hate cótaí bána na foirne, anseo in Éirinn pé scéal é. Anois ní féidir táirge Éireannach a fheiscint gan na haisteoirí sin. Go pointe, tá carachtair na sraithe sin ina néal os a gcionn agus é an-deacair orthu éalú ó chuibhreacha Fran, Tommy et al. Tá Scott ach go háirithe ag streachailt lena charachtar nach bhfuil chomh dea-scríofa sin. Déanann Coonan a dhícheall ach cuireann an scríbhinn dá bhuille é go minic. Ina theannta sin, samhlaíodh dom ar uairibh go bhfuil siad róchríonna dá rólanna.

Bhíos ag fanacht le go dtarraingeofaí go cíoná as cúl glaice mé ach ar an drochuair níor tharla sin agus fhrithbhuaic í an chríoch.

Bhí aidhmeanna uaillmhianacha ag an scannán seo ach ar an drochuair níor thug sé a bhreac ar an bport.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Get up and Go? B’fhearr do dhuine fanacht ag baile'