LÉIRMHEAS SCANNÁIN: B’fhearr do McConaughey seal a chaitheamh i saorstát na Gaeltachta

Cé go dtugann Matthew McConaughey taispeántas snasta uaidh i ‘Freestate of Jones’ is easnamhach an scannán é a chuaigh chun leadráin is é ag tarraingt ar cheann scríbe

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: B’fhearr do McConaughey seal a chaitheamh i saorstát na Gaeltachta

Free State of Jones
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Gary Ross
Cliar: 
Matthew McConaughey, Gugu Mbatha-Raw, Mahershala Ali, Keri Russell, Christopher Berry

Thosaigh na Coláistí Gaeilge ag rith le brothall agus ag satailt ar a chéile an tseachtain seo caite nuair a tháinig an scéal a fhad leo go raibh an réalt mór le rá Matthew McConaughey ag iarraidh go bhfoghlaimeodh a chlann Gaeilge.

Fad is a bhí an fothragadh ar siúl abhus bhí an táirge is déanaí ón bhfear gur ansa leis a bheith gan léine á sheoladh sna pictiúrlanna. Caint sa tsiúl le tamall go mb’fhéidir gurb é seo an saothar a ghnóthódh a dhara duais Oscar dó.

Cé gur thug McConaughey taispeántas snasta uaidh, mar is dual dó ó d’éalaigh sé ó iomaire na dtáirgí neafaiseacha, ba tháirge easnamhach é a chuaigh chun leadráin is é ag tarraingt ar cheann scríbe.

An seanscéal céanna arís faoi scéal bunaithe ar scéal fíor, mar dhea. Bíodh sin mar atá, agus na staraithe i muineál a chéile, bhí an chreatlach anseo le scannán le dealramh a sholáthar.

Cogadh Cathartha Mheiriceá faoin lán seoil sa chéad radharc le Newton Knight ag iompar na saighdiúirí gortaithe ó pháirc an áir. Deirimse ár leat. Is fada cáil ar bhrúidiúlacht an chogaidh úid agus bhí radharcanna d’fhoréigean gléineach, ach gan údar ar uairibh, á raideadh chugainn. Marú fear gaoil ba ea buille maraithe na muice dó agus thréig sé an chogaíocht leis an gcorp a chur i gcré na cille ar an bhfód dúchais.

Ní túisce é ag baile ná go gcuaigh sé in adharca údarás na Cónaidhme, dream a léiríodh mar thíoránaigh a bhí ag déanamh cos ar bolg ar an gcosmhuintir, dream nach raibh acu riamh ach ón lámh go dtí an béal.

I ndiaidh eachtra amháin téann Newt ar a theitheadh sa chorcach áitiúil mar a dtáinig sé ar sclábhaithe a bhí éalaithe óna máistrí.

Cuireadh gluaiseacht le chéile agus de réir a chéile bhí meascán mearaí de chomhghuaillíocht againn ina raibh feirmeoirí beaga, sclábhaithe, tréigtheoirí arm, mná agus leanaí. Iad aontaithe ina n-iarrachtaí srathair thíoránach na cogaíochta, na máistrí agus an airm a chur díobh.

Is ina dhiaidh sin arís a dhéantar an ‘Free State of Jones’ a fhógairt, cé go gcuaigh a bhunús sa bhfraoch orm.

‘Cogaíocht faoi chadás,’  a bhí sa chogadh, a dúradh linn go seanbhlastúil. Ba dheacair easaontú leis sin nuair a dúradh go bhfuair siad siúd go raibh úinéireacht acu ar bhreis agus 20 sclábhaí díolúine ón arm. Cuireadh abhaile orainn arís agus arís eile gur coimhlint aicmeach a bhí ar bun agus coimhlint chine fite fuaite leis.

Ar feadh scaithimh, mheasas go leanfadh an táirge lorg The Patriot, saothar aicsin Mel Gibson. Níorbh fhada, áfach, gur imigh an ghaoth as seolta an aicsin agus sin i dtaobh le seanmóireacht fhadálach Newt.

Bhí ualach na staire ag luí go trom ar an táirge agus d’fhág sin blas eipeasóideach air, go mórmhór i dtreo an deiridh. B’éigean saol Newt a leanúint tar éis an chogaidh agus é ag dul sáite i ngluaiseacht chearta sibhialta na n-iarsclábhaithe.

Deineadh iarracht chiotach scéal a bhain le duine dá shliocht a shníomh isteach ach cailleadh léim an dá bhruach.

Saothar é seo a bhí bunaithe ar fhear a raibh eachtraí suimiúla difriúla ina shaol i dtréimhse chorraithe. Níor éirigh leis an scannán seo na nithe ar fad a chniotáil le chéile chun mo shástachta.