Scéal léanmhar á reic go cumasach in ‘Atlantic’ suaite Uí Dhomhnaill

Cé go bhféadfadh lucht an tsearbhais a mhaíomh gur cur síos aontaobhach, claonta atá in 'Atlantic', is deacair a shamhlú go bhféadfadh an t-urlabhraí is deisbhéalaí an easpa cothromaíochta seo a chosaint chun ár sástachta

DSC_0334-600x300

Atlantic

Stiúrthóir: Risteard Ó Domhnaill

Cliar: Brendan Gleeson

Bhí a fhios agam go gcuirfeadh ábhar an scannáin seo díomá agus drochmhianach orm. Lucht an rachmais ag déanamh cos ar bolg ar an gcosmhuintir agus polaiteoirí ag satailt orthu siúd a bhfuilid in ainm is freastal orthu. Acmhainní á scaoileadh le sruth, neamhshuim, neamhthuiscint, saint, bréaga agus caimiléireacht.

Thug Risteard Ó Domhnaill ar a mhacasamhail de thuras sinn in 2010 nuair a thug sé dearcadh an duine a bhfuil cos istigh aige ar fheachtasaíocht mhuintir Iorrais i gcoinne Shell. Tá machaire níos fairsinge anseo aige agus éachtaint á thabhairt ar phobail iascaireachta in Éirinn, i dTalamh an Éisc agus san Iorua. Pobail atá faoi bhagairt nó sna croití deireanacha. Le tráchtaireacht Brendan Gleeson ár dtionlacan, déantar scéal léanmhar a reic go cumasach.

Is léir go bhfuil caidreamh iontach cothaithe ag Risteard leis na rannpháirtithe, rud a thóg neart ama mar is léir ós na dátaí a luaitear. Táid ar a gcompord leis agus é leo.

Ag an tús tugtar an lucht féachana ar thuras siar bóithrín na smaointe go Talamh an Éisc na nóchaidí mar a raibh an cosc ar iascach trosc mar chreill bháis do phobail chósta. Ballraíocht na hÉireann san Aontas Eorpach ba chúis le cearta iascaireachta na hÉireann imeacht le fán. Feall á dhéanamh ar iascairí ar mhaith le deontais talmhaíochta. An tsaint chun ola san Iorua ag fágaint uiscí iascaireachta na tíre i mbaol. Mic tíre na hola ag seilg in Éirinn chomh maith, agus polaiteoirí ag lútáil orthu.

Fíricí á raideadh chugainn ar dalladh. 25% d’uiscí iascaireachta an Aontais Eorpaigh ag Éirinn ach gan ach 4% de na cuótaí againn. $9 mbilliún á sholáthar ag an iascaireacht do gheilleagar na hIorua, Éire i dtaobh le 6% den fhigiúr sin. Agus buille maraithe na muice: is ar éigean go bhfaighidh an státchiste an phingin rua féin as tobar gáis na Coiribe.

Labhraíonn na hiascairí go maoithneach faoin iascaireacht mar ghairm bheatha agus mar sheoid le fágaint le huacht. Mothaíonn siad ar fad go bhfuilid fágtha in áit na leathphingine. Máirtín Éanna Ó Conghaile (ón mbád Iúda Naofa a chuaigh go tóin poill anuraidh agus a raibh clár faisnéise ar TG4 faoi) ag cur síos go truamhéalach ar dhrochstaid an iascaire Éireannaigh. Na báid neafaiseacha Éireannacha ceangailte le cé fad is atá piardaí móra na hEorpa ag sú isteach éisc (agus á gcaitheamh amach go mídhleathach nuair nach luíonn siad le brabús). Jerry Early ó Árainn Mhór os comhair na cúirte mar gheall ar chúpla iasc fad is atá na báid mhóra cúpla míle amach san fharraige ag tiomáint ar lánluas trí gach píosa reachtaíochta agus rialachán.

JerryEarly

Cé go bhféadfadh lucht an tsearbhais a mhaíomh gur cur síos aontaobhach, claonta atá anseo is deacair a shamhlú go bhféadfadh an t-urlabhraí is deisbhéalaí an easpa cothromaíochta seo a chosaint chun ár sástachta.

Meabhraítear tús an scannáin ag a dheireadh. Thit an tóin as tionscal na hiascaireachta sna ‘Grand Banks’ mar nár deineadh an acmhainn a bhainistiú mar is ceart. Deir Kevin Flannery, ón Daingean, is é ag labhairt go heolgaiseach, paiseanta go bhfuilimidne anois ar bharr na haille, nach bhfuil an méid atá ag tarlú i láthair na huaire inmharthana agus go bhfuil an-bhaol ann go dtitfidh an tóin as na stoic éisc.

An t-aon ardú meanman a bhain leis an saothar ná an tslí go ndéantar acmhainní ola na hIorua a bhainistiú agus gaiscí Danny Williams, príomhaire Thalamh an Éisc idir 2003 agus 2010; fear a thug dúshlán an gcomhlachtaí ola agus an Rialtais lárnaigh lena chinntiú go bhfaigheadh a cheantar dúchais a gcantam féin den rachmas.

’Sé a leithéid atá ag teastáil abhus má tá acmhainní na farraige le caomhnú agus le húsáid ar mhaithe leis an bpobal ar fad.