LÉIRMHEAS RAIDIÓ: Dhá chlár fhiúntacha a chuireann beocht i sceideal RnaG

Tháinig dhá chlár nua chugainn ar RnaG maidin Dé Sathairn, ceann i ndiaidh a chéile; An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra agus Bláthnaid Libh le Bláthnaid Ní Chofaigh

Bláthnaid

Leis an mbús ar fad le seachtainí anuas faoi sceidil fómhair na gcainéal teilifíse, mhaithfí dúinn as sceidil na stáisiúin raidió a ligean chun dearmaid ábhairín.

Tá a dtionsnaimh féin á mbeartú acusan, áfach, agus ag RnaG chomh maith le duine. Tá an chuma ar an scéal gur bheartaigh lucht Chasla gurb í an chloch is mó ba cheart a bheith ar a bpaidrín ná beocht as an nua a chur i sceideal na deireadh seachtaine.

Chuige sin, tháinig dhá chlár nua chugainn maidin Dé Sathairn, ceann i ndiaidh a chéile; An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra agus Bláthnaid Libh le Bláthnaid Ní Chofaigh.

Clár cúrsaí reatha uair an chloig é táirge Mháirín. Meascán de chlár Marian Finucane, Playback agus Seó Beo an tSathairn atá anseo le macallaí d’Adhmhaidin le sonrú chomh maith.

Is saoi cúrsaí reatha í Máirín agus duine de na láithreoirí is cumasaí atá ag RnaG. Ba chinneadh mór a bhí ann í a bhogadh go dtí an deireadh seachtaine.

Déantar iarracht múnlaí nua a chruthú do RnaG anseo; comhrá faoin nuacht áitiúil agus réigiúnda le ceathrar aíonna ar fud na tíre agus tuairisc ón Eoraip le hEoin Ó Catháin.

Éacht a bhí ann Enda Kenny a fháil le hagallamh a dhéanamh agus bhaineas súp as an ngeit a baineadh as an Taoiseach nuair a chuaigh Máirín sa tóir air go diongbháilte faoi cheist na teanga. An t-ábhar díomá a bhí agam nach raibh buíon bailithe timpeall an bhoird le comhrá a dhéanamh ar scéalta na seachtaine faoi mar a bhíonn ar chláracha eile, agus faoi mar a bhí ar Seó Beo an tSathairn tráth.

Tuigim gur bacanna tíreolaíocha agus airgeadais is cúis leis seo, b’fhéidir, ach is dóigh liom go leanann atmaisféar agus dinimic faoi leith comhráití dá leithéid. Ina uireasa sin, cuirtear an-bhrú ar an láithreoir na comhráití a choimeád sa tsiúl go nádúrtha. Ina ainneoin sin, táim cinnte go mbaileoidh an clár seo lucht leanúna dílis.

Táirge níos éadroime a bhí idir lámha ag Bláthnaid Ní Chofaigh agus í buailte fúithi i mBaile Átha Cliath. Tá an chuma ar an táirge seo go bhfuil sé dírithe ar dhaoine óga, tuismitheoirí, mná agus iad siúd atá ar bheagán Gaeilge. Tá na haidhmeanna sin astu féin le moladh.

Arís eile, tá an-iarracht déanta múnla nua a chruthú le meascán mearaí de mhíreanna éagsúla: Taxi Radio (ag caint le tuismitheoirí atá ag dul ó philéar go posta lena leanaí), Tá a fhios ag Chris (paiste cadrála le láithreoir 2FM), Raidió Ráiméis (paiste cuileachta ón dream a thuill clú dóibh féin ar Raidió na Life) agus Bain Triail As (mír ina gcuirtear agallamh beag Gaeilge ar dhaoine le beagán Gaeilge, Derek Mooney an tseachtain seo). Ina theannta sin, áfach, bhí comhrá sollúnta le Liam Ó Maolaodha faoin dráma In the Language of the Mute.

Rith sé liom ar an bpointe go bhfuil sé an-dúshlánach clár den saghas seo a chur i láthair; míreanna difriúla, é riachtanach an comhrá a choiméad éadrom, taitneamhach i gcónaí agus ag brath ar rannpháirtithe ar chumais éagsúla.

Éiríonn le Bláthnaid a cúraimí a dhéanamh go slachtmhar, í misniúil, nádúrtha agus breá ábalta an luas agus atmaisféar a athrú, de réir mar is gá. Gan amhras, bhí míreanna áirithe a d’oibrigh níos fearr ná a chéile. Níor thuigeas an bunús a bhí le míreanna áirithe agus d’fhéadfadh cinn eile imeacht chun leadráin tar éis scaithimh.

Tríd is tríd, is dhá chlár fhiúntacha iad seo a dhéanann iarracht iomairí nua a threabhadh agus beocht a chur i sceideal deireadh seachtaine RnaG.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS RAIDIÓ: Dhá chlár fhiúntacha a chuireann beocht i sceideal RnaG'